LÉAMHTHUISCINT – An bhfuil púicín éigin ar roinnt ionadaithe poiblí faoi stair ár muintire féin?

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT – An bhfuil púicín éigin ar roinnt ionadaithe poiblí faoi stair ár muintire féin?

1. Bhí naonúr clainne ar mo shin-seantuismitheoirí, Pádraig ‘Deibhinn’ de Mórdha agus Céit Nóra Ní Chatháin i mBaile an Ghleanna i nDún Chaoin ag tús an chéid seo caite. Éinne amháin den naonúr sin, m’athair críonna, nár chuaigh ar imirce.

2. B’amhlaidh a bhí i bhformhór gach tigh ar an mbaile, sa pharóiste, ar an leithinis agus ar chósta thiar na hÉireann ar feadh formhór an chéid seo caite, agus leath an chéid roimhe sin. Go Meiriceá siar do chuadar, agus go Londain is Leeds is Liverpool is Glaschú is gach áit idir eatarthu, agus nuair a chuireadar ancaire síos sna tíortha nua, thosaíodar ag seoladh puint agus dollair abhaile go dtí an tseanmhuintir. Ní gá dom é sin a mhíniú d’éinne go bhfuil aon ní in aon chor idir an dá chluas acu, nó aon tuiscint acu ar stair na tíre seo.

3. Ní fheadar an dúire nó ciníochas ba chúis le caint Teachta Dála sa Dáil an lá eile, ach is cosúil go bhfuil púicín éigin air maidir le stair a mhuintire féin agus faoi shochaí na hÉireann sa lá inniu. Nuair a cháin sé an méid airgid a bhí á sheoladh abhaile chun na Nigéire ag imircigh as an tír sin, bhí na figiúirí a bhí in úsáid aige bunaithe ar eolas míchruinn. Nuair a léirigh sé droch-amhras ar cad as a bhí an t-airgead sin ag teacht, bhí sé á chur in iúl go raibh rud éigin amhrasach fén bpobal imirceánach ar fad ón tír sin. Is é a bhí á rá aige, idir na línte mar dhea, ná nach féidir aon iontaoibh a bheith againn as muintir na Nigéire.

4. B’fhéidir go bhfuil sé d’ádh ar an Teachta Dála as Gaillimh nach mbíonn sé coitianta san ospidéal, ach aon uair a bhíos-sa in Ospidéal na hOllscoile Ciarraí i dTrá Lí, ón Nigéir ab ea scata de na haltraí agus na dochtúirí a bhí ann. Aon uair a chaitheas seal le mic agus iníonacha léinn i gcoláiste na hollscoile Corcaigh, bhí scata ón Nigéir ina measc siúd chomh maith.  Sceartáin nó súmairí ar an eacnamaíocht is ea na daoine seo, dar leis, ag sú airgid ón tír seo agus iad á sheoladh thar lear. Caint an-dainséarach í sin, go háirithe i bpríomhfhóram cainte na tíre seo, Dáil  Éireann, agus bhrisfeadh sé do chroí an méid daoine a bhí ag tacú leis ar líne agus ar chláir raidió.

5. Bhí Teachta Dála amháin ó Iarthar Chorcaí ag tacú lena cheart an cheist a chur. Airgead a sheol mianadóirí abhaile go Béarra ó mhianaigh Butte Montana agus scata áiteanna eile a choinnigh an leithinis sin beo ar feadh i bhfad. Bhí Teachta Dála Chill Gharbháin ann, Michael Healy-Rae. An mó post i Sasana a chruthaigh leithéidí na ndeartháireacha Murphy nó Danny Tim O’Sullivan ó chontae dúchais Healy-Rae, agus an mó pingin agus punt a sheol na hoibrithe sin abhaile go Ciarraí? Sin gan trácht ar chontae na Gaillimhe. An bhfuil aon chontae in Éirinn a bhí ag brath chomh mór ar airgead na n-imirceach chun saol níos fearr a chruthú? Murach na litreacha sin ó Mheiriceá ina raibh cúpla dollar, ní bheadh faic i gConamara inniu ach faoileáin, caróga agus clocha.

6. Sin mar a bhí agus sin mar atá ag gach grúpa imirceach ar fud an domhain. Fágann daoine a dtíortha dúchais mar go mbíonn saol níos fearr le fáil acu i dtír éigin eile agus seolann siad airgead abhaile nuair is mó speilp orthu féin ná ar a ndaoine muinteartha ag baile. I litir a scríobh Tomás Dhónaill Criomhthain ’dtína mhac Tomás i 1932, dhein sé cur síos ar an gcual airgid a bhí ag teacht ó Mheiriceá go dtí an Blascaod: “People in this country want’s all the dollars in the state’s themselves whatever way ye are getting on there. If you would see all the green ribbons [dollair] that the post bag lately, you couldn’t say that”. Ba cheart an litir sin a thaispeáint do Theachtaí Dála agus iad ag caitheamh amhrais ar imircigh.

7. Ní faide gob na gé ná gob an ghandail, ach is cosúil nach mar a chéile sinne, náisiún imirceánach, agus na hinimircigh atá tagtha chugainne, dar le daoine áirithe. An bhféadfadh gur bunaithe ar dhath craicinn nó ar theanga labhartha, ciníochas más maith leat, a bhíonn tuairimí na ndaoine seo bunaithe seachas ar imní faoin tslí ar saothraíodh an t-airgead a sheolann na himircigh abhaile?

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Léiriú is ea scéal an teaghlaigh seo ar nós seanbhunaithe in Éirinn. Cén nós é sin? (alt 1)
  2. Cad iad na háiteanna is mó a dtéadh muintir iarthar Chiarraí ar imirce? (alt 2)
  3. Conas a chabhraigh an imirce sin leis na daoine a d’fhan sa bhaile? (alt 2)
  4. Luann an t-údar dhá chúis a d’fhéadfadh a bheith leis an amhras a bhíonn ar dhaoine faoi imircigh. Cad iad? (alt 3)
  5. Deir an t-údar go bhfuil roinnt daoine in Éirinn dall ar a stair féin? Mínigh an chúis atá aige leis an tuairim sin. (alt 3)
  6. Céard a thug an t-údar faoi deara nuair a thug sé cuairt ar an ospidéal? (alt 4)
  7. Cén bhaint a bhí ag na mianaigh i Meiriceá le geilleagar iarthar Chorcaí? (alt 5)
  8. Bheadh Conamara bánaithe murach airgead na n-imirceach, a deir an t-údar. Mínigh. (alt 5)
  9. Cén fáth gur cheart litir Thomás Criomhthain a thaispeáint do theachtaí Dála a bhfuil amhras orthu faoi imircigh? (alt 6)
  10. Ciníoch, cancrach, tuisceanach, carthanach, borb, leathanaigeanta, feargach – cé acu seo is fearr a d’oirfeadh le cur síos a dhéanamh ar an údar, dar leatsa. Tabhair cúis le do rogha.

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh an dalta sin an dara halt duitse. Leanaigí oraibh ar bhur seal go deireadh an tsleachta.
  • Léigh na ceisteanna i gCleachtadh 1 arís agus pléigí na freagraí éagsúla atá agaibh beirt. 

Gníomhaíocht 3 – Deis Taifeadta

  • Léigh ceann de na hailt agus tú do do thaifeadadh féin.
  • Éist leis an taifeadadh sin.
  • Anois leis an taifeadadh a rinne daoine eile sa rang.

Gníomhaíocht 4 – Nathanna Cainte: Bígí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
  • Cuir trí cinn eile in abairtí scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocail tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 – Cúinne an Gramadaí

  1. Faigh sampla d’aidiacht in alt 1.
  2. Faigh ainm briathartha in alt 2.
  3. Faigh sampla d’ainmfhocal firinscneach san uimhir iolra in alt 4.
  4. Faigh breischéim aidiachta in alt 7.
  5. Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:

Muintir (an Nigéir) a bhí á lua aige.
Ní haon saoire é saol (na himircigh).
Litir (an mac) go dtí a hathair.
Bhí cual mór (airgead) saothraithe aige.
Ar thóir (an t-eolas cruinn) a bhí mé.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT – An bhfuil púicín éigin ar roinnt ionadaithe poiblí faoi stair ár muintire féin?'