Léamhthuiscint 10 – Cad é a tharlóidh do na daoine atá ag cur fúthu ar na hoileáin sa teochrios nuair a ardóidh na tonnta?

Léamhthuiscint 10 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 10 – Cad é a tharlóidh do na daoine atá ag cur fúthu ar na hoileáin sa teochrios nuair a ardóidh na tonnta?
  1. Meastar go mbeidh na tonnta a bheidh ag briseadh ar na hoileáin ísle sa teochrios 2.4 níos airde in 2100 ná mar a bhíonn siad faoi láthair. Tugadh sin le fios in alt san iris eolaíochta Science Advances le déanaí. Tá sé tábhachtach do phobal na n-oileán trópaiceach, mar sin, nach gcaillfí na sceireacha coiréalaigh atá thart orthu mar cosnaíonn siad na hoileáin sin ar na tonnta arda. Nuair a bheidh na tonnta níos airde beidh creimeadh an chósta níos measa agus tuilte farraige níos coitianta dá bharr. Má tharlaíonn sé sin, cuirfear an ruaig ar phobail na n-oileán sa teochrios. 
  2. Tá cuid mhór de na hoileáin sa teochrios ar a bhfuil daoine ag cur fúthu an-íseal.  Thig le daoine cur fúthu orthu mar go bhfuil sceireacha coiréalaigh thart orthu.  Briseann na tonnta ar na sceireacha sin agus ní bhuaileann fuinneamh iomlán na dtonnta na hoileáin. Murach na sceireacha, bheadh na tonnta móra ag briseadh díreach ar na hoileáin féin.  Bheadh tuilte níos coitianta, agus ní bheadh daoine in inmhe maireachtáil ar chuid mhór de na hoileáin sin.
  3. Tá sceireacha coiréalaigh faoi ionsaí faoi láthair.  Tá an fharraige ag éirí níos aigéadaí de réir a chéile agus cuireann sin cosc ar fhás an choiréalaigh.  Tá sé níos deacra cailc an choiréalaigh a tháirgeadh i bhfarraige ag a mbíonn pH íseal (bíonn sí níos aigéadaí). Anuas air sin, tá ceimiceáin, luibhicíd san áireamh, a thagann ón tír mór ag cur isteach ar na halgaí ar a bhfuil an coiréalach ag brath.  Gan na halgaí sin, ní bheadh sceireacha ag fás agus de réir a chéile rachadh siad i laige agus in éag.
  4. Chun a fháil amach cad é a tharlóidh do na pobail atá ag cur fúthu ar na hoileáin sa teochrios, chruthaigh foireann idirnáisiúnta ionsamhlú den dóigh a bheadh athruithe domhanda ag cur isteach ar na sceireacha agus ar chósta na n-oileán idir seo agus an bhliain 2100. Dhírigh siad ar an dóigh a mbeadh seasmhacht na sceireacha agus leibhéal na mara ag cur isteach ar airde na dtonnta. Má ardaíonn leibhéal na mara mar atáthar a thuar agus má leanann an coiréalach ag dul i laige, beidh tonnta a bheidh 2.4 níos airde ná mar a bhíonn siad faoi láthair ag briseadh ar chósta na n-oileán.  Cé go bhfuil tábhacht le leibhéal na mara san ionsamhlú seo, is í seasmhacht na sceireacha an toisc is tábhachtaí. 
  5. Dá bharr sin, dá stopfaí meath an choiréalaigh, ní bheadh na tonnta chomh hard.  Má thig linn na sceireacha a chosaint ní bheidh an dochar chomh holc sin.Is féidir cosc a chur leis an dóigh a chuireann muid isteach ar na sceireacha.  Le blianta beaga anuas tá níos lú truaillithe ag teacht as Poblacht na hIndinéise ná mar a bhíodh.  Tá biseach tagtha ar an choiréalach ansin i ndiaidh dó a bheith ag dul i laige le blianta. Má thig deireadh a chur le meath na sceireacha, mar a tharla san Indinéis, tá seans ann go mbeifear ábalta na hoileáin agus a bpobal a chosaint sna blianta amach romhainn.
  6. Bhíodh truailliú ón mórthír ag cur isteach go mór ar an choiréalach sa Mhórsceir Bhacainneach san Astráil.  Ach, ar an drochuair, níor tháinig aon athrú ar an scéal ansin go fóill. Má leanann muid ar aghaidh gan dada a dhéanamh mar a tharla san Astráil, agus má tá an ceart ag na taighdeoirí a chuir an fhianaise is déanaí os ár gcomhair, beidh cúrsaí dian ar phobail na n-oileán teochreasa.  Ach, is léir ón taighde seo go bhfuil bealach ann chun dul i ngleic leis an fhadhb.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cad a bheidh ag tarlú in 2100? (alt 1)
  2. Cén fáth a luaitear an iris Science Advances? (alt 1)
  3. Cén fáth a bhfuil na sceireacha coiréalaigh tábhachtach? (alt 2)
  4. Deirtear in alt 3 go bhfuil an fharraige ag éirí níos aigéadaí. Cad í an fhadhb a chruthaíonn sé seo?
  5. Cén fáth a luaitear ceimiceáin agus luibhicíd in alt 3?
  6. Céard a rinne an fhoireann idirnáisiúnta? (alt 4)
  7. Céard is féidir linn a dhéanamh leis na sceireacha a chosaint? (alt 5)
  8. Cén fáth a luaitear Poblacht na hIndinéise in alt 5?
  9. Tabhair achoimre ar alt 6.

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

  1. Cén sórt duine é an t-údar seo, meas tú?
  2. Cén cúlra/post atá aige, meas tú?
  3. Cén fáth a bhfuil sé deacair deireadh a chur le truailliú, meas tú?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid lena chéile agus a phlé.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar saor sa mhodh coinníollach in alt 1. 
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra in alt 2.
  • Aimsigh sampla de chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 1.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir fháistineach:
    (Ní + bácáil) mé aon arán an deireadh seachtaine seo.
    (Taispeáin + briathar saor) an scannán sin an mhí seo chugainn.
    (Fógair + briathar saor) an post go luath.
    (Ní + faigh  + muid) aon am saor amárach.
    (An + tabhair) tú cabhair dom ar ball?

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

Céard a cheapann tú féin faoi thruailliú na timpeallacht?

Céard is féidir linn a dhéanamh faoi?

Nodanna/Feidhmeanna Teanga: cuir tuairimí láidre in iúl, déan cáineadh, tabhair moladh, déan éileamh, tabhair rabhadh.

  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 10 – Cad é a tharlóidh do na daoine atá ag cur fúthu ar na hoileáin sa teochrios nuair a ardóidh na tonnta?'