Léamhthuiscint 03 – ‘Níl aon mhúinteoirí Gaeilge le fáil agus níl aon phlean ag an Roinn’ – Colm O’Rourke

Léamhthuiscint 03 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 03 – ‘Níl aon mhúinteoirí Gaeilge le fáil agus níl aon phlean ag an Roinn’ – Colm O’Rourke
  1. Drochphleanáil na Roinne Oideachais is cúis leis an nganntanas múinteoirí Gaeilge, dar le duine de na príomhoidí scoile is aitheanta in Éirinn, an tráchtaire peile Colm O’Rourke. Agus é faoi agallamh le Tuairisc.ie, dúirt an t-iarpheileadóir atá ina phríomhoide ar Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh go bhfuil géarchéim ann maidir le soláthar múinteoirí Gaeilge. Mhol O’Rourke chomh maith go mbeadh ar gach ábhar oide dara leibhéal bliain iomlán dá gcúrsa a chaitheamh sa Ghaeltacht más fúthu a bheith ina múinteoirí Gaeilge.
  2. Dúirt O’Rourke le Tuairisc.ie go mbeidh folúntas do mhúinteoir Gaeilge ina scoil féin, nuair a imeoidh múinteoir ar shaoire mháithreachais an mhí seo chugainn ach go bhfuil ag teip air teacht ar mhúinteoir Gaeilge a thiocfadh ina háit. “Níl aon mhúinteoirí Gaeilge ann. Is amhlaidh an scéal i ngach scoil, de réir cosúlachta, agus sin an scéal a bhíonn ar bhéal gach príomhoide nuair a chasaim leo ag cruinnithe. Ní féidir leo teacht ar mhúinteoirí ionaid don Ghaeilge, ar mhúinteoirí lánaimseartha Gaeilge. Níl duine ar bith ann le Gaeilge a mhúineadh.“Tá fógra déanta trí uaire agam cheana féin don fholúntas i mo scoil féin agus ní bhfuair mé oiread is freagra amháin ar na fógraí sin. Is léir nach bhfuil na múinteoirí ann,” a dúirt O’Rourke.
  3. Dúirt sé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil “aon phleanáil cheart” ar bun ag an Roinn Oideachais le dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí Gaeilge agus gur “in olcas” atá an scéal ag dul. “Shílfeá go mbeadh na daoine cliste ar fad atá fostaithe sa Roinn in ann a fheiceáil céard atá ag tarlú agus in ann a oibriú amach cá bhfuil na céimithe Gaeilge ag dul nó cén fáth nach bhfuil mic léinn ag tabhairt faoin nGaeilge ar chor ar bith.”
  4. “Tá an mháistreacht san oideachas atá molta costasach. Chuirfeadh an costas sin agus an dá bhliain staidéir eile bac ar dhuine tabhairt faoin múinteoireacht. Déarfadh duine óg leis féin ‘cén fáth a gcaithfinn dhá bhliain eile ag plé leis an ardoideachas nuair a d’fhéadfainn a bheith ag obair áit éigin eile?’. Anuas air sin,  na daoine a thugann faoi na cúrsaí, bíonn an t-airgead go dona acu nuair a fhaigheann siad jab múinteoireachta,” a dúirt sé.Dúirt Colm O’Rourke go bhféadfadh sé tarlú gurb é an toradh a bheadh ar “neamhaird agus easpa pleanála” an rialtais i leith na géarchéime maidir le múinteoirí Gaeilge, go mbeifí in ann a mhaíomh amach anseo gur ghá ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge cheal múinteoirí.
  5. “Is dóigh liom nach bhfuil i gceist ach drochphleanáil ón Roinn Oideachais. Is léir do gach duine eile go bhfuil ganntanas ann. Caithfidh go bhfuil sé tugtha faoi deara ag an Roinn féin, ach tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil aon rud beartaithe acu le dul i ngleic leis,” a dúirt sé. Dúirt an tráchtaire aitheanta gur mheasa an scéal anois ó ardaíodh an riachtanas Gaeilge chun áit a fháil i gcoláistí oiliúna múinteoirí. Bheadh sé i bhfabhar, a dúirt sé, an riachtanas sin a laghdú ach tabhairt ar an uile ábhar oide bliain iomlán dá gcúrsa a chaitheamh sa Ghaeltacht. “Leigheas a bheadh ansin ar an bhfadhb uilig, nach ea? Chinnteodh sé go mbeadh labhairt agus scríobh na Gaeilge acu. Mealladh agus ní díbirt atá ag teastáil. Scaoil isteach iad cuir go dtí an Ghaeltacht iad ar feadh bliana agus déan cinnte de go bhfuil siad in ann í a mhúineadh. Tagann daoine óga chugamsa agus deirim leo rud éigin stuama a dhéanamh ar nós Gaeilge nó Matamaitic.

“Caithfear daoine a mhealladh chun Gaeilge a dhéanamh sa choláiste agus don mháistreacht ghairmiúil san oideachas. Ach caithfimid níos mó a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn i gcoitinne, nach gcaithfidh?” a dúirt Colm O’Rourke le Tuairisc.ie.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cad is cúis leis an nganntanas múinteoirí, dar le Colm O’Rourke? (alt 1)
  2. Cén moladh atá aige? (alt 1)
  3. Cad deir sé faoin bhfolúntas ina scoil féin? (alt 2)
  4. Cad deirtear faoin Roinn Oideachais? (alt 3)
  5. Cén locht a fhaigheann sé ar an gcúrsa máistreachta? (alt 4)
  6. Cad a bhíonn daoine óga a rá leo féin? (alt 4)
  7. Cén fáth go luaitear an baol go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach? (alt 4)
  8. Mínigh an tuairim atá aige maidir leis an riachtanas iontrála ó thaobh na Gaeilge. (alt 5)
  9. Cad é an moladh atá aige ó thaobh chaighdéan Gaeilge na múinteoirí? Alt 5)
  10. I d’fhocail féin, tabhair achoimre ar an dearcadh/na tuairimí atá ag O’Rourke i leith an ábhair seo?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla do bhriathar sa Mhodh Coinníollach in alt 4.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa Tuiseal Ginideachuatha in alt 5.
  • Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 2.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir fháistineach:
  • (Glaoigh) Seán ort amárach.
  • (Faigh) mé an taobh eile den scéal ó Sheán ar ball.
  • (Smaoinigh + muid) ar phlean eile níos cóngaraí don am.
  • (Téigh + siad) amárach ar an bpáirc ag a trí a chlog.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Céard a cheapann tú féin don Ghaeilge?

Céard a cheapann tú faoin gcúrsa Gaeilge?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir tuairimí láidre in iúl, déan seasamh láidir a thógail, déan moladh agus cáineadh.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 03 – ‘Níl aon mhúinteoirí Gaeilge le fáil agus níl aon phlean ag an Roinn’ – Colm O’Rourke'

  • Maire

    Ní chasann an chuid is mó de na hábhair oidí ar an nGaeilge toisc iad a bheith sa Ghaeltacht, beag an baol. Ón taithí atá agamsa orthu ní thugann siad aon aird ar an áit ina bhfuil siad ná ar na daoine atá ina gcónaí ann. ‘Selfies’ agus dáir a bhíonn ag déanamh tinnis dóibh.