Laochra rásaí capall nach raibh ina gcloigeann ar dtús ach an pheil Ghaelach

An tAcadamh Traenála do Mharcaigh atá ar Churrach Chill Dara a chuir ar bhealach a leasa iad

Laochra rásaí capall nach raibh ina gcloigeann ar dtús ach an pheil Ghaelach

Leigh Roche agus ag Rossa Ryan. Pictiúr: INPHO

Mar mharcaigh chapall tá cleachtadh mhaith faoi seo ag Leigh Roche agus ag Rossa Ryan ar fheistis ildaite a chaitheamh. Murach cor a tháinig ina saol tá chuile sheans ann gurb é dath buí agus glas Chora Fine a thuillfeadh cáil don Rianach, a d’imir peil i chuile ghrád faoi aois don chlub a bhfuil Craobh Peile na hÉireann buaite acu le trí bliana as a chéile.

Níl mé cinnte cén dath geansaí a tharraingeodh an Róisteach thar a ghuaillí. Ar imeall bhaile Thuama a tógadh é, rud a d’fhágfadh go mb’fhéidir gurb é ceann dearg na Réalta a bheadh i gceist. Ansin arís tá a athair Francis chomh sáite sin i bhfoirne Mhuine Mheá leis na blianta go mbeadh brú air freisin a ngeansaí siúd a chaitheamh.

Fiú go mb’fhéidir faoin tráth seo go mbeadh a dhuine gaoil Pádraic Joyce tar éis cnag a bhualadh ar an doras agus ceann cróndearg na Gaillimhe a thairiscint do Leigh.

Scór bliain d’aois atá Rossa Ryan. Fiú 5 bliana ó shin ní raibh ina chloigeann ach an pheil Ghaelach. Bhuaigh sé Craobhacha Chonnacht le Coláiste Iarfhlatha agus d’imir ar chuile fhoireann faoi aois do Chora Finne, a bhfuil Craobh Peile na gClubanna buaite acu le trí bliana anuas.

Ach ós rud é go raibh a athair David ag plé le capaill ar an bhfeirm atá acu i mBaile an Doire sa bparóiste sin is dócha go raibh sé le theacht sa saol ag tráth éicint go gcuirfeadh an t-ógánach suim iontu siúd freisin. Tharla sin agus thug sé faoin aistear a d’fhág go bhfuil sé le rá aige go raibh sé sa diallait ar bhuaiteoir i Royal Ascot.

Naoi mbliana níos sine atá an Róisteach (29), gan baint dá laghad ag a mhuintir siúd le heachaíocht. Nuair a bhí sé féin dhá bhliain déag chuir sé glaoch teileafóin ar David Ryan féachaint an mbeadh aon seans go dtabharfaí deis dó beagán marcaíochta a dhéanamh sa stábla, rud a fuair sé.

B’in tús lena aistear siúd – ceann a thug eisean chuig an tAcadamh Traenála do Mharcaigh atá ar Churrach Chill Dara, rud a rinne Rossa ina dhiaidh. Le dhá scór bliain, ionann is, tá an t-acadamh seo ag cur cúrsaí ar fáil do dhaoine óga ar suim leo aon ghné de thionscal na heachaíochta agus cáil faoi leith air de bharr a bhfuil bainte amach ag cuid acu siúd a chaith tamall ann – Johnny Murtagh, Cathy Gannon, Seamie Heffernan, Daryl Jacob, Seán Flanagan agus go leor eile.

Is beag marcach acu sin nár thaistil an tír freisin ag rásaí na gcapaillíní ar chúrsaí mar atá ar sa Daingean agus b’amhlaidh cás do Leigh agus do Rossa agus iad idir dhá bhliain déag agus sé bliana déag d’aois..

Ní mór do dhuine na 16 bliain sin a bheith slánaithe acu sula bhfaighidh siad cead cur isteach ar cheadúnas marcaíochta mar phrintíseach, rud a rinne an bheirt a luaithe agus a bhí an cháilíocht sin acu. Agus ar ndóigh fearacht chuile ghné den saol, ní mór sciorta den ádh a bheith ar dhuine freisin.

I gcás an Róistigh bhain sin le tairiscint a fuair sé ón traenálaí iomráiteach Dermot Weld a bheith mar mharcach cúnta do Pat Smullen. Ní raibh ann ach go raibh a cheadúnas printíseachta aige nuair a bhuaigh sé rás ar thraic na hUaimhe in 2008.

Nó go mbíonn 20 rás buaite ag printíseach, baintear 7 bpunt meáchain de dhroim chuile chapall a dtéann sé nó sí sa diallait orthu. Dá bharr, bíonn traenálaithe i gcónaí san airdeall ar a leithéid, go háirithe i mbac-rásaí luachmhara. Láir de chuid Weld a raibh Voleuse de Coeurs uirthi a chuir Leigh ar an mapa.

Sa Cesarewitch in 2012 bhí beagnach cloch mheáchain níos mó le n-iompar ag an gcapall ná a bhí sa rás a bhí buaite roimhe sin aici i nGaillimh. Bhí sin laghdaithe go dtína leath nuair a d’fháisc Weld a phrintíseach ar a droim agus bhuaigh sí réidh go leor.

B’in a chuir Róisteach Thuaim Dhá Ghualainn ar an mapa – ógánach a shiúil cosán na gcapall as teach arbh í an pheil Ghaelach an bhunsraith, na ballaí agus an díon a bhí air.

Nádúrtha go leor, níl rud is fearr le Leigh ná buachan i mBaile an Bhriotaigh, rud a dhéanann sé go rialta – ba é a bhuaigh an rás ba thúisce a ritheadh ansiúd ag an bhFéile dheireanach ag tús na míosa seo caite.

Sé bliana roimhe sin díreach thug Ted Walsh moladh dó nár chuala mé tugtha aige d’aon mharcach eile tar éis dó an rás ba thúisce in 2015 a bheith buaite freisin aige ar dhroim Romiac, capall de chuid Shelia Lavery. “If Leigh Roche is riding your horse and it doesn’t win, it can only be that the horse is not good enough, I can assure you,” a deir Ted.

Ar an léimrásaíocht a bhí a shúil ag Rossa Ryan nó gur chomhairligh a athair dó seans a thabhairt don talamh réidh ar dtús. Shocraigh an traenálaí cáiliúil Sasanach Richard Hannon dul sa seans, mar a bhí déanta roimhe aige le Ryan Moore, Richard Hughes agus Tom Marquand. Bhí an Rianach ar a bhealach chuig ceann de na stáblaí is rathúla i Sasana.

Ní fada go raibh liúntas an phrintísigh caillte ag Rossa agus in aois a 19 bliain bhuaigh sé rás ag Royal Ascot anuraidh. Briseadh a dhealrachán níos túisce an samhradh seo, ach tá sé ar ais i mbarr a mhaitheasa arís.

Fág freagra ar 'Laochra rásaí capall nach raibh ina gcloigeann ar dtús ach an pheil Ghaelach'