‘Lá stairiúil don teanga agus do phobal na Gaeilge a bhí i seoladh cainéal Cúla4’

Caitheann Tuairisc súil siar ar 2023 le hAisling Ní Dhonnabháin, ó Nuacht Cúla4, seirbhís nua nuachta i nGaeilge do dhaoine óga ar cuireadh tús leis i mbliana

‘Lá stairiúil don teanga agus do phobal na Gaeilge a bhí i seoladh cainéal Cúla4’

Aisling Ní Dhonnabháin le Seán Ó Maoilchiaráin

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2023?

Saolaíodh mo neacht bheag i mbliana agus tá mo chroí go hiomlán istigh inti. Táim ag súil go mór leis an gcéad Nollaig a chaitheamh léi agus níl aon dabht ach go mbeidh sí loite! Tá fuinneamh nua sa tigh ó tháinig sí agus nach deas an rud é. Tá go leor cuimhní áille agam chomh maith ón samhradh a chaitheas i gConamara mar chuid d’Acadamh Fíbín… Deacair buachaint ar Chonamara sa samhradh!

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2023?

Cé go bhfuilim claonta, caithfidh mé seoladh Cúla4 a lua don gceann seo. Lá stairiúil a bhí ann don dteanga, don bpobal agus chuir sé gliondar croí orm an éagsúlacht i measc an lucht freastail a fheiscint ar lá an tseolta. Bhí cainteoirí Gaeilge ó gach cearn don dtír bainteach agus lárnach sa lá le léiriú gur linne ar fad an Ghaeilge.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2023?

Téann díom cuimhneamh ar aon rud seachas an slad atá ag titim amach in Gaza fé láthair agus gan aon chosúlacht air go bhfuil deireadh i ndán dó. Is doiligh liom smaoineamh ar na leanaí bochta soineanta ag maireachtaint ann… dodhéanta an méid atá siad a fhulaingt a shamhlú.

Cén tír nó áit is spéisiúla ar thug tú cuairt uirthi i mbliana?

Thug mé cuairt ar chara liom atá ina cónaí sa Ghearmáin le cúpla bliain anuas. De dheasca Covid agus cúinsí eile ní raibh deis agam dul chomh fada léi le cúig bliana, ach chomh luath is a bhíomar i dteannta a chéile arís b’amhlaidh nach raibh ach lá ann ó chonaiceamar a chéile i gceart. Braithim uaim go mór í ach táim an-sásta go bhfuil an saol ar a toil aici thall.

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

Léigh mé an leabhar Poor leis an Dr Katriona O’ Sullivan i mbliana agus is beag lá a théann tharam nach gcuimhním air. Léargas dochreidte ar shaol an údair a d’fhás aníos faoi ghreim na bochtaineachta. Scéal a bhrisfeadh do chroí ach a thabharfadh ardú meanman duit. Lón machnaimh a bhí ann agus mholfainn do gach duine é.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2023?

Nach féidir buachaint ar fhoireann iomána Luimnigh!

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2023?

Theastaigh uaim cúpla sliabh mór a dhreapadh i mbliana, in Éirinn agus thar lear, agus d’éirigh liom Corrán Tuathail in Éirinn agus Teide sa Spáinn a bhaint amach. Tá tochas sna cosa fós agus tá súil agam níos mó sléibhteoireachta a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Lá stairiúil don teanga agus do phobal na Gaeilge a bhí i seoladh cainéal Cúla4’'