Lá ‘stairiúil’ agus an Phalaistín á haithint ag Éirinn mar ‘náisiún i measc náisiún’

D'fhógair Éire, an Spáinn agus an Iorua an Phalaistín mar náisiún inniu agus mhol do thíortha eile déanamh amhlaidh

Lá ‘stairiúil’ agus an Phalaistín á haithint ag Éirinn mar ‘náisiún i measc náisiún’

Tá sé fógartha ag an Taoiseach Simon Harris go bhfuil Éire leis an bPalaistín a aithint mar stát.

Maidin inniu dúirt an Taoiseach gur “beart a raibh fiúntas cumhachtach polaitiúil agus siombalach leis” a bhí san aitheantas seo do náisiún na Palaistíne. Dé Máirt seo chugainn, 28 Meitheamh, a thiocfaidh an fógra seo i bhfeidhm.

Rinne Éire, an Spáinn agus an Iorua fógra an lae inniu tar éis míonna fada comhairliúcháin ar fud na hEorpa agus sa Mheánoirthear.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris: “Aithníonn Éire an Phalaistín inniu mar náisiún i measc náisiún agus na cearta agus na freagrachtaí céanna uirthi a théann leis sin. Tá Stát Iosrael agus a cheart maireachtáil go sábháilte faoi shíocháin aitheanta ag Éirinn leis na scórtha blianta.

“Is í aisling na hÉireann go bhféadfaidh leanaí Iosraelacha agus Palaistíneacha an 28 Bealtaine 2024 fás suas mar chomharsana faoi shíocháin.”

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin:

“Is tráth stairiúil don tír seo atá i gcinneadh an lae inniu Stát na Palaistíne a aithint ar an 28 Bealtaine 2024. Creidimid go diongbháilte nach mbeidh aon tsíocháin sa Mheánoirthear go dtí go mbeidh an ceart céanna ag muintir Iosrael agus muintir na Palaistíne féinchinniúchán, státacht, síocháin, slándáil agus dínit a bheith acu.”

Chuir ceannairí Palaistíneacha fáilte roimh an gcinneadh agus thug údaráis na Palaistíne “nóiméad stairiúil” air.

A mhalairt poirt a bhí in Iosrael ag rá go gcuirfidís fios ar ambasadóirí na dtrí thír a rinne an fógra le féachaint ar fhíseán d’ionsaithe Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair 2023.

“Cuimhneofar sna cuntais staire gur shocraigh Éire, an Spáinn agus an Iorua réalt óir a thabhairt do dhúnmharfóirí agus éigneoirí Hamas,” a dúirt Israel Katz, Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael.

Dúirt Katz go raibh fios curtha abhaile aige go hIosrael ar ambasadóirí Iosrael chun na hÉireann agus na hIorua chun cúrsaí a phlé.

Aithníonn 142 tír as an 193 atá ina mbaill de na Náisiúin Aontaithe stát na Palaistíne ach seachas an tSualainn, is beag de thíortha iarthar na hEorpa, an Ríocht Aontaithe ná na Stáit Aontaithe atá ina measc.

Fág freagra ar 'Lá ‘stairiúil’ agus an Phalaistín á haithint ag Éirinn mar ‘náisiún i measc náisiún’'

  • Billy an Ghoirt

    Is fearr mall ná riamh. Dea-nuacht agus léas solais sna drochlaethanta dorcha seo.

  • Umar na haimléise

    Ní náisiún é an Phalaistín áfach. Níl aon dream ar leith ann seachas na Críostaithe sa cheantar a bhfuil cultúr ar leith acu fite fuaite leis an réigiún sin ag dul siar go dtí bunú an chreidimh, iadsan agus cúpla céad Giúdach atá ina mbundúchasaigh ann, Samarátaigh srl. Na hArabaigh, bheul is Arabaigh iad agus ‘an Phalaistín’ atá fógartha chomh saorga céanna le teorainneacha cumtha na hAraibe Sádaí, na hIaráice, na hIordáine, na Siria agus na hÉigipte. Dar ndóigh ní hionann sin is nach féidir stát Palaistíneach a bheith ann. Ach fiú má aithnítear an Phalaistín amhail is gur ‘náisiún’ í, cá háit í?, sa bhruach thiar? atá briste suas ina n-iliomad píosaí beaga faoi fhorghabháil Iosrael agus plandálacha síonacha gach áit ann agus/nó i nGása féin agus Hamas i réim, dream a toghadh dála an scéil agus a tharraing an cogadh seo ar a gceann féin d’aon turas díreach ar mhaithe lena bhfuil tarlaithe a chur i gcrích, agus na billiúin infheistithe i dtolláin mar ullmhúchán don sléacht seo. Dá ndéarfadh Iosrael cgl, bíodh a stáitín scoite acu agus dá nglanfaidís na cóilínitheoirí srl ar fad amach bheadh cogadh cathartha ann láithreach bonn idir Fatah agus Hamas ach amháin go mbeidh tacaíocht ag Hamas sa bhruach thiar anois cion agus gur ‘sheas siad fód’ agus ‘baineadh Stát amach’. Uafás atá ar na bacáin agus maróidh siad tuilleadh dá dhream féin ná mar a dhéanann Iosrael agus gan aon síochán le hIosrael ach an oiread…agus ar deireadh ní bheidh ann ach spás sábháilte chun an chéad ionsaí 7/10 barbartha eile a phleanáil agus cogadh eile a thosú leis an sprioc deireadh iomlán a chur le hIosrael. Is cinnte go raibh sé ina choir cóilíneachta ‘Iosrael’ a bhunú an chéad lá riamh ach níl áit eile le dul acu anois. Brúdh na Giúdaigh ó chuile cearn den domhan Arabach agus ón Iaráin amach as a dtithe, a mbailte agus a réigiúin faoi mar a tharla sa Nakkba, breis is 900,000 míle acu, nach raibh baint acu le bunú Iosrael, ach bhí ar bhreis is leath-mhilliún acu dul go hIosrael mar theifigh sa deireadh. Níorbh é an t-am ceart sochar a thabhairt do Hamas leis an ráiteas sin inné, go háirithe agus daoine a fuadaíodh fós ina seilbh acu. Ní raibh ann ach deis chiniciúil don Taoiseach nua aird an phobail a tharraingt air féin. Fiú mura raibh coirpigh idirnáisiúnta (más fíor don chúirt choiriúil idirnáisiúnta) ar nós Netanyahu agus Gallant (agus níos measa ag tacú leo sna mionpháirtithe aintoisceacha) i gceannas ar Iosrael ní bheadh mórán de dhifear ar chúrsaí, líon níos lú sibhialtach maraithe b’fhéidir agus ráta báis i bhfad níos airde i measc saighdiúirí agus coinscríofaigh Iosrael i gcomaoin sin, ach bheadh an cogadh seo ann ar aon chuma agus fualaingt dá réir. Tá greim ag dhá lámh Iosrael ar chú confaidh atá ag iarraidh a scornach a stróiceadh amach as ucht gadaíocht talún agus an triúr amigos á rá leo, ‘lig don mhadaidh bocht sin, ní bheadh sé confach a thuilleadh mura raibh greim agat air’. Ní nach ionadh nach bhfeiceann Iosrael aon bhealach amach as seo. B’fhearr d’Éire, don Spáinn agus don Iorua teacht aníos le plean inchreidte seachas díreach preas-ráiteas seafóideach. An bhfuil siadsan chun saighdiúirí síochána a chur ar an talamh chun Hamas agus Fatah a choimeád amach óna chéile sa Stát nua seo agus bac a chur ar éinne a dhéanfadh ionsaí ón stát sin ar Iosrael? Mar dhea.