Tá Jim McGuinness le bheith ina bhainisteoir ar fhoireann shinsir peile Dhún na nGall den dara huair.
Ag cruinniú speisialta de bhord an chontae anocht, cuireadh ainm McGuinness faoi bhráid na gclubanna chun a mbeannacht a fháil dá cheapachán.
Naoi mbliana ó shin a d’fhág McGuinness cúram an bhainisteora ina chontae dúchais.
Beidh Colm McFadden, Neil McGee and Luke Barrett i measc na ndaoine a bheidh ag obair le McGuinness.
Le linn a thréimhse ceithre bliana mar bhainisteoir, idir 2011-2014, bhuaigh Dún na nGall craobh na hÉireann den dara huair, gaisce a rinne siad in 2012, 20 bliain díreach óna gcéad chraobh na hÉireann.
Le linn ré McGuinness bhuaigh an contae trí chraobh Uladh agus roinn a dó na sraithe náisiúnta.
Beifear ag súil go n-éireoidh le fear na nGleanntach foireann an chontae a chur ar bhóthar a leasa arís. Bliain chorrach go maith a bhí ag Dún na nGall in 2023. Beirt bhainisteoirí a bhí acu – Paddy Carr agus Aidan O’Rourke – ó d’éirigh Declan Bonner as bliain ó shin.
Ag plé le bainistíocht sacair den chuid is mó a bhí Jim McGuinness ó d’éirigh sé as a chúram le Dún na nGall in 2014 nuair a fuair Ciarraí an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais na hÉireann.
Fág freagra ar 'Jim McGuinness le bheith ina bhainisteoir ar fhoireann shinsir peile Dhún na nGall den dara huair'