Jamal Khashoggi, an chinsireacht agus ceird uasal na hiriseoireachta

Ábhar mór bróid dom go bhfuil mé i mo bhall de chumann náisiúnta na n-iriseoirí agus go bhfuil gairm agus traidisiún uasal na hiriseoireachta á leanúint agam

Jamal Khashoggi, an chinsireacht agus ceird uasal na hiriseoireachta

Bhí orm a mhíniú do mhic léinn sna meáin le déanaí céard is cinsireacht ann agus thosaigh mé ag cur liosta le chéile dóibh de na héagóracha atá déanta ar iriseoirí mórthimpeall an domhain le tamall. Bhí orm a mhíniú dóibh gurb iad na ceannairí agus na rialtais éagsúla atá ag iarraidh stop a chur le saoráil faisnéise agus ag iarraidh sárú cearta daonna a saoránach a choimeád faoi cheilt is cúis leis na heachtraí seo.

Ó maraíodh Jamal Khashoggi, iriseoir de chuid an Washington Post as Ríocht na hAraibe Sádaí, tá na cúrsaí seo go mór i mbéal an phobail. Chuaigh Khashoggi isteach i gconsalacht na Ríochta Sádaí sa Tuirc chun ceadúnas pósta a fháil ach níor tháinig sé amach. Ceaptar gur dúnmharaíodh de bharr na n-alt atá scríofa aige faoi Stáit na hAraibe Sádaí. Lucht Ríocht na hAraibe Sádaí a mharaigh é, is cosúil, toisc nár thaitin an méid a bhí ráite ag Khashoggi fúthu féin, ceannairí na ríochta, leo.

I nGuatamala agus cogadh fuilteach a mhair ó 1960 go dtí 1996 ar siúl, dúnmharaíodh 324 iriseoir. Tá corp breis agus trian díobhsan fós ar iarraidh. Bhí mé féin

i nGuatamala uair amháin nuair a thug Trócaire, an eagraíocht charthanachta, cuireadh dom dul ann. Bhí an eagraíocht ag iarraidh cabhrú ag an am leis na daoine bochta, na Máigigh, a bhí fágtha cloíte, treascartha i ndiaidh an chogaidh sin. Is cuimhin liom an bhochtaineacht,  an phian agus náire na ndaoine sna slumaí. Is cuimhin liom aghaidheanna na ndaoine. Ach sa deireadh tháinig mé abhaile agus lean mé ar aghaidh le mo shaol.

Níorbh amhlaidh do na hiriseoirí eile.

Ná ndéanfaimid dearmad ach oiread ar Anna Politkovskaya, an t-iriseoir Rúiseach, a feallmharaíodh in 2006 toisc go mbíodh sí ag scríobh mar gheall ar an drochbhail a bhí ar dhaoine sa tSeisnia. Bhí sí stuama, cróga agus bhain dúshlán do na húdaráis lena cuid oibre. 48 bliain d’aois a bhí sí nuair a dúnmharaíodh í. Bhí go leor aird ar a saothar go hidirnáisiúnta rud nár thaitin le Vladimir Putin ná daoine eile. Cúigear fear a chuaigh go dtí a hárasán chun í a mharú. 

Ní hiad na hiriseoirí a bhíonn i mbaol i gcónaí. Cuimhnigh ar an Ardeaspaig Oscar Romero in El Salvador, fear ar ainmnigh an Pápa Frances ina naomh é níos luaithe an mhí seo. B’eisean an fear a sheas an fód ina thír dhúchais nuair a bhí cinsireacht na meán agus agus sárú ar chearta an duine ar siúl. Labhair an t-ardeaspaig seo amach ar an raidió i gcoinne na ndúnmharuithe, i gcoinne na bochtaineachta, i gcoinne na ndrugaí agus i gcoinne chéasadh forleathan na ndaoine. Ba iad a shearmóintí ar an raidió an t-aon slí amháin ag daoine teacht ar an bhfírinne faoin léirscrios a bhí ar siúl sa tír. Bhí sé i gcoinne na cinsireachta a bhí ar siúl sa tír agus ghlac sé ról an chraoltóra chuige féin go feasach agus go fonnmhar. Lámhachadh é agus Aifreann á rá aige sa bhliain 1980. Níor theastaigh ó dhaoine áirithe go leanfadh sé air ag caint. Sa deireadh cuireadh ina thost go buan é.

Tá bliain ann ó tháinig Ibrahim Hawala abhaile ón Éigipt tar éis cúig bliana a chaitheamh i bpríosúin gan triail in éineacht leis na céadta eile toisc gur ghlac siad páirt in agóidí sráide.  I measc na gcúiseanna a cuireadh ina leith bhí an sceimhlitheoireacht agus láimhseáil pléascán. Coimeádh i bpríosún gan aon triail é ar feadh cúig bliana agus tá go leor eile, iriseoirí go háirithe, fós ar iarraidh nó i bpríosún san Éigipt.

Cuimhním freisin ar an gCóiré Thuaidh mar a bhfuil an preas go léir faoi smacht an cheannaire Kim Jung Un agus a rialtas. Tá smacht iomlán ag an Stát ar na meáin sa tír sin. Níl cead ag daoine sa Chóiré Thuaidh labhairt le hiriseoirí ó thíortha eile. Imrítear cinsireacht ar gach aon ghné de na meáin chumarsáide sa tír.

Líon mo chroí le mórtas le linn na léachta agus mé ag tagairt dos na hiriseoirí cróga atá ag déanamh  iarrachta an fhírinne a insint agus na constaicí atá curtha ag ceannairí agus deachtóirí rompu a shárú. Ábhar mór bróid dom go bhfuil mé i mo bhall de chumann náisiúnta na n-iriseoirí agus go bhfuil gairm agus traidisiún uasal na hiriseoireachta á leanúint agam.  Ní chloistear a dhóthain fúthu. Cuimhním ar na híobairtí ar fad atá déanta ag iriseoirí i dtíortha ina ndéantar iarracht smacht a choimeád orthu. Dá dtiocfadh aon athrú mór ar chúrsaí – agus ní fios cad tá i ndán d’aon duine againn – tá súil agam go mbeidh sé de mhisneach agamsa seasamh a ghlacadh i gcoinne na héagóra in am an ghátair, cosúil leis na hiriseoirí cróga a dhéanann amhlaidh gach lá ar fud an domhain.

Fág freagra ar 'Jamal Khashoggi, an chinsireacht agus ceird uasal na hiriseoireachta'

  • Bart

    Tá cinsireacht sna meáin in Éirinn freisin ar féinchinsireacht ì go háirithe. Tá ag éirí go han-mhaith léi mar ní bhìonm aon teacht thairis puinn.