Isabel Crook agus Joseph Mallin – beirt a chaith a saoil ‘ar son na cúise’ sa tSín

Tá cosúlachtaí idir scéalta Isabel Crook agus Joseph Mallin a léiríonn gur iomaí cúis a bhíonn ag daoine sa saol

Isabel Crook agus Joseph Mallin – beirt a chaith a saoil ‘ar son na cúise’ sa tSín

Nach iomaí bealach ar féidir le duine a shaol a chaitheamh ‘ar son na cúise’? Fuair bean a bhí os cionn céad bliain bás le gairid sa tSín. Rugadh Isabel Crook 107 bliain ó shin in Chengdu mar a raibh a tuismitheoirí ag obair mar mhisinéirí. Dúirt sí, agus seanaois uirthi, go raibh dhá chogadh domhanda feicthe aici, chomh maith le dhá réabhlóid agus roinnt eachtraí móra stairiúla eile.

Cé go bhfuair sí oideachas ollscoile i dToronto, d’fhill sí ar an tSín agus b’ansin a chaith sí a saol. Antraipeolaí a bhí inti.

Bhí mé ag léamh faoi bhás Isabel Crook i bpáipéar nuachta agus mé ar an turas aeir ar thagair mé dó an tseachtain seo caite. Duine de mo chomhphaisinéirí ab ea Úna Ní Dhonghaíle, an t-eagarthóir cáiliúil scannán ( Death on the Nile, Belfast, The Crown agus go leor eile)

Tharla go raibh scéal ag Úna a raibh cosúlachtaí áirithe aige le scéal Isabel. Chuimsigh an scéal seo an réimse ama céanna – bhain sé leis an tSín agus bhí ceangal díreach ag an scéal le hÉirí Amach 1916.

Chaith Isabel Crook a saol sa tSín. Phós sí Sasanach a bhí ina Chumannach agus a tháinig go dtí an tSín mar spiaire don Aontas Sóivéadach. Ach thráigh a mhuinín as polasaithe Stalin agus chuir sé a mhuinín, ina leaba sin, i Mao Zedong. Thosaigh an lánúin ag múineadh in Ollscoil Beijing – chuir siad suim i bhfás an Pháirtí Chumannaigh ansin agus mhaígh siad go rabhadar páirteach i ‘Réabhlóid Chumannach na Síne’.

D’fhan siad sa tír sin cé gur chaith na ‘Gardaí Dearga’ David Crook sa bpríosún le linn na ‘Réabhlóide Cultúrtha’ sna seascaidí/seachtóidí, agus coinníodh faoi ghlas é ar feadh cúig bliana. Ach d’fhanadar dílis don Chúis Chumannach sa tSín agus tugadh a stádas ar ais dóibh tar éis ré Mao. Sa mbliain 2019, fuair Isabel an Bonn Caradais ón Uachtarán Xi – an onóir is mó sa tSín is féidir a bhronnadh ar eachtrannach.

Uncail le seanmháthair Úna Ní Dhonghaíle ab ea Michael Mallin, duine de cheannairí Éirí Amach 1916. Bhí seisean ina bhall d’Arm na Saoránach agus cheap Séamus Ó Conghaile ina Cheann Foirne é sa mbliain 1914. Le linn an Éirí Amach, bhí sé i gceannas ar an mbuíon a ghlac seilbh ar Fhaiche Stiabhna agus an Chuntaois Markievicz mar leascheannasaí aige.

Bhí Michael Mallin an-tógtha leis an Sóisialachas agus bhí baint aige le bunú an Pháirtí Shóisialaigh roimhe sin i 1909. Toisc go raibh tréimhse caite aige in Arm Shasana, bhí Mallin an-mhaith i mbun thraenáil na dtrúpaí in Arm na Saoránach.

Ar nós cheannairí eile an Éirí Amach, daoradh Michael Mallin chun báis i gcúirt mhíleata i mí na Bealtaine. I 1916, bhí seisean 42 bliain d’aois; bhí bean agus ceathrar páistí aige agus bhí a bhean ag súil leis an gcúigiú páiste.

Bhí a chroí briste an oíche sular cuireadh chun báis é, go háirithe agus é ag smaoineamh ar a bhean agus a chlann óg. Scríobh sé litir ón gcillín chuig Agnes, a bhean.

Saolaíodh an páiste Mary Constance ceithre mhí ina dhiaidh sin. Bhí Agnes ag streachailt anois le cúigear páistí agus bhí an saol cruaidh. Buaileadh Agnes bhocht leis an eitinn agus fuair sí bás i 1932.

Agus muid ar an eitleán go Ciarraí, d’inis Úna dhom nár thaispeáin Agnes an litir sin do na páistí. Insan litir, ghuigh Michael Mallin gach beannacht ar a bhean is a chlann agus mhol sé don bheirt ab óige, Joseph agus Úna, go ngabhfaidís isteach sna sagairt is sna mná rialta.

Ní raibh a fhios ag Joseph tada faoin litir ná comhairle a athar nuair a roghnaigh sé saol sna hÍosánaigh. Ach nuair a chuala Úna Mallin faoi mholadh a hathar, dúirt sí nach ngabhfadh sí isteach in aon ord mná rialta go deo.

Chaith an tAthair Joseph Mallin a shaol leis na hÍosánaigh sa tSín agus i Hong Kong (an tSín sa lá inniu.) Fearacht Isabel Crook, bhí saol fada aige thall. Agus dála Isabel arís, bhí sé i mbaol ón ‘Réabhlóid Chultúrtha’ sna seascaidí nuair a rinne na Gardaí Dearga iarracht ar Hong Kong a ghabháil. Ach choinnigh Hong Kong a stádas mar thalamh faoi cheannas na Breataine go dtí 1997.

Bhí 105 bliain slánaithe ag an Athair Joseph Mallin nuair a fuair sé bás in 2018. Faoin am sin, ba é an duine deireanach é a shíolraigh go díreach ó aon Cheannaire de chuid an Éirí Amach.

San Ollscoil um Staidéar Eachtrannach i mBeijing a chaith Isabel a saol múinteoireachta. I Hong Kong ag múineadh scoile a chaith an tAthair Joseph Mallin formhór a shaol oibre. Ach dúirt Úna Ní Dhonghaíle liom, go ndearna sé cinnte de, go dtabharfaí oideachas freisin do na cailíní a bhí ar comhaois leis na buachaillí agus rinne sé é sin as a stuaim féin. Thuig sé gurb iad na mná a thógfadh an chéad ghlúin eile.

Nuair a fuair sé bás, bhí slua mór millteach ar a shochraid. Thug sé chun cuimhne an ceiliúradh a bhí ann dá lá breithe nuair ab éigean smacht a choinneáil ar na sluaite – tháinig suas le 1,000 scoláire agus iarscoláire chun an ócáid a cheiliúradh leis.

Níor fhill sé ar an tír seo nuair a bhí comóradh 100 bliain 1916 ar siúl. Ach bhí sé sa mbaile in 2006 nuair a bhí an comóradh 90 bliain ann. Chuir RTÉ agallamh fada air faoin méid a chuimhnigh sé óna óige (ní raibh sé ach dhá bhliain go leith nuair a bhí an tÉirí Amach ann.) Labhair sé faoina shaol sna hÍosánaigh agus faoin oideachas. Bhí an-díomá ar an gclann nuair nár úsáideadh ach abairt amháin uaidh i leith 1916 – ‘Ah, it was a long time ago.’

Bhí saol simplí aige sa tSín agus i Hong Kong. Ar ndóigh, ní bhíodh sé ag déanamh gaisce faoina athair a bhí ina Cheann Foirne ar an Arm Saoránach. Ach ar bhealach amháin, thug seisean a shaol ‘ar son na cúise’ freisin – cúis an oideachais agus na Críostaíochta. Théadh an tAthair Joseph Mallin thart ar Dhún Droma ar rothar – thugadh fear cáiliúil na rothar, Joe Daly, ceann ar iasacht dhó gach uair a dtagadh sé abhaile. Agus é amach sna nóchaidí, bhí an-díomá air faoi nach dtabharfaidís rothar dó níos mó.

Agus fuair mo chara Úna Ní Dhonghaíle a hainm in ómós a dheirfíre, Úna Mallin, a chuaigh isteach i gclochar Loreto nuair a bhí sí 31 bliain d’aois. I 1989 a fuair sí bás.

Fág freagra ar 'Isabel Crook agus Joseph Mallin – beirt a chaith a saoil ‘ar son na cúise’ sa tSín'

  • Seán Mag Leannáin

    Sár-scéal smaointeach inste go paiteanta.

  • jpmorley0@gmail.com

    Ní mé cén difir ab fhacthas do na ‘Crooks’ idir Stalin agus Mao tSe Tung a rá gur fhan siad dílis do Mao? Teach an diabhail agus teach an deabhail?