‘Is mór an náire é’ – tagairt ar bith don Ghaeilge ná don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta 

Níl an Ghaeltacht fiú luaite i dteideal na Roinne a bhfuil an cúram sin uirthi i dtábla eolais san athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta

‘Is mór an náire é’ – tagairt ar bith don Ghaeilge ná don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta 

Tá cáineadh géar déanta ar an Rialtas as gan aon tagairt in aon chor a dhéanamh d’infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht san athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta a foilsíodh inné.

Tá táblaí sa phlean ina ndéantar briseadh síos ar €102.4 billiún den airgead atá geallta a dháileadh ar na ranna rialtais éagsúla ach níl an Ghaeltacht fiú luaite i dteideal na Roinne a bhfuil an cúram sin uirthi.

An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá déanta den Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta sa phlean.

De réir an phlean €273 milliún sa bhliain a bheidh le caitheamh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta idir 2026-2028 ach tiocfaidh laghdú air sin go dtí €255 milliún sa bhliain in 2029 agus 2030.

An t-aon áit a bhfuil an focal Gaeltacht luaite sa phlean nua ná i bhfonóta faoi aistriú cumhachtaí ranna éagsúla i ndiaidh an toghcháin dheireanaigh.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur údar náire a bhí san easpa “measa” a léirítear don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa phlean, a foilsíodh i mBéarla amháin.

“Is mór an náire é agus easpa measa é. Tuigimid nach bhfuil mórán sonraí faoi rudaí ar leith tugtha ach tá an Ghaeilge agus an Ghaeltacht fágtha ar lár ar fad.

“Bheadh tú ag súil go mbeadh dóthain tábhachta ag baint leis an teanga go mbeadh mír ar a laghad ann – faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, faoi phleanáil teanga, faoi na hionaid nua Gaeilge atá geallta.

“Ina áit sin ní luaitear fiú an Ghaeltacht i dteideal na Roinne [Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta]. Ní luaitear fiú na rudaí a bhí geallta sa phlean forbartha a foilsíodh in 2021.

“Beimid ag obair linn idir seo agus an Buiséad lena chinntiú go bhfaigheann an teanga an sciar atá ag dul di agus go gcuirfear mar shampla maoiniú ceart ar leataobh do thithíocht sa Ghaeltacht,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Ciorrú déanta ar theideal na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta sa phlean

Bhí tacaíocht do na meáin Ghaeilge ar an mbeagán gealltanas ó thaobh na teanga a bhí sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 a foilsíodh in 2021.

Dúradh sa phlean sin chomh maith go ndéanfaí infheistíocht sa Ghaeltacht lena chinntiú go dtiocfaidh sí slán mar áit a bhfuil pobal bríomhar agus mar ‘thobar’ na Gaeilge.

Luadh chomh maith Údarás na Gaeltachta, an córas pleanála teanga, tacaíocht d’earnáil na gcoláistí samhraidh agus infheistíocht in ionaid caitheamh aimsire.

Luadh freisin sa phlean a foilsíodh in 2021 cuid de na tograí a luadh sa phlean forbartha náisiúnta roimhe sin, ina measc forbairt ionad Gaeilge ar fud na tíre, ag áireamh lárionad don teanga ag ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.

Plean €112 billiún d’fhorbairt infreastruchtúir sna cúig bliana seo romhainn a d’fhógair an Rialtas inné agus é ráite ann go gcuirfear €36 billiún ar fáil do thithíocht.

San athbhreithniú seo ar an bPlean Forbartha Náisiúnta tá maoiniú luaite le tithíocht, fuinneamh, uisce agus tograí iompair sna blianta idir 2026 agus 2030.

Maoiniú nua a deirtear atá i €30 billiún den €100 billiún sin, cuid de a tháinig ón €14 billiún a tháinig ó cháin an chomhlachta Apple agus cuid de a fuarthas ó na scaireanna i mBanc-Aontas Éireann [AIB] a bhíodh ag an rialtas agus a díoladh.

Fág freagra ar '‘Is mór an náire é’ – tagairt ar bith don Ghaeilge ná don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta '

  • Fergus na Foghraíochta

    Mar is gnách. Smokescreen is ea an Acht Teanga.