Bhí an madra caorach ina luí faoina gcosa agus tine chodlatach ar leic an teallaigh. Beirt fhear, briste brúite ag breathnú ar an ngríosach. An Cheathrú Mhór, tuairim leath bealaigh idir an Líonán i gConamara agus Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo. Lá gheimhriúil i 1984.
Beirt dearthár a bhí iontu ag caitheamh na mblianta a bhí fágtha acu go mall, réidh, ciúin nó gur dhúisigh na gadaithe iad i bhfad roimh mhaidin.
Tádar fós i mo chuimhne.
Cuireadh buaithríní [buaraigh] agus ceangail orthu. Cuartaíodh an teach ó bhun go barr. Fuarthas an t-airgead; ba léir go raibh chuile phingin a bhí saothraithe riamh acu sa teach. B’in é an bealach a bhí le seanóirí na linne sin. Fágadh buailte, bocht agus bánaithe iad. Ba shuarach, cruálach an scéal é. Ach ní raibh ann ach ceann de chuimse eachtraí an bhliain úd inar dearnadh ionsaithe agus robáil ar dhaoine a bhí amach sna blianta. Ionsaithe ar dhaoine nach raibh brí ná tapa fanta acu.
Labhair Ardeaspag Thuama san am, Seosamh Ó Cuinneáin, amach. Dúirt gur theastaigh fórsa cosanta ar leith le haire a thabhairt do sheanóirí na tuaithe. Tharraing an scéal díospóireacht náisiúnta.
As na heachtraí uafásacha seo, agus as an gconspóid, a tháinig an clár deonach Pobal ar Aire ar an saol i bPoblacht na hÉireann i 1985. An eagraíocht Muintir na Tíre a bhunaigh é, théis dóibh cruinnithe pobail a reáchtáil ar fud na tuaithe.
In imeacht na mblianta, tugadh stádas ar leith don ghluaiseacht Pobal ar Aire sa mhéid agus go bhfuil ceangal oifigiúil acu leis An Garda Síochána. Áirítear 1,600 grúpa Pobal ar Aire a bheith i bPoblacht na hÉireann anois, 40 bliain théis a mbunaithe.
Sé Gearóid Ó Coisdealbha an riarthóir atá orthu i réigiún chontaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Ros Comáin, an Chláir agus Longfoirt. Os cionn 400 grúpa Pobal ar Aire atá sa réigiún sin.
“Bíonn cuid acu níos gníomhaí ná a chéile,” a deir Gearóid, “ach is maith ann chuile ghrúpa. Má tá coiste ann, ar pháipéar féin, tá bunús oibre agat.”
Creideann an Coisdealbhach gur buntáiste mór do dhaoine aosta é an córas teileafóin atá ann anois i gcomparáid leis an saol a bhí ann sna 1980idí.
“Ní bhíodh ach cúpla teileafón, ar a mhéid, ar fáil i mbailte fearainn tuaithe an uair sin. Is fóinteach go bhfuil teileafón í mórán chuile theach anois, agus an teileafón póca lena chois sin. Laghdaíonn sé an imní.”
Ní ghéilleann Gearóid Ó Coisdealbha don tuairim go bhfuil na mótarbhealaí ag cothú contúirt bhreise do sheanóirí faoin tuath.
“Deir daoine nach baolach do dhaoine taobh thiar den Choirib i gcontae na Gaillimhe. Ar an taobh eile den scéal, ceaptar go dtugtar drugaí isteach ar bháid. Ábhar é sin atá ar fud na tíre agus daoine san anchaoi le billí.”
Tugann an Coisdealbhach sampla freisin de chaint i gcontae Mhaigh Eo go bhfuileadar slán go maith ó eachtraí gadaíochta ansin mar nach bhfuil mótarbhealach sa gcontae.
“Ina dhiaidh sin féin, bhí rabharta gadaíochta i gcontae Mhaigh Eo dhá bhliain ó shin agus fuarthas amach gur dream a bhí ag taisteal thart, agus a bhí ar lóistín i gCnoc Mhuire, ba chiontaí leis”.
Ach is féidir scéin gan údar a chur i ndaoine faoin tuath freisin, a deir Gearóid Ó Coisdealbha. Thug sé sampla de chruinniú Pobal ar Aire i Ros Comáin ag ar dhúirt fear go raibh gadaíocht oíche tarlaithe i mbeagnach chuile dharna teach sa gceantar sin. Tharla sé go raibh beirt Ghardaí ag an gcruinniú agus bhí siadsan in ann a rá nach raibh ach tuairisc amháin faighte acusan.
“Bhí daoine líonraithe ag an gcéad scéala,” a deir an Coisdealbhach “ach chuir tuairisc na nGardaí ar a suaimhneas iad.”
In oifig Mhuintir na Tíre i dTiobraid Árainn, labhraíonn an Príomhfheidhmeannach, Rosie Palmer, faoi mhórcheist eile atá ag goilliúnt ar an aosach anois.
“Tá na hionsaithe ciúnaithe ach tá fadhb an uaignis ann. Caithfimid san eagraíocht seo comharsanacht a spreagadh agus ciorcail chairdis a chothú faoin tuath; sin í an chosaint is tábhachtaí in 2025.”
Tá sé i gceist go mbeadh an córas Pobal ar Aire bainteach leis sin mar bheartas eile tacaíochta do sheanóirí sna blianta amach romhainn.
Fin
Cad d’imigh ar na boltaí breátha iarainn?
Tarraingím féin gach bolta sa tigh (‘dir dhoirse agus fuinneoga) roimh dhul ‘on bhinn bháin dom gach aon oíche.
AGUS tá maistín breá de Kerry Blue agam nach bhfágfadh thíos ná thuas é ar aon ghadaí ná aon smutachán eile a mbeadh sé de mhí-ádh air tabhairt fúinn.
Tá braoid an diabhail bhuí sa ghadhar sin, deirimse leat é.
Féadfar teagmháil a dhéanamh liom ag mo sheoladh ríomhphoist má theastaíonn coileán ó éinne uaidh. Praghas le socrú.