‘Is le Dún na nGall príomhchathair na hÉireann inniu’

Bhí slua mór as Dún na nGall i mBaile Átha Cliath inniu agus iad ag léirsiú le haghaidh cúiteamh 100% as an scrios atá déanta dá dtithe ag brící lochtacha

‘Is le Dún na nGall príomhchathair na hÉireann inniu’

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

“Is le Dún na nGall príomhchathair na hÉireann inniu,” a dúirt Noel Cunningham, Pearsa Dhún na nGall 2020 agus 2021 ar Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta inniu agus Baile Átha Cliath faoi bhrat buí agus glas ag muintir an chontae sin atá ag léirsiú le haghaidh cúiteamh 100% as an scrios atá déanta dá dtithe ag brící lochtacha.

Grúpa Gnímh an Mhíoca a d’eagraigh an tionól is deireanaí seo agus tháinig daoine i bhfad is i gcóngar lena léiriú do pholaiteoirí nach nglacfaidh siad le haon réiteach eile ach cúiteamh iomlán mar nach ndearna siadsan aon rud as bealach.

Bhí moill ar an trácht ar an M50 ar maidin agus busanna is carranna na hagóide ag taisteal go mall ar an mótarbhealach. Tháinig an grúpa le chéile ag an nGairdín Cuimhneacháin agus leo as sin trí phríomhshráid na cathrach go Teach an Chustaim.

Cuireann úinéirí na dtithe scriosta an locht ar easpa rialacháin tógála ó thaobh amhábhar na mbrící a cuireadh ar fáil ó na cairéil. Mianra é an míoca a bhí sna carraigeacha as a ndéantar gaineamh na mbrící agus ós rud é go dtarraingíonn an mianra sin taise, tá ballaí na dtithe ag creimeadh agus ag titim as a chéile, “amhail Weetabix” mar a deir duine de na léirsitheoirí.

Bhunaigh an tAire Tithíochta grúpa oibre chun scéal an chúitimh agus na mbrící lochtacha a scrúdú agus mheas siadsan ina ndréacht-tuairisc go bhféadfadh go gcosnódh scéim chúitimh suas le €3.2 billiún. Measann an Roinn Tithíochta go bhfuil suas le 6600 teach cónaithe a bhfuil obair athchóirithe le déanamh orthu de bharr an mhíoca sna brící. Tá an fhadhb seo aimsithe i roinnt tithe i Maigh Eo agus i gcontae an Chláir chomh maith.

Faoin tairiscint atá ar an mbord faoi láthair gheobhadh úinéirí cúiteamh 90% ón Rialtas, rud a d’fhágfadh costas mór ar dhaoine, cuid acu a gcaithfear a dtithe a leagan ar fad nó atá díbeartha as a dtithe de bharr imní faoina sábháilteacht.

“Tubaiste cheart” a thug an tAire O’Brien ar an scéal sa Dáil agus é ag gealladh go mbeadh tairiscint níos fearr á déanamh aige gan mhoill.

Gheall an tAire roimhe seo go gcuirfí an dlí ar na daoine a sholáthair brící lochtacha as cairéil. “Tá dualgas morálta ar an Rialtas ach tá dualgas dlíthiúil ar dhaoine eile,” a dúirt an tAire. Dúirt sé go gcaithfí féachaint ar “reacht na dtréimhsí agus ceacht a fhoghlaim ó dhearmaid a rinneadh”.

Dúirt an tAire go bhféadfadh gur ón lá a dheimhnítear an dochar don teach seachas an lá ar thug an t-úinéir fadhb faoi deara ar dtús a thosaíonn reacht na dtréimhsí.

In 2012 a aithníodh an fhadhb seo ar dtús, 30 bliain ó tógadh cuid de na tithe. Gheall an tAire chomh maith go dtabharfaí rialacha nua maidir le caighdeáin táirgí isteach amach anseo.

Fág freagra ar '‘Is le Dún na nGall príomhchathair na hÉireann inniu’'