Is gearr uainn olltoghchán agus beidh sé ina chath fíochmhar ó thuaidh

Tharla athruithe drámata i gcúig cinn de na 18 toghcheantair i dTuaisceart Éireann in olltoghchán Westminster 2017

Is gearr uainn olltoghchán agus beidh sé ina chath fíochmhar ó thuaidh

Bhí ráiteas Phríomh-Aire Johnson na Breataine nár theastaigh olltoghchán uaidh cosúil leis an vóta muiníne a thugann bord chumann sacair don bhainisteoir sula mbristear as a phost é. Dá réir treisíodh ar an tuairimíocht gur gearr uainn olltoghchán.

Tharla athruithe drámata i gcúig cinn de na 18 toghcheantair i dTuaisceart Éireann in olltoghchán Westminster 2017. Ní féidir leis na buaiteoirí talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh siad na suíocháin sin má bhíonn deis vótála ag an bpobal go luath agus tá dianchoimhlint á tuar i dtoghcheantar amháin eile freisin.

Is annamh a bheadh trian d’iomlán na dtoghcheantar imeallach, cor a chinnteoidh gur olltoghchán suntasach a bheidh sa chéad cheann eile sa tuaisceart.

Bheadh sé drámatúil ar aon nós i ngeall ar cheisteanna faoina mbeadh i ndán don DUP tar éis a dtréimhse cumhachta in Westminster, ní áirím iompar i dtaca leis an mBreatimeacht a tháinig salach ar vóta an mhóraimh abhus. An mbainfidh daoine atá in éadan an Bhreatimeachta a ndeasca as páirtí Arlene Foster? Má bhíonn parlaimint gan tromlach ann arís an mbeidh DUP sách láidir le bheith san imirt? Nó an dtréigfidh na páirtnéirí sna Caomhaigh iad chomh luath géar is a gheobhaidh siad an deis?

An ngearrfar pionós ar Shinn Féin as cloí le lomtheagasc a bpolasaí neamhfhreastal ar Westminster in ainneoin na géarchéime faoin mBreatimeacht?

Agus an léireoidh vótóirí míshástacht leis an DUP agus/nó le Sinn Féin faoin bpairilis in Stormont?

An dtabharfar tacaíocht do pháirtithe eile, go háirithe sna toghcheantair imeallacha? UUP, SDLP, Alliance nó Comhaontas Glas?

Ba iad an DUP agus Sinn Féin a thug an chraobh leo i dtoghchán tobann Theresa May ar an 8 Meitheamh 2017. Bhí 10 suíochán ag an DUP agus seacht gcinn ag Sinn Féin. Choinnigh Sylvia Hermon, aontachtach neamhspleách an suíochán eile, an Dún Thuaidh. Fuair an DUP dhá shuíochán sa bhreis, Béal Feirste Theas ón SDLP agus Aontroim Theas ón UUP. Chuir Sinn Féin trí shuíochán lena stór, Feabhal agus an Dún Theas ón SDLP agus Fear Manach/Tír Eoghain Theas ón UUP. D’fhág sin SDLP agus an UUP ar neamhní in Westminster, an DUP chomh sásta le cat an dá eireaball ó bhí cóimheá na cumhachta acu den chéad uair agus Sinn Féin tiomanta dá bhaghcat ar Westminster.

Tuairiscíodh san Sunday Times Dé Domhnaigh seo caite go raibh seans ag an bpáirtí Alliance trí shuíochán Parlaiminte a bhaint den DUP. Bhí an tuairisc bunaithe ar anailís ar phobalbhreitheanna ach bhí amhras ar a lán faoi. Rinne Alliance dul chun cinn suntasach i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa nuair a bhain Naomi Long an suíochán a bhí ag an UUP le fada agus d’fhás an páirtí sna toghcháin áitiúla i mbliana freisin. Mar sin féin céim as an gcoitiantacht ar fad a bheadh ann go ndéanfaidís oiread dul chun cinn i leathbhliain agus go dtógfaidís trí shuíochán i gcomórtas toghcháin ‘an chéad duine abhaile’. Tá cuntas le foilsiú ag an gcomhlacht Lucid Talk inniu Dé Céadaoin a thabharfaidh tuiscint níos fearr dúinn ar shonraí na bpobalbhreitheanna.

Is iad an péire a bheidh an SDLP ag iarraidh a bhuachan ar ais ó Shinn Féin, Feabhal agus Fear Manach/Tír Eoghain Theas, a bhíonn idir dhá cheann na meá go seasta, agus is iadsan an dá thoghcheantar is imeallaí ar fad. Bhain Alesha McCallion, Sinn Féin, suíochán an Fheabhail ó Mark Durkan, SDLP, le móramh bídeach 169 vóta (0.4%). Bhuaigh Michelle Gildernew, Sinn Féin, Fear Manach/Tír Eoghain Theas ar ais ó Tom Elliot UUP in 2017 le móramh 875 (1.6%). Tá caint ar iarrthóir aontachtach aontaithe a ainmniú chun a dhul san iomaíocht leis an bhFeisire Gildernew.

Tá suim mhór i gcinniúint Emma Lyttle Pengelly DUP a bhain Béal Feirste Theas ó Alasdair McDonnell SDLP in 2017 le móramh beagán faoi bhun 2,000. Bhí Alliance sa tríú háit, Sinn Féin sa cheathrú háit agus Comhaontas Glas sa chúigiú háit. Iarrthóir gur bheag aithne a bhí air a bhí ag an UUP. Seo ceann de na ceantair ina bhfuil caint ar sheans a bheith ag Alliance ach tá SDLP sa tóir ar an suíochán chomh maith agus go leor den lucht tacaíochta céanna acu araon. Má aontaíonn vótóirí in aghaidh an Bhreatimeachta taobh thiar d’iarrthóir amháin ó cheann de na páirtithe neamh-aontachtacha seans go mbeidh Pengelly i dtrioblóid. Is mór an má é sin, áfach.

Beidh SDLP sa tóir freisin ar an Dún Theas an suíochán a bhain Chris Hazzard, Sinn Féin, ó Margaret Ritchie, SDLP, le móramh gar do 2,500. Beidh suim mhór i gcur chuige an DUP sa toghcheantar sin mar a bhfuil a seanfhondúir Jim Wells i dtrioblóid leis an gceannaireacht. In Aontroim Theas, a bhain an DUP den UUP, áirítear go mbeidh Paul Girvan, DUP, faoi bhrú ag Alliance.

Is é an Dún Thuaidh an séú toghcheantar a d’fhéadfadh a bheith imeallach. Is fada ó d’fhógair an DUP go mbeidís ag iarraidh an suíochán a bhaint den fheisire seanbhunaithe, an Bhantiarna Sylvia Hermon, aontachtach neamhspleách. Chuir sí ó dhoras iad in 2017 le móramh 1,245. Ceantar mór frithBhreatimeachta is ea an Dún Thuaidh agus is cosúil gur ar an bhfód sin a sheasfaidh Sylvia in aghaidh an DUP a bhíonn fíorghránna léi i dTeach na Parlaiminte agus í ina cadhain aonair ag labhairt ar son an mhóraimh sa bhaile.

Táthar ag tnúth leis an iomaíocht.

Fág freagra ar 'Is gearr uainn olltoghchán agus beidh sé ina chath fíochmhar ó thuaidh'

  • Eoin O Murchu

    Ní cosúil go mbeidh an cath chómh fíochmhar sin. Leiríonn LucidTalk go gcoinneóidh Sinn Féin a gcuid suíocháin ar fad gan stró, ag fágáil SDLP/FF/FG/Lab gan aon cheann; go gcaillfeadh an DUP ceann don Alliance is go bhfanfaidh Hermon mar atá.