Is gá gníomhú láithreach nó caillfidh Ros an Mhíl amach ar bhuntáistí thionscal an fhuinnimh gaoithe – tuarascáil nua

Tá ráite ag comhlacht innealtóireachta idirnáisiúnta go bhfuil an baol ann go gcaillfidh Ros an Mhíl agus calafoirt eile in Éirinn amach ar na deiseanna a bhaineann le tionscal na gaoithe eischósta mura ndéantar infheistíocht iontu go luath

Is gá gníomhú láithreach nó caillfidh Ros an Mhíl amach ar bhuntáistí thionscal an fhuinnimh gaoithe – tuarascáil nua

Deir tuarascáil nua go gcaillfear an deis na milliúin euro a thabhairt isteach go dtí Gaeltacht Chonamara mura ndéanann an Rialtas gníomh láithreach le calafort Ros an Mhíl a fhorbairt don fhuinneamh gaoithe.

Deir údair na tuarascála, an comhlacht innealtóireachta idirnáisiúnta, Atkins, go bhfuil an baol ann go gcaillfidh Ros an Mhíl agus calafoirt eile in Éirinn amach ar na deiseanna agus buntáistí a bhaineann le tionscal na gaoithe eischósta mura ndéantar infheistíocht iontu go luath.

Tá obair tosaithe le gairid chun cé dhomhainmhara a fhorbairt i Ros an Mhíl i gConamara ach deirtear go dteastóidh tuilleadh infheistíochta má táthar chun na háiseanna atá riachtanach do thionscadal na gaoithe eischósta a fhorbairt.

Údarás na Gaeltachta a choimisiúnaigh an ‘máistirphlean’ nua do Ros an Mhíl agus réitigh foireann neamhspleách comhairleoireachta é, foireann a bhí faoi cheannas Atkins.

Is éard atá i saothar Atkins ná plean d’fhorbairt an chalafoirt, measúnú eacnamaíoch air, sonraí faoi na riachtanais innealtóireachta agus lóistíochta, agus plean forbartha le ‘Calafort Glas’ a ullmhú ar mhaithe le stádas Net-Zero a bhaint amach.

An plean atá ann ná calafort ina mbeadh tionscal na hiascaireachta agus an earnáil fuinnimh in-athnuaite ag obair i gcomhar le chéile amach anseo.

Deirtear go bhfuil “tacaíocht ghníomhach á léiriú ag ionadaithe ón bpobal áitiúil iascaireachta agus ag grúpa tacaíochta chalafort Ros an Mhíl d’fhorbairt straitéiseach an chalafoirt”.

Deirtear go mbeidh cósta an iarthair lárnach “i bhfíorú fhís an rialtais” neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach d’Éirinn agus suas le 5GW cumhachta le giniúint ó fheirmeacha gaoithe amach ó chósta na Gaillimhe agus an Chláir. Tá feirm ghaoithe ar charraigeacha na Sceirde, naoi míle siar ó chósta Charna, i measc na bhforbairtí atá luaite.

Chuirfeadh an ghiniúint sin cumhacht ar fáil do thart ar 3.75 milliún teach cónaithe, a deirtear.

D’fhéadfadh earnáil na gaoithe eischósta suas le €70 milliún sa bhliain a thabhairt isteach sa cheantar áitiúil, a deirtear sa tuarascáil.

“Má chuirtear le chéile an obair thógála agus oibriúcháin a bhaineann le gaoth eischósta i Ros an Mhíl, bheifí ag tacú le suas le 900 post sa gceantar áitiúil agus ag giniúint timpeall €70m d’oll-luach breise gach bliain don gheilleagar áitiúil.”

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go bhféadfadh Ros an Mhíl a bheith lárnach ó thaobh an neamhspleáchais fuinnimh.

“Glactar leis go forleathan go bhfuil práinn le spás calafoirt a aimsiú, má tá Éire lena cuid spriocanna do ghiniúint fuinnimh eischósta a chomhlíonadh agus bogadh i dtreo neamhspleáchas fuinnimh. Léirítear sa tuarascáil seo go bhféadfadh Ros an Mhíl a bheith lárnach má tá freastal le déanamh ar an riachtanas sin.

“Ach tá sé tábhachtach go ngníomhaítear gan mhoill. Tá an t-éileamh ar ghaoth eischósta ag fás go tapa, agus tá baol ann nach mbeidh dóthain soláthair calafoirt go réigiúnach leis an éileamh sin a shásamh, mar gheall ar an achar fada ama a thógann sé calafoirt a uasghrádú.”

Ag tús 2023, cuireadh tús le forbairt áis nua dhomhainmhara, mar aon le cé 200m ar fhad, i Ros an Mhíl. Meastar go gcuirfear an obair sin i gcrích in 2025 ach moltar i máistirphlean Atkins tosú ansin ar a thuilleadh oibre forbartha chun na háiseanna a bheidh ag teastáil d’earnáil na gaoithe eischósta a fhorbairt.

Nuair a cheadaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, maoiniú €25 milliún d’fhorbairt ché Ros an Mhíl anuraidh, dúirt sé go mbeadh an fhorbairt “mar thúsphointe straitéiseach iontach maith chun freastal ar an tionscal (in-athnuaite) sin sna blianta atá romhainn”.

Fág freagra ar 'Is gá gníomhú láithreach nó caillfidh Ros an Mhíl amach ar bhuntáistí thionscal an fhuinnimh gaoithe – tuarascáil nua'