Is gá cód an dúchais a fhuascailt i gcnuasach nua, ach is fiú é

File í Aingeal Ní Chualáin atá préamhaithe sa cheantar seo agus atá ag labhairt go grámhar is go seoigh lena muintir féin

Is gá cód an dúchais a fhuascailt i gcnuasach nua, ach is fiú é

Cód an dúchais

Léirmheas ar Dhá Scór Eala le Aingeal Ní Chualáin2024, Cló Iar-Chonnacht

Luaigh mé sa léirmheas deireanach a bhí agam ar an suíomh seo (ar Idir an Dá Fhearsaid le Róise Ní Bhaoill) go mbíonn dhá phrionsabal i gceist, mar dhea, agus leabhar á mheas agam. An chéad rud ná an leabhar féin mar earra i do lámh – obair an fhoilsitheora; an dara rud ná an fhilíocht féin, obair an fhile – caidé mar a théann an fhilíocht i bhfeidhm ort. Is dóigh liom, i gcásanna áirithe, gur féidir an tríú prionsabal a chur i bhfeidhm – cé dó an cnuasach seo? Nó cén duine (nó pobal) a bhfuil an cnuasach ag labhairt leis?

Leabhar tarraingteach is ea Dhá Scór Eala le Aingeal Ní Chualáin. Tá clúdach (bog) an leabhair gealbhuí, le ciorcal mór bán ina lár – an ghrian, achan seans. Tá cúl agus droim an leabhair gorm, agus tá teideal an chnuasaigh ar an dath céanna. Tá loinnir ar litreacha an teidil atá scríofa i gcló reathach a chuireann peannaireacht i gcuimhne duit. Is í an file féin a chruthaigh an ealaín ar an chlúdach freisin – ealaí, is dócha, ag eitilt in éadan na gréine. Tá samplaí dá healaín breactha ar leathanaigh an leabhair freisin: craiceann báid, Séipéal Mhic Dara, crainnte, agus araile.

Páipéar snasta geal atá in úsáid anseo (seachas páipéar neamhlonrach). Is dóigh liom, sa chás seo, gur mar gheall ar na pictiúir dhaite a úsáideadh é. Tá an cló sa leabhar réasúnta mór freisin, ar chúis éigin. Ní hé go ndéanann na rudaí sin dochar ar bith ach chuir mé suntas iontu.

Ar an iomlán, leabhar toirtiúil tarraingteach is ea Dhá Scór Eala. Tá 57 dán ann, agus níl réamhrá ná brollach ann ag an tús chun an léitheoir a threorú, rud a oireann go breá domsa; is fearr tumadh isteach sna dánta.

GAILEARAÍ: ‘Dhá Scór Eala’ le hAingeal Ní Chualáin ag Féile Joe Éinniú

 

Dánta gearra, nó ‘liricí’ iad formhór na ndánta sa chnuasach seo (‘Gorta’ agus ‘An Damhsóir’ na dánta is faide is iad ag síneadh thar thrí leathanach). Tá luí ag an fhile leis an líne ghearr freisin, agus úsáidtear ceannlitir ag tús na línte ar fad. Bhain an nós seo leis an difríocht a samhlaíodh idir filíocht agus prós ar an leathanach: go mbíodh ceannlitir i gcónaí ag tús na línte san fhilíocht. Níl an nós seo chomh coitianta a thuilleadh i mBéarla ná i nGaeilge, ach is léir go bhfuil filí áirithe sásta cloí leis an traidisiún áirithe sin.

Agus ós ag caint faoin traidisiún sinn, is léir gurb iad an dúchas is an traidisiún príomhchúraimí Dhá Scór Eala. Tá cosa an fhile seo curtha i dtaca aici go láidir i gConamara Theas, agus i gCarna, áit dúchais an fhile, go speisialta. Ó chéad dán an chnuasaigh ar aghaidh, níl amhras ar an léitheoir faoin chaidreamh atá ag an fhile lena dúchas féin. Tá fáil sna dánta ar mhuintir na háite, an ceol, na healaíona béil, an tírdhreach, agus an rud ar a dtugtar ‘oidhreacht chultúir nach féidir lámh a leagan uirthi’:

Srutháinín ag rith le fána,
Fiodhóga go láidir teann
An port, an stéibh,
An steip, an t-amhrán
Talamh naofa
Talamh slán. (‘Cúlra’)

Luascann na dánta idir a bheith ag ag ceiliúradh an dúchais agus a bheith ag déanamh imní faoin dúchas; uaireanta tá an dá rud fite fuaite in aon phíosa amháin. Anseo is geall le cath meath an chultúir agus caomhnóirí an traidisiúin ina saighdiúirí:

‘Chloígh tú scread mhaidine do chultúir
In inseacht athuair na scéalta
Mar shaighdiúir nach dtréigeann a phost ag an deireadh
Cé go bhfuil an namhaid ina ghaobhar,
Meabhrach de d’áit chinniúnach i gciorcal staire’ (‘Pádhraicín Veailín Niadh’)

Tuigeann Ní Chualáin a leochailí is atá an dúchas Gaeltachta, rud a spreagann bá an fhile do phobail is do dhaoine imeallaithe in áiteanna eile sa domhan, mar atá le sonrú sna dánta ‘Teifigh’, ‘Íobairt’, ‘Feall’, ‘I gCríocha na Palaistíne’, ‘Ruathar Maidine’ agus ‘Bean san Ospidéal’.

Sa dán ‘Gorta’, tá an chuma ar an scéal go bhfuil deighilt idir íospartaigh an Ghorta agus muidinne, daoine beo an lae inniu, ag tús an dáin:

Siúd chugainn iad ina gcéadta
Ó choillte is sléibhte,
Treabh chosnochta
A n-éadan meata
Is an t-ocras á gcrá (‘Gorta’)

Ag clabhsúr an dáin, áfach, aithníonn an reacaire gur cuid dínn féin iad na daoine bochta seo:

‘Ár gcuimhne
Ár n-oidhreacht
Ár sinsir’.

Tá na dánta breac le logainmneacha agus le hainmneacha daoine: An Sceird Mhór, na Beanna Beola, Trá Mhuighinse, Carna, Inis Treabhair, Cóil, An tAthair Philbin, Anne Mulkerrins, Griallais, Michael, Stiophán Ó Cualáin, Inis Bearachain, Leitir Móir, agus araile. Luaitear ainmneacha áite i gcéin freisin: Camden Town, London Shasana, an Phalaistín, Roma, Baile Átha Cliath, sléibhte na nAlp.

Tá friotal na ndánta soléite agus soiléir, agus éiríonn leis an fhile vignette duine nó eachtra a chruthú go héasca:

‘B’fhathach thú i m’shúile-sa
Fiú le do chruit’ (‘Cóil’).

Úsáideann an file cleasanna fuaime chun uafás a chur in iúl:

‘Rith bean rialta le mo thaobh
A paidrín ag gligearnaíl’ (‘Cailliúint’).

Ní minic (samhlaím!) a bhíodh bean rialta ag rith, rud a chuireann práinn leis an tubaiste atá ag titim amach sa dán sin.

Sa dán ‘Gorta’, cuimsítear duairceas an Ghorta in aon fhuaim amháin:

‘Is gíoscán roth an bharra
A thógfas iad le cur sa talamh
Le cloisteáil’.

Uair nó dhó, cheap mé go raibh sruth nó ‘briseadh’ na línte cineáilín ait. Bhí rithim dheas i bhfeidhm go hiondúil ach uaireanta cuireadh cuid den fhrása sa chéad líne eile, mar shampla:

Ag leanacht ina áit le
Gaois na n-aoiseanna (‘Trúbadóir’)

Maidin Domhnaigh is tá na
Fonnadóirí ag gabháil fhoinn (‘An Damhsóir’)

Bheadh fonn orm féin ‘aonad céille’, mar dhea, a choinneáil slán feadh na líne ansin.  Ach ar an lámh eile, léimeann ‘Gaois’ agus ‘Fonnadóirí’ amach leis na ceannlitreacha ag tús na línte sin… Rogha an fhile, is dócha.

An locht eile a d’fhéadfaí a aimsiú san fhilíocht seo… bhuel, b’fhéidir nach locht ar bith é, ag brath ar do phointe féachana féin. Má chuimhnímid siar ar an ‘phrionsabal’ eile a luaigh mé ag an tús, thig linn an cheist a chur anois: cé dó an fhilíocht seo?

Rachaimid off-piste anseo. Tarlaíonn sé gur éirigh liom bheith i láthair ag ócáid seolta an leabhair seo ar an 5 Bealtaine mar chuid d’Fhéile Joe Éinniú. Ba é an file is an scríbhneoir Jackie Mac Donncha a sheol an leabhar. I measc na rudaí a dúirt sé, luaigh sé gurb í an file seo an chéad bhean ó cheantar Iorras Aithneach a d’fhoilsigh cnuasach filíochta (éacht nach beag). Mheas sé go rachadh na dánta i bhfeidhm go mór ar an phobal, agus go raibh filíocht Ní Chualáin ‘gar don talamh, gar don nádúr, is gar don chroí’.

Agus rud a chuirfeadh éad ar fhile ar bith i dteanga ar bith: bhí an seomra lán go béal. Caithfidh go raibh seachtó nó ochtó duine i láthair, daoine ina seasamh taobh amuigh, aithne ag achan duine, chuirfinn geall leis, ar an fhile. Achan duine ag ligint osna nó ag gáirí nuair a luadh duine áirithe nó eachtra áitiúil. Táim ag breathnú siar ar na nithe sin mar cuirfidh siad ‘locht’ nó ‘láidreacht’ an chnuasaigh i gcomhthéacs.

An rud atá i gceist agam anseo ná is dóigh liom go bhfuil an cnuasach seo chomh háitiúil, chomh ‘gar don talamh’ sin, go mbeadh dánta áirithe doiléir do dhaoine nach de bhunadh an cheantair iad.

Tá ‘cód’ i bhfeidhm anseo, dar liom: cód an dúchais. Déantar tagairt do dhaoine is d’eachtraí áirithe ach ní chuirtear na sonraí ar fad ar fáil. Mhothaigh mé nach raibh mé in ann tuiscint iomlán a fháil ar dhánta áirithe, ach tá tuairim agam nach amhlaidh a bheas sé sin ag muintir na háite. Mar strainséir, ní féidir liom an cód a fhuascailt go héasca.

File í seo atá préamhaithe sa cheantar seo agus atá ag labhairt go grámhar is go seoigh lena muintir féin. Den chuid is mó, labhraíonn sí go díreach leis na daoine a luaitear sna dánta: ‘Chuaigh tusa ar ais / D’fhan mé leat’ (‘Cailliúint’); ‘Maith dóibh é / Fág i do dhiaidh é’ (‘Oideachas’); ‘Casann tú d’amhráin shimplí’ (‘Trúbadóir’).

Ní hé nach mbainfeadh strainséirí sult as an leabhar seo, áfach; bhainfeadh. Tá ábhar anseo ba cheart a léamh, ábhar a chuireann staid na Gaeltachta agus caomhnú teanga is traidisiún in iúl. Sna dánta atá giota beag níos faide, mar shampla, cruthaíonn Ní Chualáin íomhánna áille a léiríonn traidisiún an cheantair agus an ceangal idir an pobal is iad siúd atá imithe ar shlí na fírinne:

Is ag trasnú sa gcurach
Beidh fonn Nóra Uí Mhullaoidh
    Mar shuantraí dóibh
Lena gcnámha bána sínte
Mar chlocha ar phaidrín naofa
Ag déanamh a bpatrún féin faoin gcré. (‘An tOileán Suain’)

I mbuaicphointe an chnuasaigh, sa dán ‘An Damhsóir’ (scríofa i gcuimhne a hathar féin, Stiophán Ó Cualáin) cruthaíonn an file beathaisnéis bheag don fhear seo: damhsóir, múinteoir, athair, aisteoir, imirceach. Caitheann an file am agus focail chun an duine seo a chruthú don léitheoir – máistir scoile a d’iomair chuig Inis Bearachain achan mhaidin, fear a chuir fáilte roimh De Valera i 1959. Toisc go bhfuil ‘aithne’ againn ar an duine seo, buaileann na línte seo sa smig muid gar do dheireadh an dáin:

Anois tá curachín an mháistir
Iompaithe béal fúithi
(‘An Damhsóir’)

Tá meatonaime ealaíonta ansin: imeacht ama, athrú nósanna, bás an athar, meath an daonra, bánú oileáin – in aon abairt amháin. Tréaslaím an leabhar seo le hAingeal Ní Chualáin agus Cló Iar-Chonnacht agus, mar a dúirt fear a sheolta, ‘lúb eile leis an slabhra’ é i gcultúr agus i dtraidisiún Iorras Aithneach.

Fág freagra ar 'Is gá cód an dúchais a fhuascailt i gcnuasach nua, ach is fiú é'