Is follasaí don saol mór laige Mheiriceá ná a cumhacht

Murar féidir le Meiriceá a toil a bhrú ar thír ar nós na Gearmáine, ardaíonn sé ceist mhór faoina bhfuil i ndán don fhorlámhas Meiriceánach

Is follasaí don saol mór laige Mheiriceá ná a cumhacht

Nuair a d’fhógair uachtarán nuathofa na Stát Aontaithe, Joe Biden, go raibh ‘Meiriceá ar ais’, bhí sé ag dúil go mbeadh Meiriceá, le tacaíocht a cuid comhghuaillithe sna tíortha rachmais is mó forbartha, in ann filleadh ar an sean-réimeas nuair a bhí Meiriceá sa chéad áit ó thaobh na heacnamaíochta domhanda de.

Ar ndóigh, bhí sé ag tabhairt le fios gur mar sin a bheadh cúrsaí murach Trump.

Ach an féidir é a dhéanamh?

Ní ceist úr í seo, ar ndóigh; ach tá cor nua sa scéal ó dhearbhaigh an Ghearmáin go bhfuil an fiontar Nordstrom 2 (píblíne a sholáthróidh gás nádúrtha díreach isteach sa nGearmáin ón Rúis, gan bacadh leis an bPolainn ná leis an Úcráin) le cur i gcrích is le cur i bhfeidhm ag an nGearmáin in ainneoin an brú a chuir Meiriceá ar Merkel stop a chur leis.

Sea, tá geallúint tugtha ag an nGearmáin go gcuirfidh siad smachtbhannaí ar an Rúis má bhaineann sí leas as an bhfiontar le pionós polaitiúil a ghearradh ar an bPolainn nó ar an Úcráin.

Ach ní chreideann éinne go ndéanfaí a leithéid agus fiú dá ndéanfadh is léir anois nach bhfuil aon dochar suntasach déanta d’eacnamaíocht na Rúise ag na smachtbhannaí atá i bhfeidhm cheana féin. Ní mór an dochar a rinne smachtbhannaí do thíortha eile ach oiread, cé go bhfuil na tíre sin ag teacht le chéile dá mbarr.

I ndáiríre, níor ghéill an Ghearmáin don bhrú toisc go mba chun leas na Gearmáine é dul ar aghaidh le Nordstrom 2, agus toisc go mba thábhachtaí an leas sin ná a ndílseacht do Mheiriceá.

B’éigean do Mheiriceá smachtbhannaí in aghaidh na saoránach de chuid na Gearmáine a bhí ag obair ar an bhfiontar a chur ar ceal ar mhaithe leis na geallúintí beagmhaitheasacha sin a fháil mar chúiteamh.

Ábhar buartha do Mheiriceá a leithéid, go háirithe ó tharla go bhfuil an tSín anois ag cur lena gcuid scrúduithe ar infheistíocht Mheiriceánach i gcomhlachtaí Síneacha, beart a chuireann na billiúin dollar i mbaol.

Agus níl comhghuaillithe Mheiriceá sásta a leas féin a chur i mbaol trí sheasamh le Meiriceá faoin ábhar sin.

Ar ndóigh, chlis an tAontas Sóivéadach toisc gur chuir na Meiriceánaigh brú mór orthu airgead mór a chaitheamh ar threalamh cogaidh mar chuid de rás na n-armlón. D’fhág sin nach raibh sé ar a gcumas freastal ar mhianta an phobail maidir le tithíocht níos fearr agus saoráidí amhail innill níocháin is ghlantacháin, cuisneoirí is gluaisteáin phríobháideacha.

Ach anois tá leideanna ann go bhfuil an fhadhb chéanna ag na Meiriceánaigh. Dar leis an iriseoir, Chris Hedges (a bhuaigh gradaim as a chuid iriseoireachta ón Meánoirthear leis an New York Times), tá Meiriceá ag caitheamh an oiread sin ar armlón nach féidir leo infreastruchtúr na tíre – an gréasán aibhléise cuir i gcás – a choinneáil suas chun dáta cheal airgid.

Tá easnamh buiséid de trí mhíle míle milliún dollar ag Meiriceá, a chaitheann, dar le Hedges, níos mó ar chúrsaí míleata ná an chuid eile den domhan fré chéile.

Agus ag tagairt don liosta mór tíortha a ndearna Meiriceá ionradh orthu – Vítneam, an Afganastáin, an Iaráin, an Iaráic, an tSiria, an Libia is eile – deir Hedges go bhfuil gnáth-Mheiriceánaigh fágtha cuid mhaith gan dídean, gan jabanna, is gan fáil acu ar chóras sláinte.

Dar leis an eacnamaí Dambisa Moyo, tá an tIarthar ag cailliúint i gcoinne an chuid sin den domhan atá i mbéal forbartha toisc nach féidir leo freastal ar fhíor-riachtanais a bpobail féin. [How the West was Lost: Fifty Years of Folly – And the Stark Choices that Lie Ahead, 2011].

Agus í ag tagairt don chaoi ar theip ar Mheiriceá a cumhacht mhíleata a úsáid leis na tíortha sin a choinneáil faoi bhrat na Stát Aontaithe, deir Moyo go bhfuil an tSín ag bunú caidreamh níos fearr leis an domhan atá i mbéal forbartha agus fáil aici ar a gcuid acmhainní nádúrtha, toisc go gcabhraíonn sna Sínigh leis na tíortha sin forbairt a dhéanamh a oireann dá riachtanais féin. ( WinnerTake All: China’s Race for Resources and What It Means for the World (2012).

Murar féidir le Meiriceá a toil a bhrú ar thír ar nós na Gearmáine, ardaíonn sé ceist mhór faoina bhfuil i ndán don fhorlámhas Meiriceánach.

Faoi láthair, cinnte, is caint bhagrach atá ar siúl ag Meiriceá, ach bíonn baol i gcónaí ann go mbrúfadh fuinneamh na cainte chun gnímh iad.

Tá uirísliú déanta ar Mheiriceá anois mar gheall ar a dteip san Afganastáin (mar a tharla don Rúis rompu), agus is follasaí don saol mór laige ná cumhacht Mheiriceá.

Agus de réir mar atá sé ina amhras an féidir leis an Iarthar a bheith in uachtar arís faoi cheannas Mheiriceá, ardaítear níos mó ceisteanna, ceisteanna a thugann le fios go raibh an ceart ag an nGearmáin gan mórán airde a thabhairt orthu.

Fág freagra ar 'Is follasaí don saol mór laige Mheiriceá ná a cumhacht'

  • Eoin Ó Murchú

    Scéala úr: Tuairiscítear inniu go bhfuil an Pholainn, a throid go nimhneach in aghaidh an fhiontair Nordstrom, ag éileamh anois ar an Rúis is ar an nGearmáin go nglacfaí leis an stát mar pháirtnéir i gcóras dearbhú an fhiontair. (https://www.rt.com/business/530904-nord-stream-poland-certification). Buille eile don Sam.