Is fada an t-achar é as Snábó Ros Muc go  Aonach Wagga Wagga

Ní de thimpiste a rinne capaillíní Chonamara an t-aistear go dtí an Astráil

Is fada an t-achar é as Snábó Ros Muc go  Aonach Wagga Wagga

Nach fánach an áit a bhfaighfeá ceann de chapaillíní Chonamara.

Cuir i gcás i Wagga Wagga (a deirtear mar Bhága Bhága). Dá mbeifeá i Wagga Wagga thart ar aimsir na Féile Pádraic, d’fheicfeá ansin iad, agus an togha.  Bheidís ar an ‘Aonach’ ann.  Agus tabhair aonach air, mar sin é a thugann siad féin air.  In ómós do cheantar dúchais an chapaillín a chuir siad an teideal Gaeilge ar an ócáid.

Bheadh ort a dhul leath bealaigh timpeall na cruinne sula dtiocfá  go Wagga Wagga.  Go domhain isteach faoin tír san Astráil atá an chathair seo agus daonra de bhreis agus 60,000 inti. ’Sí an chathair intíre is mó í sa tír mhillteach sin uilig.

Tugtar plúr mhianach chapaillíní Chonamara san Astráil ansin san earrach mar thaispeántas náisiúnta ar mhianach chapall an tsléibhe a tháinig as iarthar na hÉireann chuig an Aonach. 

1,500 capall de mhianach Chonamara atá cláraithe san Astráil anois agus tá slám eile acu cláraithe sa Nua-Shéalainn. Sin iad an dá áit is faide ó Chonamara a bhfuil craobhacha de Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara bunaithe iontu.  Tagann ionadaithe ón dá Chraobh sin i gcaitheamh an bhealaigh go dtí an Clochán chuile bhliain chuig seó bliantúil Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara.  Bhíodar ann i gcaitheamh na seachtaine seo agus féile agus díolachán na gcapall dúchasach seo lán seoil.

Tá Karen  Holloway ar dhuine den dream a thagann ón Astráil agus is í atá ina Leas-Uachtarán ar na craobhacha idirnáisiúnta de Chumann Chapaillíní Chonamara. Bean as an tSualainn atá ina hUachtarán.  Seacht gcinn déag de chraobhacha idirnáisiúnta atá ann – i bhfad agus i ngearr.  Scaipeann an capall seo branda Chonamara ar fud an domhain anois.  Ag méadú atá an meas ar an gcapall ar fud na cruinne, a deir Karen Holloway.  In aon turas a cuireadh an t-ainm Gaeilge ar an teacht le chéile i Wagga Wagga – an tAonach.

Beidh Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara 100 bliain ar an bhfód faoi cheann ceithre bliana eile.  Fear as Ros Muc, Micheál Ó Máille, a bhí ina cheannródaí ar an iarracht le capall Chonamara a chaomhnú agus a fhorbairt i dtús an chéid seo caite.  Bhí baint mhór ag a chuid oibre le bunú an Chumainn i 1923.

Stailteacha maithe a cheannach ceann de na beartais mhóra a rinneadar.

Tugadh na stailteacha seo do dhaoine a bhí sásta iad a choinneáil agus an mianach maith a bhí iontu a scaipeadh ar fud Chonamara. ‘Na Caomhnóirí’ a tugadh orthu. Glactar leis gurbh iad a chuir an síol a chuir slacht agus eagar ar chapaill Chonamara agus a d’fhág gur fhás an Cumann thar cuimse.

Tugadh ómós do na fir sin an lá cheana sa gClochán. Nochtadh plaic chuimhneacháin ina n-ómós.

’Sí Róisín Ní Neachtain as an nGort Mór i Ros Muc a rinne an beart oifigiúil ar Pháirc an tSeó sa gClochán.  Ise a nocht an phlaic chuimhneacháin go hoifigiúil i gcuimhne ar Chaomhnóirí Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara. Beidh Róisín ag tabhairt faoi bhliain na hArdteistiméireachta i nGairmscoil na bPiarsach i Ros Muc faoi cheann cúpla seachtain. 

Bhí a hathair mór, Máirtín Breathnach as Snábó i Ros Muc ar dhuine de na chéad Chaomhnóirí.  Ar nós go leor eile, thugadh sé an stail ó áit  go háit de réir mar a bhíodh  glaoch air.  Neartaíodh agus caomhnaíodh mianach Chonamara de bharr na hoibre sin.

Tháinig a gharchlann, an fear a phós a iníon, Micheál Ó Neachtain as an nGort Mór ina dhiaidh agus stailteacha agus capaillíní Chonamara aigesean freisin.  Anois tá slabhra na gcapall sa teaghlach coinnithe agus daingnithe ag Máirtín agus Micheál Ó Neachtain ansin ar an nGort Mór i gcónaí agus togha na gcapall acu féin.

’Sí Róisín an ceathrú glúin.

Bhí sí bródúil gur uirthi a cuireadh an dualgas an cuirtín a tharraingt siar ar na hainmneacha.  Bhí ainm a sin-seanathair, Máirtín Breathnach, an-ard ar an bplaic –– mar go raibh sé ar an dream a thóg na chéad sé stail.  Tháinig beagnach 100 duine eile ina dhiaidh in imeacht na mblianta fada ó 1923.

Go hiondúil, ar a rothar a bhíodh an fear, adhastar aige ar an stail agus iad beirt ar aon bhuille amháin ag déanamh an bhealaigh ar bhóithre Conamara.  Cuireadh brí agus beocht i  gcapaill Chonamara dá thoradh.  Tá lorg a gcos fágtha ag na capaill ar fud an domhain anois agus iad ag tabhairt cáil agus ainm na háite leo ar fud na cruinne.

Beidh Karen Holloway ag filleadh ar a haistear 10,000 míle  go New South Wales go luath agus í ag cur tuilleadh borrtha faoin chapall Chonamara sa tír sin i bhfad i gcéin.

Beidh Róisín Ní Neachtain ag filleadh ar Ghairmscoil na bPiarsach agus í bródúil as a sin-seanathair as Snábó a chuir fuinneamh i gcapall dúchais Chonamara. Máirtín agus a leithéidí a chuir tús le haistear chapall Chonamara ar fud an domhain.  Rinne na Caomhnóirí éacht.

Is maith fada an t-achar é as Snábó go  dtí Aonach Wagga Wagga.

Fág freagra ar 'Is fada an t-achar é as Snábó Ros Muc go  Aonach Wagga Wagga'