Is eiseamláir spreagúil dúinn uilig an dea-thoradh a bhí ar dhúthracht ár lúthchleasaithe Oilimpeacha

Thug ár lúthchleasaithe i bPáras cúis áthais agus mórtais dúinn nár thug ach scata beag laochra eile do mhuintir na hÉireann ó bhuaigh Pat O’Callaghan ár gcéad bhonn óir i 1928

Is eiseamláir spreagúil dúinn uilig an dea-thoradh a bhí ar dhúthracht ár lúthchleasaithe Oilimpeacha

Níor ghá  spéis dá laghad a bheith agat i gcúrsaí spóirt chun pléisiúr a bhaint as an éacht as cuimse a rinne na hÉireannaigh sna Cluichí Oilimpeacha.

Thugadar cúis áthais agus mórtais dúinn nár thug ach scata beag laochra eile do mhuintir na hÉireann ó bhuaigh Pat O’Callaghan ár gcéad bhonn óir i 1928. Lá i ndiaidh lae i mbliana, spreag Daniel Wiffin, Kellie Harrington, Fintan McCarthy, Paul O’Donovan, Rhys McClenaghan, Rhasidat Adeleke agus a gcomrádaithe i bPáras áthas, bród agus dóchas sa bhaile.

Rinne na snámhaithe éacht nach raibh aon súil againn leis go dtí cluichí na bliana seo agus boinn buaite ag beirt – Daniel Wiffin (ór agus cré-umha) agus Mona McSharry (cré-umha).

Ba dheas a ngaiscí, go háirithe mar chomóradh cuí ar an mbonn airgid a bronnadh ar Jack B Yeats sna Cluichí Oilimpeacha i 1924 (inar reáchtáladh comórtais ealaíne) as a phictiúr cáiliúil ‘The Liffey Swim’*.

Tá meas á mhúscailt ar ár n-iomaitheoirí i mbabhtaí ceannais na gcluichí Oilimpeacha – chomh maith le dóchas, bród agus tírghrá – ó thug ré na teilifíse deis don phobal sa bhaile a ngaiscíocht i gcéin a fheiceáil. Cuimhníonn fiú daoine nach raibh beo i 1956 ar an éacht a rinne Ronnie Delany agus rás 1,500 méadar á bhuachan aige sna Cluichí Oilimpeacha i Sydney, ach ní raibh daoine sa bhaile ábalta a ghaisce a fheiceáil.

Is treise ár spéis agus ár meas ar ár laochra spóirt toisc gur go hannamh a d’éirigh lena mbunáite dul chun cinn sna comórtais ina raibh siad páirteach. Is é sin go dtí gur bhain foireann Oilimpeach na bliana seo ardchaighdeán nua amach.

Cuimhnítear fós ar ghaiscí fhoireann sacair na bhfear sna 1980idí agus sna 1990idí agus ar ghaiscí fhoireann na mban san Astráil anuraidh, agus ar bhua Stephen Roche sa Tour de France i 1987. Spreag foirne eile ardspéis agus ardmheas ó am go ham ach tá caighdeán chomh hard sroichte ag lúthchleasaithe Éireannacha i bPáras go rabhthas ag tnúth le bonn eile gach lá beagnach.

Tá an t-áthas a spreagann ár mórlaochra spóirt am ar bith intuigthe ar go leor bealaí. Is breá linn go léir dea-thoradh faoi dheireadh a fheiceáil ar dhúthracht agus ar rannpháirtíocht fhada i gcomórtais.

Ba léir áthas dá leithéid do gach duine a chonaic tuairisc Nuacht TG4 ar fhilleadh shárpheileadóir Chiarraí, Louise Ní Mhuircheartaigh ar Chorca Dhuibhne tar éis don chontae craobh na hÉireann a thabhairt leo den chéad uair le 31 bliain. Bíonn rudaí maithe mall, mar a dúirt an tuairisceoir Seán Mac an tSíthigh.

Spreagann gach éacht Oilimpeach leagan náisiúnta den áthas agus den bhród céanna. Is treise b’fhéidir an t-áthas agus an bród a airímid ar fheiceáil gaisce spóirt á dhéanamh ar son na hÉireann toisc gur rud eisceachtúil é na laethanta seo comhthuiscint dá leithéid a bheith i réim sna meáin agus sa tír.

Ní féidir a bheith cinnte go spreagfaidh an t-atmaisféar áthasach agus mórtasach a dhúisigh ár lúthchleasaithe Oilimpeacha mothúcháin níos buaine. Ba chóir áfach go neartódh an dea-thoradh a bhí ar a ndúthracht muinín as ár gcumas fadhbanna éagsúla ar cúis náire iad le fada a leigheas.

Mar shampla an ghéarchéim tithíochta a léirigh cuntas oifigiúil eile an tseachtain seo caite agus dídean éigeandála á cur ar fáil do 14,303 duine (ina measc 4,400 páiste). Ní raibh an oiread daoine gan teach ná árasán sa tír riamh ó bunaíodh an stát agus cuimhnigh nach raibh 2,400 iarrthóir tearmainn san áireamh sa chuntas a d’eisigh an Roinn Tithíochta.

Tá éacht ar ardchaighdeán déanta ag ár lúthchleasaithe i bPáras. Teastaíonn an dúthracht agus an misneach a léirigh siadsan thall go géar abhus.

Níl fadhb nach féidir í a réiteach nó a mhaolú ar a laghad, go háirithe má leanaimid eiseamláir ár laochra Oilimpeacha.

* Tugadh ‘The Swimmer’ ar phictiúr Jack B Yeats i 1924 ach cuireadh an teideal ‘The Liffey Swim’ air ina dhiaidh sin. Tá sé ar crochadh sa Ghailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Is eiseamláir spreagúil dúinn uilig an dea-thoradh a bhí ar dhúthracht ár lúthchleasaithe Oilimpeacha'