Is é Bernie Sanders rogha na coitiantachta fós

Chuir Joe Biden iontas ar dhaoine leis an mbua cuimsitheach a bhí aige in South Carolina, ach inniu Super Tuesday

Is é Bernie Sanders rogha na coitiantachta fós

Inniu nó go brách do Joe Biden. Seo an tríú hiarracht aige a bheith mar iarrthóir ag na Daonlathaigh i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Chuir sé a ainm chun cinn cheana i 1988 agus in 2008. Inniu an lá ar a dtugtar Super Tuesday, nó an Mháirt Mhór. Beidh lucht cheithre stát déag ag vótáil i réamhthoghcháin an Pháirtí Dhaonlathaigh inniu agus beidh 1,357 toscaire ansin le gnóthú ag na buaiteoirí.

Go dtí an deireadh seachtaine bhí an chuma ar chúrsaí go mbeadh an lá go héasca le Bernie Sanders. Chuir Joe Biden iontas ar dhaoine leis an mbua cuimsitheach a bhí aige in South Carolina. Chaithfeadh sé South Carolina a ghnóthachtáil ar ndóigh le go mbeadh seans ar bith aige. Agus rinne sé sin. Ach tá cor eile sa scéal ó shin.

Tá Pete Buttigieg éirithe as an gcomórtas agus tá sé ag déanamh a mhachnamh faoi an dtacóidh sé le Biden. Glactar leis go ndéanfaidh mar gur ón eite chéanna den pháirtí iad.  Níl aon duine den bheirt chomh mór sin ar an eite chlé den pháirtí le Sanders. Ach tá an tacaíocht i measc an phobail do Sanders chomh láidir gur deacair a rá cé a gheobhaidh an ceann is fearr air. Agus tá go leor airgid aige. Chruinnigh sé $46 milliún dollar le linn na míosa seo caite. Tá tábhacht mhór le ceist an airgid i dtoghcháin sna Stát Aontaithe i gcónaí agus níl mórán airgid ag feachtas Joe Biden i gcomparáid le Sanders.

Tá cor eile i scéal an airgid freisin ó tharla go mbeidh Michael Bloomberg ar na páipéir bhallóide den chéad uair. Tá suas le $500 milliún dá chuid airgid féin caite aigesean go dtí seo. Beidh sé spéisiúil a fheiceáil cén tairbhe a dhéanfaidh sin dó mar ní dhearna sé go maith aige sna díospóireachtaí a raibh sé páirteach iontu go dtí seo.

Tá Joe Biden anois ag iarraidh é féin a chur i láthair mar mhalairt ar Bernie Sanders. Tá fonn ar choiste láir an pháirtí Dhaonlathaigh iarrthóir láidir dá leithéid a bheith ann. Ceapadh le coicís go mb’fhéidir gurbh é Buttigieg an duine sin. Tá sin athraithe anois. Tá feachtais Elizabeth Warren agus Amy Klobuchar in ísle bhrí freisin. Tá an tuairim ann go dteastaíonn duine éigin le dúshlán Bernie Sanders a thabhairt ag neartú agus go deimhin ráflaí i measc lucht faire na polaitíochta sna Stáit Aontaithe go bhfuil ugach tugtha don bheirt bhan fanacht sa rás ar mhaithe le vótaí a thógáil ó Sanders.

Ní leor bua in aon Stát amháin do Biden. Líon ard na vótóirí den chine ghorm in South Carolina a chuidigh go mór leis Dé Sathairn seo caite. Beidh sé ag súil go mbeidh an scéal amhlaidh i leithéidí Alabama, Arkansas, Oklahoma agus North Carolina inniu agus go gcuideoidh sin lena fheachtas. Coinneofar súil ar leith freisin ar na stáit is mó – California agus Texas.

Ní léir go fóill an mbeifear in ann Sanders a chur dá bhuille agus forlámhas aige ar an gcoimhlint seo go fóill ach is é Biden an duine is mó a bhfuil dóchas aige go n-éireoidh leis sin a dhéanamh. Seo an tríú hiarracht aige ar an Teach Bán agus ba Dé Sathairn seo caite a rug sé an chéad bhua riamh leis i réamhthoghchán.  An mbeidh a dhóthain de bhorradh faoina fheachtas tar éis Super Tuesday? Is críonna an té a déarfadh. Is é Bernie Sanders rogha na coitiantachta fós.

Fág freagra ar 'Is é Bernie Sanders rogha na coitiantachta fós'