Is cuimhin liom a bheith ag rith thart, gléasta mar bhean Cheilteach d’Oíche na Mac Léinn agus ag vlagáil

Sa tsraith seo, ceistítear roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le hOireachtas na nGael. An geábh seo, is í an t-iriseoir Caoimhe Ní Chathail atá linn

Is cuimhin liom a bheith ag rith thart, gléasta mar bhean Cheilteach d’Oíche na Mac Léinn agus ag vlagáil

Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Bhí mise 10 mbliana d’aois nuair a tháinig Oireachtas na Samhna go Leitir Ceanainn sa bhliain 2004. Is cuimhin liom ag gléasadh suas do cheiliúradh Oíche Shamhna s’acu agus ag fáil lascaine i siopaí áitiúla nuair a labhair mé Gaeilge. Ní raibh cliú agam caidé a tharla um oíche áfach!
Céard é an rud is fearr faoin Oireachtas?

Ag bualadh le seanchairde agus cairde úra ag an am céanna. Uaireanta is ag an Oireachtas amháin a tchím daoine agus go háirithe ó bhog mé go Béal Feirste, is deas an rud é muintir DCU agus muintir na hardchathrach a fheiceáil ag an Oireachtas.
Céard é an rud is measa faoin Oireachtas?

Go n-imíonn sé chomh gasta sin agus go mbíonn sé i gcónaí ag cur fearthainne i gCill Airne!
An tOireachtas ag filleadh ar Chill Airne— smaoineamh maith? Ní féidir a shéanadh gur láthair den scoth é an Gleneagle agus na hóstáin thart air ach is turas iontach fada é ó Bhéal Feirste! Cinnte go bhfuil traidisiún de shaghas éigin ag baint le Cill Airne ach tá mé ag súil go mór leis a bheith i nGaillimh i gceann cúpla bliain!

 

Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

Rith thart agus faigh blaiseadh d’achan rud. Ná caill an Cabaret nó Club na Féile agus ná gabh na chodladh! (ar feadh i bhfad). Má fheiceann tú duine ó shaol na Gaeilge go bhfuil meas agat orthu – labhair leo! Tá achan duine ann ar mhaithe leis an chraic!
Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Club na Féile cé go gcaithim neart ama ag Corn Uí Riada achan bhliain. Is breá liom an deis mo chuid scileanna damhsa ar an sean-nós (nach bhfuil agam) a chleachtadh. Bíonn Club na Féile ar mire agus is breá liom an bheocht agus an spionn iontach a bhíonn ar achan duine!
Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Chuirfinn ar siúl é taobh amuigh i rith an tsamhraidh. Chuaigh mé chuig an Eisteddfod i mbliana – féile sa Bhreatain Bheag a spreag an tOireachtas na blianta ó shin agus i ndáiríre níl mórán cosúlachta eatarthu anois. Bheadh sé ar dóigh pobal na Gaeilge a tharraingt le chéile agus beocht a chur faoin Oireachtas trí cheiliúradh samhraidh a dhéanamh de. Bainim an oiread sult as an Oireachtas ach is in óstáin a chaitheann muid ár gcuid ama uilig. Nach mbeadh sé iontach a bheith faoin aer, i gceantar Gaeltachta, ag tabhairt tacaíochta do na pobail sin in áit óstáin mhóra chorparáideacha?
Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Nuair a tchíonn tú ar a laghad cúigear ar do bhealach isteach go bhfuil aithne agat orthu. Agus an chaint uilig ar Twitter a chuireann sceitimíní ort nuair a fheiceann tú cé a bheas i láthair.
Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán ón Oireachtas?

Faigh neart codlata an tseachtain roimhe agus bíodh Berocca nó dó i do phóca agat. Ná gabh iomlán ar mire an chéad oíche. Beidh fuinneamh de dhíth ort!
Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

An dara bliain san ollscoil – 2014 i gCill Airne. Bhí neart againn tagtha ó Chumann Gaelach DCU agus b’in an chéad bhliain go raibh aithne agam i gceart ar dhaoine eile ó phobal na Gaeilge. Is cuimhin liom ag rith thart, gléasta mar bhean Cheilteach d’Oíche na Mac Léinn agus ag vlagáil. Bhí mé chomh tógtha sin leis an deireadh seachtaine!

Fág freagra ar 'Is cuimhin liom a bheith ag rith thart, gléasta mar bhean Cheilteach d’Oíche na Mac Léinn agus ag vlagáil'