‘Is breá lem chroí a bheith beo’ – comhairle na sean

D’fhéadfaimis go léir foghlaim ón mbeirt bhan mhisniúil seo…

‘Is breá lem chroí a bheith beo’ – comhairle na sean

Pictiúr: Guinness World Records

Fan glan ar éinne atá ciotrúnta míchuibheasach má theastaíonn saol fada

‘socair sásta’ uait, a deir an bhean is sine ar domhan, Maria Branyas Morera.

Is aici sin a bheadh a fhios, nach bhfuil an céad is a sé déag slánaithe aici, bail ó Dhia ar an mbean.

Sa Chatalóin sa Spáinn a mhaireann sí.

Chuir sí dhá chogadh domhanda di, cogadh cathartha na Spáinne, gan trácht ar an bpaindéim fliú a bhí acu sa tír san i 1918 agus Covid ár linne féin leis. Chuir sí é sin di nuair a bhí an galar forleathan agus marfach sa tír sin.

Mura bhfuil teacht aniar inti bail uirthi. Thug sí triúr clainne ar an saol leis.

Ní mór ná go bhfágann Maria Branyas Morera ár seanóir clúiteach féin

Máirín Hughes in áit na leathphingine.

Níl sí sin an bhean bhocht ach an céad is a naoi. Slán mar a n-insítear é.

Rugadh Máirín Hughes i mBéal Feirste ach chaith sí tamall i mBleá Cliath agus i gCill Airne, i gCiarraí. Tá sí anois in áras seanóirí i gCorcaigh, ach má tá, tá a coisíocht go maith fós ag an mbean uasal agus í lán de cheol is de spleodar.

Is cuimhin léi na Dúchrónaigh sa tír. Sin cuimhne agat.

Nuair a bhí Máirín Hughes sna tríochaidí bhain sí céim san Eolaíocht amach in Ollscoil Chorcaí, beart a bhí neamhghnách go maith ag an am.

An chomhairle atá ag an mbean bhreá seo orainn, gan aon neomat den lá a chur amú chomh maith le sult is sásamh a bhaint as an saol.

Níl aon chaint ar aon taoscán den mbraoinín cruaidh a chaitheamh siar anois is arís ar an liosta moltaí ag ceachtar des na mná breátha sláintiúla seo.

Is breá le Máirín Hughes a bheith ag léamh nuachtán, irisí is úrscéalta, gan trácht ar a bheith ag déanamh crosfhocal, ag faire ar iompar na n-éan is ag éisteacht le ceol.

An t-amhrán is ansa léi a deir sí ná ‘Óró sé do Bheatha Abhaile’, amhrán a luaitear le Pádraig Mac Piarais.

Is breá lem chroí a bheith beo, a deir sí.

D’fhéadfaimis go léir foghlaim ón mbeirt bhan mhisniúil seo.

Fág freagra ar '‘Is breá lem chroí a bheith beo’ – comhairle na sean'

  • Antain Mac Lochlainn

    Bhain mé sult ar dóigh as an alt seo. Cuirfidh mé an chomhairle i ngníomh!

  • jpmorley0@gmail.com

    Go maire úr gcolúnaí an céad is a sé déag agus bliain lena ais chun aithreachais…!