Is botún a rá gur feallaire é Tsipras – is siabhránaí é

Cá dtéann an Ghréig anois tar éis bua Syriza i dtoghchán na Gréige agus an tír ar fad fós faoi chuing na déine?

Alexis Tsipras
Alexis Tsipras

Tá bua suntasach bainte amach ag Alexis Tsipras agus Syriza i dtoghchán na Gréige, ach tá an tír ar fad fós ina giall ag déine agus nualiobrálachas  Aontas na hEorpa.

Bhí sé beagainín íorónta, ar ndóigh, gurb í an fháilte ba mhó a cuireadh roimh bua Tsipras ná na focal molta ón Tríúracht agus ó Airí Airgeadais an AE a bhrúigh na tearmaí dobhuanaithe ar an nGréig.

Ní féidir a shéanadh ach go ndearnadh Tsipras u-casadh as cuimse nuair a ghlac sé le déine tar eis dó reifreann a reáchtáil le cur ina haghaidh.

Ach is é toradh an toghcháin ná gur scriosadh an dream a d’fhág Syriza mar gheall ar an bhfeall a imríódh ar dhaoine, dar leo. Níor éirigh le hAontacht an Phobail an trí faoin gcéad a fháil a bhí riachtanach le dul isteach sa bparlaimint nua. Orthu siúd a chaill, bhí Iannis Varoufakis, an t-iaraire airgeadais.

D’fhan cuid mhaith vótóirí sa mbaile an uair seo, is níor chaith ach 52% a gcuid vótaí. Ní hamháin nár éirigh le Aontacht an Phobail fáil isteach sa bparlaimint ach níor éirigh leis an bPáirtí Cumannach, an KKE, céatadán níos fearr a ghnóthachtáil an uair seo ach an oiread. Tá siad fós ar 5.6%, figiúir an-íseal go stairiúil.

Ach is botún a rá gur feallaire é Tsipras. Cinnte, thug sé muintir na Gréige suas is anuas an cnoc, agus ar nós Diúc Eabhraic, d’fhág sé sa lár ag deireadh iad.

Ach ghlac pobal na Gréige, is cosúil, lena mhaíomh go ndearna sé a dhícheall is theip air toisc nach raibh aon tacaíocht eile aige san Eoraip – go fóill ar aon chuma.

Ba speisiúil gur thug se óráid i gcaitheamh an fheachtais ag rá gur fágadh leis féin i gcoinne an chuid eile den Eoraip é, ach go mbeadh sé i bhfad níos láidre nuair a bheadh Podemos i gcumhacht sa Spáinn agus Gerry Adams ina Thaoiseach ar Éirinn.

‘Sea, ní feallaire é ach siabhránaí, mar cé go dtabharfaidh Podemos agus sinn Féin dúshlán láidir do lucht na déine sa Spainn agus in Éirinn, níl an chosúlacht ann, faoi láthair ar aon nós, go n-éireoidh leo cumhacht rialtais a bhaint amach.

Rud atá níos bunúsaí, ámh, ná go gcreideann sé gur féidir leis – in éineacht leo siúd i dtíortha eile a aontaíonn leis – athrú a dhéanamh ar nósanna an Aontai.

Ach tá polasaithe déine an Aontais, agus na rialacha fioscacha atá taobh thiar de, bunaithe ar chonarthaí idir na ballstáit.

Mar a mhínigh an tráchtaire Wolfgang Munchau sa Financial Times, beidh sé riachtanach na conarthaí sin a athrú má tá polasaithe difriúla le bheith ann.

‘Bhfuil sé réadúil a cheapadh go mbeadh na tíortha a dhiúltaigh a bheith níos tuisceanaí don Ghréig sásta an t-athrú conartha sin a dhéanamh ar mhaithe le mianta Tsipras a shásamh?

Dúirt Munchau go mbeadh réabhlóid ag teastáil mura féidir athrú conartha a fháil agus go mbeadh gá sa chás sin neamhaird a thabhairt ar na rialacha is iad a fhágáil ar leataobh. 

Ach sin díreach an rud a dhiúltaigh Tsipras a dhéanamh.

Go bunúsach, níl sé réadúil a cheapadh gur féidir tré argóintí aspail an nualiobrálachais a iompú ina naoimh a bhfuil coinsias sóisialta acu.

Cinnte tá na fórsaí ar fud na hEorpa atá in aghaidh na déine ag bailiú nirt, ach is tré ‘ní hea’ a rá leis an Eoraip atá dul chun cinn ceart le déanamh.

Tá sé léirithe ag na forsaí is cumhachtaí san Eoraip gur cuma leo leas na Gréige, mar tá a fhios ag an saol nach féidir go n-éireoidh leis an téarmaí tarrthála is deireanaí – tá a leithéid admhaithe go poiblí ag an IMF – mar ní tarrtháil ach géilleadh a bhí i gceist ó thús.

Tá súil fós ag Tsipras go mbeadh sé in ann leasuithe eile a chur chun cinn a chuirfeadh an t-ualach ar lucht an airgid sa nGréig, ach níl a fhios aige go fóill cén leasuithe atá i gceist.

Sa mbaile in Éirinn, tá leisce ar Shinn Féin briseadh le Syriza, ach má leanann siad a sampla siúd agus géilleadh don Eoraip, ní bheidh in ndán dóibh ach an teip a bhí i ndán do Phasok thall sa nGréig agus an teip atá i ndán do Pháirtí an Lucht Oibre abhus.

Ní cairde dlúthpháirtíochta linn iad tíortha an Euro, ná leis an nGréig. Is é an t-aon bhealach le stop a chur le déine ná neamhaird a dhéanamh ar rialacha an Euro féin.

Fág freagra ar 'Is botún a rá gur feallaire é Tsipras – is siabhránaí é'

  • Fearn

    Deirtear riamh nach raibh sa phoilitíocht ach “ealaín na bhféidireachtaí”.

    An “siabhránaí” an Siorpasach chionn is go bhfuil barúil eile aige i dtaobh teorainn na bhféidireachtaí seo?

    Níor chaill fear an mhisnigh riamh é, ach ní leor é le lucht do leanúna a choinneáil is dócha.

  • Concubhar

    Conas is féidir ‘nuacht’ a thabhairt ar an alt seo nuair is tuairimíocht amach is amach atá i gceist…..?

    • Fearn

      Anailís é, nach ea? Tá substaint ann agus cuireann sé toise le díol nuachta dar liom.

  • Concubhar

    Agus tá rannóg ar Tuairisc le haghaidh anailíse freisin – i roinn na tuairimíochta!

    • Fearn

      B’fhéidir nach cathair mar a tuairisc í ! :-)