Is beag cúnamh díospóireacht Dála dóibh siúd a bheidh caite amach as a gcuid lóistín

Is fada an t-achar bliain go leith a bheith ag faire ar an gcineál raic a tharla sa Dáil an tseachtain seo

Is beag cúnamh díospóireacht Dála dóibh siúd a bheidh caite amach as a gcuid lóistín

Is iomaí duine a bheidh ag tnúth an tseachtain seo chugainn le cúpla lá saor do bhriseadh na Féile Pádraig. Beidh an Dáil ar scor agus saoire ag na polaiteoirí freisin. Rachaidh an chuid is mó den rialtas thar lear le cás na hÉireann a chur os comhair an phobail idirnáisiúnta. Buíoch beannachtach a bheidh cuid mhaith daoine an réabadh sa Dáil a bheith ina stad ar feadh seachtaine.

Thug an méid argóna agus achrainn a bhí sa Dáil an tseachtain seo faoin gcosc ar dhíshealbhú leide eile, má theastaigh sin, go bhfuil na páirtithe ag réiteach do thoghchán.

Beidh siad gnóthach ó thaobh toghchánaíochta in 2024 idir chinn áitiúla, Eorpacha agus olltoghchán is dóigh, sa bhFómhar. Go bhfóire Dia orainn, is fada an t-achar bliain go leith ag faire ar an gcineál réabadh a bhí sa Dáil an tseachtain seo.

Bhí sé ina chlampar idir an Taoiseach agus Mary Lou McDonald ar an gCéadaoin. Thosaigh an réabadh arís Déardaoin idir an Tánaiste Mícheál Martin agus urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty. Maslaí agus priocthaí dá gcaitheamh anonn agus anall trasna urlár na Dála faoi cé acu ab fhearr a raibh tuairimí acu i dtaobh an choisc ar dhíshealbhú.

Faraor, ní leigheas ceachtar de na hargóintí Dála ar an mbunfhadhb. Tá géarchéim tithíochta sa tír. Thug an Taoiseach le fios i rith na seachtaine go bhfuil suas le ceathrú milliún teach ag teastáil sa tír. Tá iliomad plean agus straitéis foilsithe agus is léir go bhfuil feabhas ag teacht ar an méid tógála atá ar siúl más go mall righin féin é.

Glacann an rialtas leis go mbeidh tuilleadh daoine gan dídean mar thoradh ar an gcinneadh sin. Beidh muid ag fanacht leis na figiúirí is déanaí faoin líon daoine gan dídean – tá os cionn 11,700 ag fulaingt cheana féin agus os cionn 3,000 páiste ina measc.

Tar éis na Féile Pádraig reáchtálfar vóta Dála faoi chinneadh an rialtais deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú. Is cinnte go mbeidh Sinn Féin, a mhol an rún, ag súil go mbeidh cúpla teachta rialtais ag vótáil in éineacht leo. Beidh súil acu freisin go gcothóidh an díospóireacht faoin rún tuilleadh míshuaimhnis i measc na dTeachtaí a bhfuil amhras léirithe acu faoi chinneadh an rialtais deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú.

An rud is truamhéalaí faoi seo ar fad ná gur beag sásamh intinne a thabharfaidh díospóireacht Dála dóibh siúd a bheidh caite amach as a gcuid lóistín faoi lár na míosa seo chugainn. Is beag cuidiú í don charthanacht atá ag cur daoine ó dhoras. Is beag tairbhe í an gheamaireacht pholaitiúil mura dtagann iarracht éigin ar réiteach na géarchéime dá barr.

Fág freagra ar 'Is beag cúnamh díospóireacht Dála dóibh siúd a bheidh caite amach as a gcuid lóistín'