Is ait gurb iad na daoine is boichte a chaitheann ‘an crios a fháisceadh’ i gcónaí

Leithscéal agus a thóin leis a bhí sa Bhreatimeacht i mBuiséad 2020

Is ait gurb iad na daoine is boichte a chaitheann ‘an crios a fháisceadh’ i gcónaí

Bhuel, ní raibh mé ag súil le mórán sa bhuiséad, agus is maith sin mar ba lú fós a bhí ann ná mar a cheap mé fiú.

Buiséad réamhthoghcháin? Nó buiséad do lucht an rachmais?

Nó buiséad ar mhaithe le tabhairt le fios go bhfuil rialtas stuama, measúil againn, agus muid faoi bhagairt Breatimeacht gan mhargadh?

Sea, is iontach an leithscéal é an Breatimeacht le greim a choinneáil ar airgead an stáit seachas ardú a thabhairt dóibh siúd atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh: pinsinéirí, lucht dífhostaithe is eile.

Ach nach bhfuil sé beagáinín ait gurb iad na daoine is boichte sa tír a chaithfidh ‘an crios a fháisceadh’ chun comhlachtaí a chosaint ar an mBreatimeacht?

Mar an gcéanna leis an gcáin charbóin. Beart é seo ar son na timpeallachta a mhaíonn an rialtas (agus ar ndóigh na Glasaigh a mhol an polasaí).

Ach nach bhfuil sé beagáinín ait gurbh iad muintir na tuaithe a chaithfidh taisteal chun a gcuid oibre, nó daoine ar ioncam íseal atá ag iarraidh a gcuid tithe a théamh is mó a íocfaidh as truailliú na gcomhlachtaí?

Agus maidir leis an airgead atá le cur ar leataobh ar fhaitíos an Bhreatimeacht gan mhargadh, féach nach bhfuil aon sonraí ar fáil faoi céard atá i gceist.  Cén chosaint a bheidh ar fáil? Cé a chosnófar?

Deir an rialtas go ndéanfaidh siad gnóthaí a chosaint ó chúlú eacnamaíochta. Ach an gcuirfidh siad airgead ar fáil dóibh siúd a chaillfidh a bpost, nó an rachaidh an t-airgead ar fad chuig na comhlachtaí arís?

Maidir le cúrsaí feirmeoireachta agus easpórtáil bia, an rachaidh an t-airgead go dtí na feirmeoirí chun iad a mhealladh tabhairt faoi chineálacha eile feirmeoireachta, nó an rachaidh sé go dtí na comhlachtaí mairteola is cáise?

Níor mhínigh an rialtas an scéal, ach ní chreidim go rachaidh aon airgead chucu siúd atá ag bun an dréimire. Cén fáth? Bhuel, cé leis a labhair an rialtas roimh an mbuiséad?

Bhí siad i dteagmháil roimh ré le hurlabhraithe na ngnóthaí móra agus boic mhóra na talmhaíochta. Ach arís nach bhfuil sé beagáinín ait nár bhac siad le dul i dteagmháil leis na ceardchumainn, fiú leis an ICTU, Comhdháil na gCeardchumann?  Léiriú is ea an easpa teagmhála sin gur cuma leis an rialtas faoi na ceardchumainn agus na hoibrithe atá ina mbaill acu.

Ach is féidir leo dearmad glan a dhéanamh ar na hoibrithe toisc nach bhfuil aon chumhacht pholaitiúil acu. Mar a dúirt Dave Gibney ón gceardchumann Mandate, ní éistfear le guth polaitiúil na n-oibrithe mura bhfuil guth polaitiúil acu.

Taobh amuigh den Bhreatimeacht – agus creidim go mba leithscéal maith é gan freastal ar riachtanais eile eacnamaíochta agus sóisialta – tá ceithre ghéarchéim os comhair na tire faoi láthair: cúrsaí tithíochta, sláinte, easpa forbartha tuaithe agus aeráide.

Agus níl tada déanta maidir le ceann ar bith acu, ach roinnt bheag cur i gcéill i gcás na haeráide.

Tithíocht, ar dtús. Tá a fhios ag an saol nach bhfuil aon bhealach eile chun an ghéarchéim seo a réiteach ach an-chuid tithe breise a thógáil. Is é an stát tríd na húdaráis áitiúla a chaithfidh na tithe sin a thógáil, mar a rinneadh sna daichidí, sna caogaidí, na seascaidí is na seachtóidí –.

Ach ní raibh le tabhairt ag an rialtas ach beagáinín airgid bhreise don scéim Cuidiú um Cheannach Tithe! Scéim ar soiléir go bhfuil teipthe air cheana is scéim nach ndéanfaidh aon difear dóibh siúd atá gan dídean nó dóibh siúd atá ar na liostaí feithimh.

I gcúrsaí sláinte, rinneadh fíorbheagáinín ach ní dhearnadh tada suntasach agus seachnaíodh na mórfhadhbanna.

I réimse an oideachais beidh níos lú airgid ar fáil le scoileanna nua a thógáil, agus beidh cuid mhaith airgid le caitheamh ar scoileanna a dheisiú mar nár tógadh i gceart iad.

Tada ar bith a fógraíodh don fhorbairt tuaithe, mar ar ndóigh ní cheadaíonn an tAontas Eorpach cabhair stáit le fostaíocht a chruthú. Tada a rinneadh freisin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide ach aon t-aon chéim amháin a tugadh go drogallach – an cháin charbóin a ardú. Polasaí é sin nach ndéanfaidh aon mhaith ar aon chuma.

Ach feictear domsa gurb é an rud is measa ná nach bhfuil brú ar bith ar an rialtas de thoradh an bhuiséid. 

Tá Fianna Fail fós ag cur i gcéill gur freasúra iad ach iad ag tacú le chuile pholasaí de chuid an rialtais, agus ní léir go bhfuil na vótóirí ag éisteacht le Sinn Féin nó le páirtí ar bith eile ar an eite chlé.

Agus dá laige Páirtí an Lucht Oibre anois, nár dheas ó RTÉ an oiread ama a thabhairt do Bhrendan Howlin cáineadh a dhéanamh ar pholasaithe a chuir siad féin i bhfeidhm agus iad i rialtas?

Fág freagra ar 'Is ait gurb iad na daoine is boichte a chaitheann ‘an crios a fháisceadh’ i gcónaí'