Níor mhór ‘undesirables’ a choinneáil amach as eastáit phríobháideacha tithíochta, a deir Comhairleoir sa Ghaillimh…

Tá Comhairleoirí Contae i nGaillimh buartha faoi dhaoine, a deir siad a fhaigheann teach ar cíos ón Stát, a tharraingíonn trioblóid agus a chuireann as dá gcomharsana a cheannaigh a dtithe féin. An bhfuil cuid den fhírinne acu?

Níor mhór ‘undesirables’ a choinneáil amach as eastáit phríobháideacha tithíochta, a deir Comhairleoir sa Ghaillimh…

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Níor mhór ‘undesirables’ a choinneáil amach as eastáit phríobháideacha tithíochta, a dúirt an Comhairleoir Contae Jim Cuddy, comhairleoir neamhspleách ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Ní túisce “undesirables” taobh istigh de dhoras tí ann ná go bhfuil luach na dtithe eile ar an eastát sin laghdaithe go mór, a dúirt sé.

 “Cá bhfágann sé sin na daoine a chuir lámh ina bpóca féin agus a thóg amach morgáiste? Bhí siadsan ag ceapadh go rabhadar ag dul isteach in eastát príobháideach agus go raibh teach acu a choinneodh an luach ag ar ceannaíodh é?” arsa Cuddy.

Go deimhin, bheidís ag súil go n-ardódh luach a gcuid maoine ar an margadh le himeacht na haimsire. Ach, má thagann na ‘undesirables’, beidh an praghas a bheadh ar na tithe príobháideacha tite go tóin poill – sin nó ní bheadh glaoch ar bith ar na tithe sin ar an margadh. Sin a bhí le rá ag an gComhairleoir Cuddy.

Ar ndóigh, taitníodh sé linn nó ná taitníodh, tá firinne i gcaint Jim Cuddy. Mura mbeadh duine bodhar ar an saol, tá neart samplaí le feiceáil den rud a dúirt an Comhairleoir Cuddy ag cruinniú de Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Is deacair scaradh le tithe ar an margadh má tá mísc, mí-ómós agus mímhúineadh ar bun seasta in aice láthair.

’Sé bun agus barr an scéil anseo ná go gceannaíonn údaráis áitiúla – Comhairle Chontae na Gaillimhe a bhí i gceist ag Jim Cuddy – roinnt tithe scaití ar eastáit phríobháideacha agus go ligtear amach ar cíos na tithe sin le daoine a bhíonn ar an ‘liosta feithimh’ tithíochta, nó atá i gcruachás cheal áit chónaithe. I gcaint na háite, thabharfaí “tithe Council” ar na tithe seo a cheannaíonn an t-údarás áitiúil.

Seo cás ina dtagann an polasaí náisiúnta salach scaití ar an saol ar leac an dorais. Níl an toradh a bhíonn ar an meascán tithe príobháideacha agus tithe sóisialta ag obair go sásúil, a deir an Comhairleoir Cuddy, agus, a deir sé, tá bob dá bhualadh go minic ar dhaoine a cheapann gur tithe príobháideacha uilig a bheidh thart orthu.

Bheadh daoine ann a déarfadh go gcothódh caint mar a rinne an Comhairleoir Cuddy bearnaí idir aicmí éagsúla daoine – iad siúd a bhí in ann teach nó árasán a cheannach agus iad siúd a bhíonn i dtuilleamaí cabhair ón Stát agus nach raibh in acmhainn teach a cheannach iad féin. Idirdheighilt shóisialta a thabharfaí air dá mbeadh na saineolaithe acadúla dá phlé.

Le cothrom na Féinne a thabhairt don Chomhairleoir Cuddy mhínigh sé in agallamh tar éis an chruinnithe go bhfuil formhór na ndaoine a fhaigheann tithe sóisialta – nó “tithe Council” mar a thugtaí orthu – ina gcomharsana maithe, sibhialta agus ceart. Ach, a deir sé, tá dream áirithe ann a fhaigheann teach ar cíos ón Stát agus milleann siad an scéal uilig; tarraingíonn siad trioblóid agus déanann siad mísc. Tá an saol a bhí ceaptha amach dóibh féin ag an dream a cheannaigh na tithe príobháideacha curtha trína chéile agus tá iarraidh faighte acu ina bpócaí. Níl sé ceart ná cóir, a deir an Comhairleoir Cuddy.

Molann seisean go mbeadh eastáit Chomhairle Contae ceaptha amach in aon turas do dhaoine a dteastaíonn tithe sóisialta uathu. Dar leis an gComhairleoir Cuddy má cheannaíonn daoine teach ar eastát atá ceaptha a bheith príobháideach, sin le rá gur as do phóca féin a d’íoc tú as do theach, bíodh an t-eastát sin príobháideach. Eastáit phríobháideacha do dhaoine príobháideacha; eastáit Chomhairle Contae/Cathrach dóibh siúd atá ar an ‘liosta feithimh’ tithíochta. Ní dearcadh é a thaitneoidh le daoine a raibh a seacht míle dícheall déanta acu ach fós féin, nach raibh in acmhainn teach a cheannach ar eastát príobháideach.

Fós féin, tá ceist ann faoi na ndaoine ar thug Jim Cuddy ‘undesirables’ orthu. Chuir an Comhairleoir, Tom McHugh, as Tuaim ainm eile ar thionóntaí dá leithéid: ‘a certain element’. Labhair Tom McHugh, Comhairleoir de chuid Fhine Gael ag an gcruinniú céanna de Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag a raibh tithíocht á plé. Thug an Comhairleoir McHugh cuntas ar fhaillí agus ar mhísc uafásach a rinneadh ar eastát poiblí in Áth Eascrach in oirthear na Gaillimhe.

Ba é a chomhlacht féin a thóg na tithe seo i 1984, a deir an Comhairleoir McHugh. Daoine as an gceantar a chuaigh isteach sna tithe agus bhí go maith ar feadh tamaill nó gur tháinig ‘certain element’ isteach iontu. Rinneadh réabadh, scrios, an-mhailís agus gadaíocht, a deir Tom McHugh. Fágadh na tithe agus an t-eastát ina chríonach, a deir sé. Anois tá an t-eastát seo á chóiriú arís ar chostas €2.5m. An cáiníocóir atá ag seasamh an chostais. Náire shaolta a bhí ann, a deir Tom McHugh agus caithfear smacht agus pionós a chur ar an ‘certain element’ seo.

Tá deacracht ag baint leis an smacht agus leis an bpionós mar nach bhfuil na foirne ag na húdaráis áitiúla le súil sách géar a choinneáil ar chúrsaí mar seo. Fiú agus nuair a bhíonn fadhbanna ann, ní bhíonn mórán de rogha ag an gComhairle Contae/Cathrach. Is féidir daoine/teaghlaigh a aistriú go háit éigin eile ach tá an baol ag baint leis sin go dtosóidh tuilleadh trioblóide san ionad nua atá acu – nó go mbeidh trioblóid de bharr an aistriúcháin sin in eastát a bhí síochánta roimhe sin. 

Ar ndóigh, ní thabharfaí dearcadh liobrálach ar chaint na gComhairleoirí Cuddy agus McHugh. Ach, is furasta do dhaoine, cuir i gcás, atá amuigh i lár na tuaithe nó i gcomharsanachtaí rachmasacha cathrach a bheith ag caint. Ní thagann na ceisteanna seo in aice an dorais acusan; níl na ‘undesirables’, mar a bhaist an Comhairleoir Jim Cuddy orthu, i ngar dóibh.

Fág freagra ar 'Níor mhór ‘undesirables’ a choinneáil amach as eastáit phríobháideacha tithíochta, a deir Comhairleoir sa Ghaillimh…'

  • Frainc

    Tá na heastáit sin a ndearnadh ciollaracha de na tithe iontu le feiceáil ar fud na tíre. Iad bordáilte suas ag an gComhairle le tamall mór fada. Is uafásach an scéal é. An ‘eilimint áirid’ sin, bogann siad isteach sna tithe agus striopálann siad anuas ansin iad le haghaidh airgead a fháil. Díolann siad chuile rud sa teach, fiú is na slinnte! Deoch is drugaí ar bharr an liosta acu. Daoine gan dídean is ea iad ansin agus míle ochlán acu. Ní tógtha ar na daoine macánta a cheannaigh a dtithe féin san eastát a bheith trína chéile i ngeall ar chladhairí den sórt sin. Agus an Chomhairle ar a bionda ag iarraidh tithe a dháileadh. An mbíonn ‘an fhadhb’ sin acu i dtíortha eile nó an galar de chuid na tíre seo amháin é? Cén réiteach atá air?

  • Lillis Ó Laoire

    Tharla sé dom féin – teaghlaigh a raibh baint acu le coiriúlacht agus bhí ag teacht i dtír ar an chóras leasa shóisialaigh a cuireadh i dtithe a bhí ceannaithe ag an Fheidhmeannas Sláinte. Bhog siad isteach agus má bhog, níor ghlac sé i bhfad ormsa a thuiscint nár cheart aon rud a fhágáil taobh amuigh de mo dhoras. Is trua é ach is fíor é.

  • R

    Mo náire sibh. Is tógálaí duine de na comhairleoirí sin. Tá dhá rud ann:
    Ar dtús báire níl tógálaithe ag scaipeadh an títhíocht shóisialta go cothrom mar atá leagtha amach sna coinníollacha tógála faoina bhfeidhmíonn siad – is gá seo a cheartú! Bheadh sé níos éasca ar na Gardaí dul i ngleic le hiompar sóisialta míchuí dá mbeadh sin déanta.
    Agus ina theannta sin, ní mór dó dhaoine gearán oifigiúil a dhéanamh leis na póilíní agus gearán foirmeáilte a dhéanamh leis an tiarna talún. Ní mór don tiarna talún plé leis na húdaráis chuí fosta … faraor, an mó páipéarachas a chruthaítear is fearr é le go gcuirfear plean i bhfeidhm le déileáil le fadhbanna sa tír seo. Mar cinnte is fadhb í.

    Ar deireadh, an réiteach? Sin ceann deacair! Cinnte, ba cheart an té a dhéanann slad ar thíthíocht shóisialta a chaitheamh amach, ach cá rachaidís? An bhféadfaí na leanaí a chur faoi chúram an stáit? Ar ndóigh s’é an dream céanna a dhéanfaidh agóidíocht mar gheall ar dhaoine gan dídean nach bhfuil ag iarraidh go mbeadh títhíocht shóisialta ar a dtáirseach féin, go minic! Bímis ionraic faoin méid sin ar a laghad. Maidir le mo dhroch-mholadhsa, cad faoi seo: b’fhéidir nach mór brúnna a chruthú … sort teach na mbocht i ngach contae dóibh siúd nach bhfuil toilteanach aire a thabhairt don áit chónaithe a bronnadh orthu – caitheamh leo mar pháistí! Ró-dhian?
    Táimse ag iarraidh réiteach a fháil ar an scéal ar a laghad, rud nach bhfuil na comhairleoirí san alt thuas! Tá siad ag moladh leanúint den tseift chéanna nár oibrigh go dtí seo – an fhadhb a bhrú as a gcomharsanachtaí féin. Is fadhb í seo atá fud fad na tíre agus is léir go bhfuil teip sa chóras faoi láthair is le fada. Cad é bhur meas?