IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Louise Mulcahy
Louise Mulcahy

Cúige Laighean


Danú
Danú

FÉILE CEOIL TRAIDISIÚNTA: ‘Temple Bar Trad Fest’, 27 Eanáir – 1 Feabhra, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Tá an deichiú féile ceoil traidisiúnta faoi lán seoil i mBarra an Teampaill faoi láthair agus go leor ar siúl idir cheolchoirmeacha, cheardlanna agus seisiúin cheoil le linn an deiridh seachtaine. Anocht beidh ceolchoirmeacha le Cara Dillion, Louise Mulcahy, Danú agus go leor eile a shásóidh óg agus aosta. Tá mo rogha d’imeachtaí na féile luaite thíos ach is féidir teacht ar an chlár iomlán anseo, chomh maith le heolas faoi na seisiúin.

Imeachtaí: https://www.templebartrad.com/events/

Conair sheisiúin: https://www.templebartrad.com/event/tradfest-music-trail/

CEOLCHOIRM AGUS SEOLADH ALBAIM: Seolfaidh Danú eisiúint úrnua ‘Buan’, Dé hAoine 30 Eanáir, 8in, Séipéal St. Werburgh, Baile Átha Cliath. Deis iontach laochra Danú a fheiceáil ar láthair ghalánta agus iad ag seoladh albam nua. Tá Danú ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód agus ag súil le camchuairt a dhéanamh timpeall na tíre i rith an tsamhraidh leis an albam úr. Cead isteach: €22 Tuilleadh eolais: https://www.templebartrad.com/artist/danu/

CEOLCHOIRM: ‘Louise Mulcahy’, Dé hAoine 20 Eanáir, 1-2in, Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath. Ceolchoirm am lóin leis an il-uirliseoir Louise Mulcahy, de bhunadh Mhainistir na Féile, i gCo. Luimnigh. Anuraidh a sheol Louise a céad albam aonair ‘Tuning the Road’, agus beidh cuid dá bhfuil taifeadta ansin aici agus poirt nach bhfuil seinnte aici le tamall le cloisteáil ag an cheolchoirm aonair seo.

CEOLCHOIRM: ‘Liam O’Flynn, Paddy Glackin, Neil Martin agus Mícheál Ó Suilleabháin’, Dé hAoine 30 Eanáir, 8,in, Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath. Tháinig an ceathrar ceoltóirí móra seo le chéile den chéad uair mall sa bhliain 2013 chun comóradh a dhéanamh ar 25 bliain an Taisce Cheol Dúchais Éireann. Ceann de mhór-cheolchoirmeacha an Trad Fest é seo. Cead isteach: €40

Tuilleadh eolais: https://www.templebartrad.com/artist/liam-oflynn-paddy-glackin-neill-martin-micheal-o-suilleabhain/

TAISPEÁNTAS: ‘Bailiúchán Grianghraif Thír Chonaill’, á thaispeáint go dtí an 11 Feabhra, Gallery of Photography, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Taispeántas dírithe ar Mhairéad Ní Mhaonaigh, príomhamhránaí agus fidléir le hAltan, ina dtugtar léargas ar shaol an cheoil in iarthuaisceart Dhún na nGall. Imeacht de chuid Fhéile Trad Fest Bharra an Teampaill, Baile Átha Cliath atá ann. Tuilleadh eolais:https://www.galleryofphotography.ie/mairead-ni-mhaonaigh-donegal-photo-album/

kila
Kíla

CEOLCHOIRM DON TEAGHLACH: ‘Kíla’, Dé Sathairn 31 Eanáir, 2in agus 4in, Ionad Ealaíne Ark, Baile Átha Cliath. Dírithe ar an teaghlach ar fad, seo imeacht a chuirfidh na cosa beaga ag bogadaí. Ceolchoirm spaoiúil a bheas ann a mbeidh foinn thraidisiúnta, amhráin nuachumtha Gaeilge agus rithimí domhanda le cloisteáil. Maireann an dá cheolchoirm 50 nóiméad ar fad. Cead isteach: €12//€9 daoine fásta/ ticéad teaghlaigh €40. Le ticéid a chur in áirithe tabhair cuairt ar theark.ie nó cuir scairt ar 01 670 7788.

IMEACHT DO PHÁISTÍ: ‘Cóisir Cheol Rí na Mara’, Dé hAoine 30 Eanáir, 10:15- 11.00rn (2-3 bliain d’aois), 11:30- 12:15pm (3-4 bliain d’aois), Ionad Ealaíne Ark, Baile Átha Cliath. Ceardlann drámaíochta idirghníomhach dírithe ar thuismitheoirí agus ar pháistí óga faoi stiúir an mhúinteora drámaíochta Joanna Parkes. Spraoi agus scéalaíocht á thionlacan ag ceol traidisiúnta beo fite fuaite, mar a n-insítear scéal maighdine mara nach bhfuil ábalta damhsa. Céad isteach €11/€8 an páiste

Céile: Céile leis an bhanna céilí ‘Rise the Dust’, Dé Domhnaigh 1 Feabhra, 4-7in, Club Chill Dara Thuaidh, Cill Dara. Tá Comhaltas Ceoltóirí Éirinn ag eagrú céilí le hairgead a chruinniú a chuirfear i dtreo Fhleadh Cheoil Laighean 2015, a bheidh ar siúl i Maigh Nuad, Contae Chill Dara ó 6 – 12 Iúil 2015. Tuilleadh Eolais: www.leinsterfleadh.ie

Road-to-Glenties600

TAISPEÁNTAS SCANNÁIN: ‘The Long Road to Glenties’, Dé Domhnaigh 2 Feabhra, 2in, Institiúid Scannán Éirinn, Sráid Eustace, Baile Átha Cliath. Scannán a léiríonn an turas a rinne Pete Seeger (1919-2014) go hÉirinn sna seascaidí luatha, turas inár casadh an fidléir iomráiteach Jonny Doherty air. Ba amhránaí agus béaloideasóir mór le rá é Pete Seeger, duine de cheannródaithe na hathbheochana, a bhailigh cuid mhór ceoil le linn na tréimhse. Tabharfaidh na fidléirí Danny Diamond agus an Dr.Conor Caldwell, caint ar chomharthaí sóirt cheol Jonny Doherty, agus casfaidh siad cúpla port dá chuid ina dhiaidh. Tuilleadh eolais: https://www.templebartrad.com/event/the-long-road-to-glenties/

SIAMSA: ‘Gaelgáire- Deireadh le hEanáir Tirim’, Dé Sathairn 31 Eanáir, 9in, Club Chonradh Na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC.  Cuirfidh fear a’ tí na hoíche, Eoin P.Ó Murchú fáilte roimh fhuirseoirí Máirtín Angolo, Áine Gallagher, Cillian Ó Braonáin agus Hilary Bowen Walsh Murphy Wiggenstein Hanaphy. Tá an oíche ghrinn Ghaeilge iontach seo curtha i láthair ag Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath. Cead isteach €3.00 Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Gaelgáire’ ar Facebook.

FÉILE OLLSCOILE: ‘Éigse na Tríonóide’, 30-31 Eanáir, Ollscoil na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá an-chuid ar siúl trí Ghaeilge in Ollscoil na Tríonóide ar an tseachtain seo chugainn, idir bhricfeasta, chainteanna agus siamsa – agus gach ceann acu saor in aisce! Is mar chuid d’Éigse na Tríonóide atá na himeachtaí á reáchtáil ag Cumann Gaelach na Tríonóide i gcomhpháirt le hAontas na Mac Léinn. Seol ríomhphost chuig eolas@cumann.ie nó cuardaigh ‘Éigse na Tríonóide’ ar Facebook.

TAISPEÁNTAS: ‘Lár Tíre’, taispeántas Ilmheánach leis an ealaíontóir Pamela de Brí, 9 Eanáir – 24 Bealtaine, 2015, Cartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1987, chaith Ann Mustoe a post múinteoireachta san aer agus thug sí faoi thuras timpeall na cruinne ar rothar. Seo an tríú taispeántas den tionscadal ‘Lár Tíre’, a d’eascair as turas rothaíochta a rinne an t-ealaíontóir, Pamela de Brí, spreagtha ag Ann Mustoe, a thug í ar bhealach an tsean-iarnróid Midland Great Western (MGWR) mar a bhí. Is taispeántas dátheangach, ilmheánach de ghrianghraif, leabhair nótaí, léarscáileanna, gearrthóga fuaime, dealbhóireacht agus físeán é Midland – Lár Tíre. Tuilleadh eolais:www.cucuart.com      


Cúige Uladh


CEOLCHOIRM: Iarla Ó Lionáird in éineacht le ceolfhoireann na hOllscoile Princeton, Dé Sathairn 31 Eanáir, 7.30in, Halla Uladh, Béal Feirste. Amhráin ar an sean-nós, cóirithe le ceol clasaiceach, a casadh ag ceolfhoireann Ollscoil Princeton. Comhfhiontar é seo, arna chur i láthair ag Perform America, ar mhaithe le hairgead a bhailiú ar son ghéarchéim Ebola. Cead Isteach: £20, £15, £10. Is féidir dhá thicéad a fháil ar luach ticéad amháin faoi láthair.

Tuilleadh Eolais: https://www.belfastcity.gov.uk/events/Event-44619.aspx

SEÓ AONAIR agus Ceol: ‘Idir dhá cheann na hImní’ le Noel Ó Gallchóir – saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna agus amhránaithe óga Thír Chonaill, Dé Máirt 2 Feabhra, ag a 8.30, Halla na Paróiste, Gort a’ Choirce, Dún na nGall. Dráma aon fhir bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Ghrianna (1900-1990), an t-údar mór le rá as Rann na Feirste a scríobh An Druma Mór, An Grá agus an Ghruaim, Mo Bhealach Féin agus go leor eile.  Dráma é seo a scríobh Noel Ó Gallchóir. Is é a chuireann i láthair é fosta. Leanfar le hoíche cheoil le hamhránaithe óga an cheantair, ina measc Cathal Ó Curráin, Eve Belle, Conor Ó Gallchóir, An Grúpa Aoibhneas ó Phobalscoil Chloich Ceann Fhaola agus fonnadóirí eile. Ócáid bhríomhar thaitneamhach a bheas ann le ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas cultúrtha agus liteartha Thír Chonaill. Tá an imeacht seo á reáchtáil ag Glór na nGael. Tá sí saor in aisce ach cuirtear fáilte roimh thabhartais.

Boss Sound Manifesto
Boss Sound Manifesto

SIAMSA: ‘An Cabaret Craiceáilte’, Dé Sathairn 31 Eanáir, 10.00i.n, Teach Húidí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Rónán Mac Aodha Bhuí a chuirfeas é seo i láthair. Caint, comhrá is ceol go maidin. I measc na gceoltóirí a bheas ar an ardán Dé Sathairn, beidh The Boss Sound Manifesto – an grúpa ska is ansa leis na Gaeil, Dominic Mac Giolla Bhríde – laochra sean-nóis Ghaoth Dobhair, agus banna Iodálach Bianco Sporco, a mheascann ceol traidisiúnta na Spáinne, ceol giofógach, rumba Catalónach, bluegrass. Fáilte roimh cách. Cead isteach: €5.00 ar an doras. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘ An Cabaret Craiceáilte’ ar Facebook.


Cúige Mumhan


OÍCHE FÍLÍOCHTA AGUS CEOIL: ‘Eileen Sheenen agus Na Sean Gnóstics’, Dé hAoine 30 Eanáir, 7.30in, An Sciobairín, Corcaigh. Déanfaidh an file Eileen Sheenen, as Scairteach an Ghlinne ó dhúchas, dánta a léamh óna saothair féin fá choinne cheiliúradh Lá Fhéile Bríde. Rogha dánta a bhaineann le miotaseolaíocht, nádúr, muintearas, grá agus bás a bheas faoi chaibidil. Beidh ceol a sheinm ag an ghrúpa ceoil áitiúil ‘Na Sean Gnóstics’ le linn na hoíche chomh maith. Fáilte roimh dánta, ceoil agus ceoltóirí páirt a ghlacadh san oíche má tá amhrán, port nó dán acu. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘ Eileen Sheehan at Working Artist Studios’ ar Facebook.

FÉILE: ‘Éigse na Brídeoige’, Dé hAoine, 30 Eanáir -1 Feabhra, Uíbh Ráthaigh, Ciarraí.

Is é seo an tríú bliain is fiche as a chéile go bhfuil Éigse na Brídeoige á reáchtáil i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Féile chultúrtha dhátheangach atá san Éigse a dhéanann ceiliúradh ar theacht an Earraigh agus ar thraidisiún na Brídeoige in Uíbh Ráthach. ‘Creideamh agus Cré’ téama na hÉigse i mbliana. Beidh idir cainteanna, seoltaí leabhair, oícheanta amhránaíochta, filíochta agus ceoil, taispeántais agus eile.

Léigh a thuilleadh faoi ar Tuairisc.ie https://tuairisc.ie/eigse-na-brideoige-2015-creideamh-agus-cre/    

Clár iomlán: https://www.eigsenabrideoige.com/   


Cúige Chonnacht


FÉILE SCANNÁIN: ‘SUBTITLE’, 30 Eanáir – 1 Feabhra, Amharclann Halla na Cathrach, Gaillimh. Tá Féile Scannáin na hEorpa ‘Subtitle’ a reáchtáil an deireadh seachtaine i gcomhpháirt le hAmharclann Halla na Cathrach, Gaillimh. Seoid bheag d’fhéilí í seo a thugann ardán do scannáin i dteangacha eile seachas an Béarla. Idir scannáin ghrinn agus scannáin faisnéise, scanrúla tá rogha leathan a rachadh i bhfeidhm ar óg agus aosta. Tuilleadh eolais:  https://tht.ie/

OÍCHE CHEOIL: ‘O2’ le DJ Will Softley agus Disconaut’, Dé hAoine 30 Eanáir, Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Tá dea-chlú bainte amach ag an gclub anois mar cheann de na hoícheanta is fearr i nGaillimh faoi láthair. Bí ag súil le buillí domhanda agus func fáistineach agus urlár lán daoine i mbun damhsa. Tuilleadh eolais. Cuardaigh ‘Áras na nGael’ ar Facebook.

IMEACHT D’FHOGHLAIMEOIRÍ: ‘Oíche na bhFoghlaimeoirí’, Dé Céadaoin 4 Feabhra, 8in, Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Tá an-tóir ar an oíche shóisialta seo atá á reáchtáil sa bhéar in Áras na nGael, ina dtagann idir óg agus aosta le chéile chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh chuile sheachtain. Beidh tine ar caorthainn, tae agus deochanna go leor le n-ól. Cuardaigh ‘Áras na nGael’ ar Facebook.


Timpeall na Tíre


ALDOC
ALDOC

CEOLCHOIRM: ‘ALDOC’, 30, 31 Eanáir agus 1 Feabhra, Sligeach agus Béal Feirste.

Díreach ar ais ó Fhéile Celtic Connections, tá ALDOC ar camchuairt timpeall na hÉireann. 

Ó Thamhlacht i mBaile Átha Cliath go dtí an Nua-Shealainn, An Ghearmáin agus níos faide anonn tá an grúpa eicléictiúil seo ag tarraingt go leor airde orthu féin i saol an cheoil. Samhlaigh Bon Ivor, Alt-J agus Fat Freddie’s Drop, caith fear na féadóige móire Alan Doherty (Gráda) sa mhullach air sin agus beidh tuairim agat dá bhfuil i gceist leis an mbuíon seo.

Dé hAoine, 30 Eanáir, Sligeach. Cuardaigh ‘Barry’s Public House’ ar Facebook.

Dé Sathairn, 31 Eanáir, Ionad Ealaíona Duncairn, Béal Feirste. Cead isteach: £10

Dé Domhnaigh, 1 Feabhra, seisiún Maidine, 10.30-2.30, Ionad Ealaíona Duncairn, Béal Feirste Saor in aisce. Tuilleadh eolais: https://theduncairn.com/events

FÉILE: ‘Leabhar Feabhra’, Dé Domhnaigh 1 Feabhra, ar fud na cruinne.

Is traidisiún nua do Lá Fhéile Bríde atá i Leabhra Feabhra atá mar aidhm aige nósanna léitheoireachta na Gaeilge a fhorbairt. Is é an coincheap taobh thiar dó ná go dtabharfar spreagadh do dhaoine leabhar Gaeilge a cheannach agus a bhronnadh ar dhuine mar bhronntanas ar an chéad lá den earrach.

Tabhair leabhar Gaeilge do chara, do ghaol nó do leannán agus glacaigí páirt i bhféile ‘Leabhar Feabhra’.

Tuilleadh eolais:https://leabhrafeabhra.com/

Léigh rogha na scríbhneoirí Alan Titley agus Anna Heussaff le léamh anseo: https://tuairisc.ie/rogha-leabhra-feabhra/

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ faoi theideal an fheachtais ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, má tá tú ag foghlaim nó más cainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824. le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar cnag.ie.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?'