Iarsheanadóir Gaeltachta le filleadh ó Cheanada le dul os comhair cúirte i dtaca le heachtra buille agus teitheadh

Bhí Brian Ó Domhnaill le bheith os comhair Chúirt Chuarda an Fháil Charraigh i nGaeltacht Dhún na nGall inniu

Iarsheanadóir Gaeltachta le filleadh ó Cheanada le dul os comhair cúirte i dtaca le heachtra buille agus teitheadh

Tá an t-iarSheanadóir Gaeltachta de chuid Fhianna Fáil Brian Ó Domhnaill le filleadh abhaile ó Cheanada le dul os comhair cúirte i dtaca le cúiseanna bhaineann le heachtra buille agus teitheadh agus tiomáint faoi thionchar an óil.

Tá roinnt cúiseanna curtha i leith an tSeanadóra as an Fhál Carrach a bhaineann le líomhaintí maidir le timpiste bhóthair agus tiomáint faoi thionchar an óil i gceantar Leitir Ceanainn ar an 2 Meán Fómhair 2013.

Bhí Brian Ó Domhnaill le bheith os comhair Chúirt Chuarda an Fháil Charraigh i nGaeltacht Dhún na nGall inniu.

Dúirt abchóide Uí Dhomhnaill Dáithí Mac Cárthaigh leis an mBreiteamh Paul Kelly go raibh an t-iarsheanadóir ina chónaí anois in Quebec Cheanada.

Cailleadh athair a mhná in Quebec le déanaí agus bhí deacrachtaí aige filleadh, a dúirt Mac Cárthaigh.

Dúirt sé go raibh súil ag a chliant filleadh ar Éirinn ag deireadh mhí Iúil agus go raibh sé ag súil “nach mbeadh sé ag cur isteach ar an gcúirt”.

Nuair a fiafraíodh de Dháithí Mac Cárthaigh an raibh sé i gceist ag a chliant pléadáil ciontach, dúirt an t-abchóide go mbeifí “ag obair ina threo sin”.

Cuireadh an cás ar athló 20 uair go nuige seo.

Fág freagra ar 'Iarsheanadóir Gaeltachta le filleadh ó Cheanada le dul os comhair cúirte i dtaca le heachtra buille agus teitheadh'