Heimir Hallgrímsson na hÍoslainne ceaptha ina bhainisteoir ar Éirinn

Tháinig ceapachán Hallgrímsson aniar aduaidh ar dhaoine ó tharla nach raibh sé ar an liosta fada daoine a bhí á lua leis an bpost

Heimir Hallgrímsson na hÍoslainne ceaptha ina bhainisteoir ar Éirinn

Tá Heimir Hallgrímsson as an Íoslainn ceaptha ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann.

Ocht mí a bhíothas ag cuardach comharba Stephen Kenny ach tháinig ceapachán Hallgrímsson aniar aduaidh ar dhaoine ó tharla nach raibh sé ar an liosta fada daoine a bhí á lua leis an bpost.

D’fhág Hallgrímsson, atá 57 bliain d’aois, a phost mar bhainisteoir ar Iamáice nuair a díbríodh as Copa Mheiriceá iad ag deireadh na míosa seo caite nuair a bhuail Veiniséala iad.

Bhí sé i bhfeighil ar Iamáice do 27 cluiche. Bhuaigh sé deich gcinn, chaill sé deich gcinn agus comhscór a bhí sna seacht gcluiche eile.

Bhí Hallgrímsson ina chomhbhainisteoir ar an Íoslainn, in éineacht le Lars Lagerback, nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Shasana ag craobh na hEorpa in 2016, bua stairiúil.

Bhí an fiaclóir ina bhainisteoir as féin ar a thír dhúchais ina dhiaidh sin nuair a cháiligh siad do Chorn an Domhain in 2018, an chéad uair acu an comórtas sin a bhaint amach.

In aghaidh Shasana i Sraith na Náisiún i mí Mheán Fómhair a bheidh a chéad chluiche ag Hallgrímsson mar bhainisteoir na hÉireann.

Bhain go leor bráca le cuardach an bhainisteora nua d’Éirinn agus faoi dhó a tugadh isteach John O’Shea mar bhainisteoir eatramhach.

Bhí go leor bainisteoirí á lua leis an bpost, ina measc Lee Carsley, Roy Keane, Gus Poyet Neil Lennon, Chris Coleman, agus Chris Hughton.

Fág freagra ar 'Heimir Hallgrímsson na hÍoslainne ceaptha ina bhainisteoir ar Éirinn'