Halla na Cathrach i mBéal Feiste le bheith ‘Dearg le fearg’ agus é le soilsiú ar son achta Gaeilge

Deirtear ar shuíomh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste gurb é dearg ‘dath na gceart daonna’ agus gur ‘comóradh’ an soilsiú ar an gcéad léirsiú poiblí a rinne an Dream Dearg

Halla na Cathrach i mBéal Feiste le bheith ‘Dearg le fearg’ agus é le soilsiú ar son achta Gaeilge

Déanfar Halla na cathrach i mBéal Feirste a shoilsiú le soilse dearga Dé Sathairn mar chomhartha tacaíochta don éileamh ar acht Gaeilge don Tuaisceart agus d’fheachtas An Dream Dearg. 

Deirtear ar shuíomh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste gur “soilsiú speisialta dearg” a bheidh i gceist, gurb é dearg “dath na gceart daonna” agus gur “comóradh a bheidh ann ar an gcéad léirsiú poiblí a rinne an Dream Dearg ar mhaithe le tacú le hacht Gaeilge”. 

Dúirt urlabhraí de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste go ndearna baill na Comhairle a machnamh ar an éileamh go soilseofaí an halla ar son an achta agus gur ghlac siad leis.

Is minic a shoilsítear Halla na Cathrach chun aitheantas a thabhairt d’ócáidí agus d’imeachtaí speisialta. I measc na n-imeachtaí atá ar liosta na bliana seo, tá Bliain nua na Síneach (soilse oráiste agus dearg), Lá Fhéile Vailintín (dearg), Lá Idirnáisiúnta na mBan (corcra), Lá Fhéile Pádraig (glas), Féile na nOráisteach (oráiste agus corcra) agus breithlá Bhanríon Shasana (dearg, bán agus gorm).

Dúirt an Comhairleoir de chuid Shinn Féin Órla Nic Biorna nach bagairt d’aon duine an Ghaeilge ach gurb amhlaidh go saibhríonn sí an tsochaí agus go bhfuil pobal na Gaeilge i dteideal cearta teanga a bheith acu.

“Dé Sathairn ag 4.30pm, déanfar Halla na Cathrach i mBéal Feirste a shoilsiú le soilse dearga mar chomhartha tacaíochta don fheachta ar son achta Gaeilge. 

“Bheinn ag iarraidh ar gach gníomhaí Gaeilge agus an uile dhuine a thacaíonn le cearta agus comhionannas a bheith i láthair Dé Sathairn chun acht Gaeilge a éileamh,” arsa Órla Nic Biorna ó Shinn Féin.

Bhí ceist an achta Gaeilge i measc na gcúiseanna gur theip ar fheidhmeannas Stormont agus ar an dris chosáin is mó sna cainteanna maidir lena athbhunú.

Fág freagra ar 'Halla na Cathrach i mBéal Feiste le bheith ‘Dearg le fearg’ agus é le soilsiú ar son achta Gaeilge'