Greim Daingean fós ag an bPobalscoil ar Chorn Uí Mhuirí

Beidh Ciarraí agus Corcaigh ag dul chun páirce i Roinn 1 den tsraith ag an am céanna agus a bheidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh ag tabhairt faoi chluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí an Domhnach seo.

Pic1-PCD
Seán Powter (Baile an Róistigh) ag iarraidh iarracht Briain Ó Beaglaoich a stopadh i gcluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí an Domhnach seo caite. Pictiúr: Tom O’Donoghue

 

Beidh an cluiche idir Corcaigh agus Ciarraí an Domhnach seo ag teacht salach ar athimirt cluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí ina bhfuil scoileanna ó na contaetha sin ag imirt.

D’fhógair Comhairle Iar-bhunscoileanna Na Mumhan go n-imreofar an cluiche idir Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh, i Rath Móir ag 1.30i.n. an Domhnach seo.

Faoin am go mbeidh leath ama sroichte sa chluiche sin, beidh peileadóirí Chiarraí agus Chorcaí ag dul chun páirce i bPáirc Uí Rinn don chluiche sraithe i Roinn 1.

Bhí achrann ann i rith na seachtaine maidir le cén áit a n-imreofaí an athimirt. Dúirt bainisteoir Bhaile an Róistigh, Liam Ó Murchú, díreach tar éis an chluiche go mbeadh sé scannalach dá mbeadh ar na Corcaígh dul chuig Cill Airne arís, go háirithe i bhfianaise na taithí atá ag an bPobalscoil ar Pháirc na Crócaigh le roinnt blianta anuas.

Rinneadh iarracht an athimirt a shocrú don Satharn ach dealraíonn sé anois nach bhfuil réiteach sásúil aimsithe ar an scéal agus is mór an trua é go mbeidh an cluiche seo ar siúl ag an am céanna leis an gcluiche idirchontae.

Is cinnte go mbeadh suim ag daoine freastal ar an athimirt, go háirithe tar éis an chéad chluiche. Cé nach raibh an caighdeán imeartha chomh hard is a bheifí ag súil leis ó na himreoirí a bhí páirteach ann, ba choimhlint fíordhrámatúil a bhí ann.

Agus an clog ag breith orthu, bhí an chuma ar an scéal go raibh greim na Pobalscoile ar Chorn Uí Mhuirí scaoilte uathu acu agus deireadh tagtha freisin lena ré mar sheaimpíní Corn Uí Ógáin.

Bhí Baile an Róistigh pointe chun cinn ar an scoil Gaeltachta in am gortaithe ach leis an mbuille deireanach sa chluiche, d’éirigh le Séamus Ó Muircheartaigh pointe a aimsiú le cic saor.

Bhí an deis dheireanach sin tuillte ag foireann Chiarraí mar is iad a bhí i gceannas den chuid is mó den chluiche. Go deimhin, beidh díomá orthu nár éirigh leo an beart a dhéanamh an chéad lá.

Dar le lucht bainistíochta Bhaile an Róistigh, is easpa cleachtaidh is mó a bhí ag cur as do na Corcaígh. Ní raibh siad ach seachtain ar ais ag imirt leis an liathróid mór tar éis dóibh cluiche ceannais Chorn Uí Artaigh a chailleadh an Domhnach roimhe sin.

Cibé cén rud faoin meirg ar a scileanna peile, ní raibh aon easpa díograis ar imirt bhuachaillí Bhaile an Róistigh agus cé go raibh siad cúig phointe chun deiridh gan ach 20 nóiméad fágtha, bhí siad ar tí an bua a fháil nó gur chinntigh Ó Muircheartaigh go mbeadh lá eile ag an bPaorach.

 

Fág freagra ar 'Greim Daingean fós ag an bPobalscoil ar Chorn Uí Mhuirí'