Greim caillte de réir a chéile ag lucht cosanta phrionsabail pheil na gcoláistí i SAM

Díreach mar a d’athraigh an eagraíocht a tháinig ar an saol in Óstán Hayes i nDurlas in 1884 le himeacht ama, ba amhlaidh cás don NCAA

Greim caillte de réir a chéile ag lucht cosanta phrionsabail pheil na gcoláistí i SAM

Níl uair dá dtugaim eachtrannach chuig cluiche mór peile nó iománaíochta i bPáirc an Chrócaigh nó in aon pháirc eile de chuid CLG nach n-atann a gcuid súl nuair a deirim nach bhfuileadar siúd atá i mbun iomaíochta ag fáil pingin ná leathphingin as a gcuid anró. Is iad na Meiriceánaigh is mó a dhéanann iontas dó.

Ar bhealach cuireann sin iontas orm agus ar bhealach eile ní chuireann. Ba cheart go dtuigfeadh siadsan go háirithe gur ar leic na tairsí s’acu féin atá an bhuíon imreoirí amaitéaracha is mó ar domhan – 450,000 acu sa 1,200 coláiste tríú leibhéal a chuireann oideachas ar óige na tíre idir San Diego agus Bangor Maine, Seattle agus Miami.

An National Collegiate Athletic Association (NCAA) a dhéanann eagar agus maoirseacht ar an 20,000 foireann dá gcuid a théann chun iomaíochta i 24 spórt. Tá siad i mbun an chúraim ó thús an chéid seo caite. Bhí beagán ollscoileanna i mbun comórtais lena chéile ar feadh 50 bliain roimhe sin, ach thosaigh cúrsaí ag imeacht ó smacht de bheagán agus de bharr spreagadh ón Uachtarán Theodore Roosevelt bunaíodh eagraíocht náisiúnta maoirseachta i 1906 ar tugadh an NCAA air go gairid ina dhiaidh sin.

Díreach mar a d’athraigh an eagraíocht a tháinig ar an saol in Óstán Hayes i nDurlas in 1884 le himeacht ama, ba amhlaidh cás don NCAA . Faoi seo is ollchomhlacht spórt é a raibh láimhdeachas os cionn billiún dollar aige anuraidh – a bhunáite sin de bharr cearta craolacháin. Fós níl sé ceadaithe do dhuine amháin féin de na fir agus na mná óga a thagann faoina chúram an cent féin a fháil de bharr a gcuid lúthchleasaíochta.

Bíonn oiread áirithe scoláireachtaí á dtairiscint ag na hollscoileanna ceart go leor ach ón lá ar tháinig siad le chéile den chéad uair riamh os cionn 100 bliain ó shin tá an NCAA thar a bheith dian ar rialacha an amaitéarachais.

Tá a gcuid fealsúnachta leagtha amach go soiléir i bhForiail 12 acu : ‘Member institutions’ athletics programs are designed to be an integral part of the educational program. The student athlete is considered an integral part of the student body, thus maintaining a clear line of demarcation between college athletics and professional sports.’

I súile an NCAA ní hamháin go dtabharfadh an íocaíocht nó an tabhartas is lú an ‘ghairmiúlacht’ isteach sa scéal, ach chuirfeadh sé deireadh freisin leis an lá gur mar a chéile laistigh de gheataí na hollscoile an mac léinn lúthchleasaíochta agus an gnáthmhac léinn.

‘Deargsheafóid’ a thugann siad siúd nach n-aontaíonn leis ar an leagan amach sin. Agus iad i mbun breithiúnais in 2014 thug Cúirt Oibreachais na Stát Aontaithe le fios go gcaitheann peileadóir idir 50 agus 60 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar dhualgais spóirt sula dtosaíonn an scoilbhliain beag ná mór agus ansin idir 40 agus 50 uair le linn an tséasúir. Thugadar faoin staidéar sin nuair a thug imreoir cispheile de chuid UCLA Ed O’Bannon cás cúirte in aghaidh an NCAA faoina bheith ag úsáid íomhánna d’imreoirí (nach raibh ag fáil tada as) i gcúrsaí tráchtála. Fiú agus gur dhúirt O’Bannon nár cheart an cúiteamh a thabhairt do na mic léinn go mbeadh a gcuid scolaíochta críochnaithe acu, rialaigh an Chúirt ina choinne.

Ach, ‘nuair is crua don chailleach’ a deir siad.

Ní bheidh de rogha anois ag an NCAA ach cúlú siar de bheagán mar cúpla mí ó shin shínigh Gobharnóir Stát California, Gavin Newsom, bille a cheadóidh d’imreoirí na gcoláistí ansiúd airgead a ghlacadh ó chomhlachtaí lena gcuid earraí a chur chun cinn ón mbliain 2023 amach.

Go gairid ina dhiaidh thosaigh an NCAA próiseas a ceadóidh do lúthchleasaithe i gcoláistí leas a bhaint as a gcuid ainmneacha agus a gcuid pictiúr le hairgead a shaothrú.

Ní hé nach bhfuil dóthain de sin ag an NCAA, ar eagraíocht charthanachta í de réir a bunreachta. I láthair na huaire tá siad i mbun margaíochta leis an gcomhlacht teilifíse ESPN maidir le cead craolta na mbabhtaí deireanacha peile as seo go ceann roinnt blianta – $7.3 billiún an figiúr atá luaite.

Ainneoin a gcuid bundúnachta bhí greim á chailleadh de réir a chéile acu siúd a bhí ag iarraidh prionsabail an tseanréimis a choinneáil beo – díreach mar atá ag tarlú i saol an tsacair, áit a bhfuil cogaíocht ar siúl idir clubanna agus iad ag iarraidh ógánaigh nach bhfuil ach 12 bliain a ghoid óna chéile – burlaí airgid, tithe, gluaisteáin agus a leithéid á dtabhairt dá dtuismitheoirí.

Sa mbliain 2005 bhuaigh peileadóir as USC darbh ainm Reggie Bush an Heisman Trophy – an gradam is mó le rá i spórt na gcoláistí. B’éigean dó é a thabhairt ar ais agus gearradh pionós ar an scoil nuair a tháinig sé chun solais go raibh na céadta míle dollar agus teach in Malibu tugtha dá thuismitheoirí.

Gearradh fionraíocht ar imreoir de chuid na Georgia Bulldogs nuair a dhíol sé an geansaí a bhí á chaitheamh aige i gceann de na mórchluichí i ndeisceart na Státaí agus ba bheag nár chosain a ghoile níos mó ná sin ar Trevor Knight ceathrúchúlaí as Oklahoma.

Ar a bhealach abhaile oíche amháin cheannaigh Knight pacáiste de na brioscaí ab ansa leis agus bhí siad ag dul chomh maith sin dó gur chuir sé tvuít in airde á moladh. Thug oibrí margaíochta grinn éicint de chuid na ndéantúsóirí sin faoi deara agus thairg slám acu in aisce don pheileadóir ar tvuít eile. Bhí a mhéar fágtha ag mo Knight bocht ar an gcnaipe agus é réidh le glacadh leis an mbronntanas nuair a chuimhnigh sé go mbeadh rialacha an NCAA sáraithe aige ach sin a dhéanamh!

Ainneoin seo ar fad ní éiríonn ach le fíorbheagán den 450,000 lúthchleasaí ollscoile atá sna Státaí slí bheatha a bhaint as a gcumas nuair a bhíonn a gcuid cúrsaí críochnaithe acu. Fiú sna spórtanna is mó a bhfuil tóir orthu sa dá ghrád – an pheil agus an chispheil – ní éiríonn ach le 1.6% de na mic léinn a fhágann ollscoil chuile bhliain áit a bhaint amach ar fhoirne gairmiúla.

Mar a deireadh mo mháthair bhocht fadó, trócaire uirthi: ‘Breith ar do leabhar’.

Fág freagra ar 'Greim caillte de réir a chéile ag lucht cosanta phrionsabail pheil na gcoláistí i SAM'