Gradam bronnta ag Cumann Lúthchleas Gael ar GAA USA

Tá Gradam McNamee Chumann Lúthchleas Gael buaite ag an tsraith teilifíse GAA USA ina ndearna Dara Ó Cinnéide cíoradh ar stair CLG sna Stáit Aonthaithe

16774433821_1ce1bfba79_b-770x578

Gradam McNamee Chumann Lúthchleas Gael buaite ag an tsraith faisnéise ó TG4 GAA USA. Ba é an craoltóir Dara Ó Cinnéide, colúnaí le Tuairisc.ie, a chur an tsraith i láthair agus ba é an comhlacht Gaillmheach Sónta Films a léirigh.

Fógraíodh buaiteoirí na ngradam inniu agus ba é GAA USA a bhuaigh an ‘Gradam Gaeilge’ do 2015. Dar le hAogán Ó Fearghail, Uachtarán CLG, bhí ‘tuillte go maith’ ag an gclár.

“Tugann sé léargas iontach faoin ról lárnach atá ag Cumann Lúthchleas Gael i saol na n-Éireannach atá lonnaithe i Meiriceá, agus tá cur síos déanta sa scéal ar stair na hÉireann chomh maith,” a deir Ó Fearghail. 

“Tugaimid ard mholadh don taighde, don chur i láthair agus don ardchaighdeán ginearálta atá le feiceáil sna cláir sa tsraith ar fad.”

Ceithre chlár ar fad a bhí sa tsraith ar craoladh ar dtús í i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin na bliana seo caite.

Bronnfar na gradaim McNamee ar na buaiteoirí anocht ag searmanas speisialta i bPáirc an Chrócaigh.

Fág freagra ar 'Gradam bronnta ag Cumann Lúthchleas Gael ar GAA USA'

  • Darragh Ua Caoimh

    Comhghairdeas leis, tá sé tuilte go maith aige ! Cláracha fíor-spéisiúla a bhí iontu agus ard-chaighdeán ag baint leo.