‘Gnó dúinne amháin é’ – cinneadh fáil réidh leis an nGaeilge ar a lógó cosanta ag an Údarás Oideachais

Bhíodh Gaeilge agus Ultais ar lógó an údaráis atá i bhfeighil ar chóras oideachais an Tuaiscirt ach i mBéarla amháin atá sé anois

‘Gnó dúinne amháin é’ – cinneadh fáil réidh leis an nGaeilge ar a lógó cosanta ag an Údarás Oideachais

Deir Údarás Oideachais Thuaisceart Éireann gur gnó dóibh féin amháin a gcinneadh fáil réidh leis an nGaeilge ar a lógó.

Bhíodh Gaeilge agus Ultais ar lógó an údaráis atá i bhfeighil ar chóras oideachais an Tuaiscirt ach i mBéarla amháin atá sé anois.

Dúirt an EA gur dearadh dhá leagan dá lógó nuair a bunaíodh iad in 2015, ceann i mBéarla amháin agus ceann a raibh Béarla, Gaeilge agus Ultais air.

Chinn iar-phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Gavin Boyd ina dhiaidh sin gur lógó aonteangach a bheadh feasta acu, “de réir pholasaí na Roinne Oideachais ag an am”.

Dúirt urlabhraí ón Údarás

“gnó oibríochta” don Údarás Oideachais amháin “stíl agus úsáid” an lógó chorparáidigh.

Dúirt an ball tofa tionóil de chuid Shinn Féin Karen Mullan nach bhféadfaí glacadh le cinneadh an Údaráis fáil réidh leis an nGaeilge ar an lógó.

“Caithfidh an córas oideachais a bheith uileghabhálach agus freastal ar an uile dhuine inár sochaí, na daoine gur maith leo oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge san áireamh.

“Tá dualgas chomh maith ar ranna rialtais an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá úsáid lógónna dátheangacha agus úsáid na Gaeilge ar cháipéisíocht oifigiúil san áireamh ansin.”

Fág freagra ar '‘Gnó dúinne amháin é’ – cinneadh fáil réidh leis an nGaeilge ar a lógó cosanta ag an Údarás Oideachais'

  • Breathnóir

    Mór an náire iad. Shílfeá go maródh dhá fhocal Gaeilge iad. Léiríonn seo arís eile go bhfuil gá ann le hAcht Gaeilge sna 6 Chontae.

  • Neasa Nic Dhómhnaill

    Gnó dúinne amháin é
    What a loss of culture and richness for North Ireland’s education system. To not acknowledge the indigenous language that is living and reviving in your country is true ignorance and human cruelty. It’s things like like this that make me ashamed of the UK ?