Gluaiseacht na gComhar Creidmheasa – léiriú ar an trust faoin tuath

Bhí rud amháin a bhí in uachtar i gcónaí sa Chomhar Creidmheasa - an mhóid rúndachta

Gluaiseacht na gComhar Creidmheasa – léiriú ar an trust faoin tuath

Thóg mé an mhóid. Ní raibh anonn ná anall faoi. Ní fhéadfaí blas ar bith a bhain le hobair na heagraíochta, ná rud ar bith a bhain le gnó na mball, a lua le duine ar bith taobh amuigh de dhoras an bhotháin. Má bhí anonn ná anall ar bith ann, bhain sé leis an gcroitheadh a bhaineadh an ghaoth thimpeallach as an mbothán adhmaid. Ba mhinic leis na cuaifigh cor a bhaint as an mBord Stiúrtha agus iad ag iarraidh cothromaíocht a choinneáil sna pingineacha, agus sna puint i gComhar Creidmheasa an Chaisil in iarthar Chonamara.

Bhí sé ar an gcéad Chomhar Creidmheasa a bunaíodh faoin tuath in Éirinn sna blianta ag teannadh le deireadh na seascaidí. Ceapadh scaití gur lucht bailte móra ba mhó a bhainfeadh leas as an gComhar Creidmheasa. Ba mhisniúil an dream a bhuail faoin gcéad iarracht faoin tuath, agus iad ar imeall sceirdiúil an Atlantaigh. Bhí bun maith curtha faoin gComhar nuair a tugadh mise isteach sa mbothán, ach go raibh an ghaoth chomh láidir agus a bhí sí ariamh.

Bhíodh daoine as Cloch na Rón, daoine as an gCaiseal féin agus baill as Carna ar an mbord stiúrtha. Ar chúis éigin nach dtuigim, cuireadh mé féin isteach mar chathaoirleach ar an mBord. Ba mé ab óige ina measc. Níor tógadh le gnó ná le hairgead mé. Ach tháinig tú isteach ar chóras an Chomhair Chreidmheasa. Go deonach a bhí an obair ar bun, ach bhí cúraimí sách trom airgeadais orainn.

Ach bhí rud amháin a bhí in uachtar i gcónaí, an mhóid rúndachta.

Níorbh fhada mé i mo chathaoirleach nó go raibh mé féin ag plé le foirmeacha rúndachta do bhaill nua a bhí ag teacht isteach ar an mBord Stiúrtha. Chaithfeadh siadsan an mhóid a shíniú freisin. Ní fhaca mé ariamh gur lig duine ar bith síos an mhóid sin.

Le himeacht na haimsire, tréigeadh an bothán agus tógadh oifig nua. Ansin in 2009 rinneadh cónascadh idir Comhar Creidmheasa an Chaisil agus Comhar Creidmheasa Chrois na Tulaí amach ó thuaidh sa gceantar. Sin é Comhar Creidmheasa Chonamara anois.

Dhá chraobh den ghluaiseacht atá i gConamara anois. Ar nós Comhair Chreidmheasa na tíre, bíonn na cruinnithe bliantúla acu i mí Eanáir. San gClochán atá a phríomhoifig ag Comhar Chonamara (7,000 ball) agus oifig Ghaeltachta acu i gCarna. In Indreabhán atá príomhoifig Chomhar Cholmcille (9,000) ball.

Is cuimhneach liom gur iarradh orm a theacht chuig cruinniú den ghrúpa i gCois Fharraige nuair a bhíodar ag bunú Comhar Cholmcille. Is iomaí duine a raibh saineolas níos fearr aige, ach is dóigh gur ceapadh gurbh fhiú labhairt le duine a chleacht gaoth thimpeallach na tuaithe. Bhí an comhrá céanna ann agus a bhí in áiteacha eile faoin tuath – an mbeadh fonn ar dhaoine a ngnóthaí airgeadais a phlé lena gcomharsana?

Labhair mé faoin mhóid rúndachta, ach táim cinnte go raibh a fhios acu féin faoi sin roimh ré.

D’éirigh thar cionn leo i gCois Fharraige agus tá €50.9 milliún acu sa gciste taisce anois. €29 milliún atá curtha i dtaisce i gComhar Creidmheasa Chonamara. Is mór go deo an t-athrú saoil é.

Tráth den saol ba dheacair linn airgead a choinneáil leis an éileamh a bhí ar iasachtaí. Chaití moill mhíosa a chur ar iasachtaí, nó tréimhse a chaitheamh nuair nach bhféadfaí freastal ar iarratas ar bith ar iasacht; bhíodh an t-airgead gann scaití ag dul sa gciste. Pébí bealach a ndéanfá tomhas ar an saol, tá i bhfad níos mó airgid ag daoine anois, ná mar a bhíodh.

Tá oifigí breátha ag Comhar Creidmheasa Chonamara anois; d’imigh lá an bhotháin.

Ach níorbh aon eisceacht a bhí i mbothán an Chaisil. Ba é an cás céanna é go minic i gceantracha eile faoin tuath nuair a bhuailtí faoi iarrachtaí ar Chomhar Creidmheasa a bhunú. Gníomh réabhlóideach a bhí ann ar bhealach. Muintir do bhaile féin ag breathnú amach do do chuid cúrsaí airgid, amuigh i gceartlár na tuaithe.

Tugann an lear airgid atá istigh i gComhair Chreidmheasa Chonamara anois léargas ar an trust atá as na stiúrthóirí, agus as an ngluaiseacht faoin tuath. Saothraíodh an trust sin.

Bhí an mhóid tógtha.

Fág freagra ar 'Gluaiseacht na gComhar Creidmheasa – léiriú ar an trust faoin tuath'