Gluaiseacht na Gaeilge, gluaiseacht ar strae? Caint a bhfuil lorg na fírinne fós uirthi

Dúirt Máirtín Ó Cadhain i 1969 nach bhféadfaí ‘an geáitse meath-réabhlóideach féin’ a shamhlú le gluaiseacht na Gaeilge fiú. An bhfuil aon athrú tagtha ar an scéal?

Gluaiseacht na Gaeilge, gluaiseacht ar strae? Caint a bhfuil lorg na fírinne fós uirthi

Nuair a chuaigh an bheainín bheag amach don chistin an mhaidin eile bhí an bord clúdaithe le páipéir, leabhair, blúiríocha de nótaí ina mbuindilí caite thall is abhus óm’ sheisiún staidéir,  agus an chuma ar an áit go raibh cóch gaoithe tar éis séideadh ón ndoras thiar go dtí’n ndoras tosaigh.

‘Cad é sin?’ ar sí.
‘Sin m’obair bhaile,’ arsa mise.

D’fhéach sí orm, amhail gur mé an stúmpa amadáin ba mheasa a tharraing peidhre drárs aníos air fhéinig riamh.
‘Daidí! Canathaobh go bhfuileann tú fós ar scoil?!’

An-cheist a leanbh, arsa mise liom féin, ceist nach bhfuil freagra agam air, agus dhá bhliain is fiche caite agam sa chóras oideachais.

Ach ní hé sin ach é seo agus sin scéal eile. I measc na gcarn páipéar bhí cóip d’óráid a thug an t-údar agus gníomhaí Máirtín Ó Cadhain ag Comhdháil an Chomhchaidrimh i dTír Chonaill, mí Lúnasa na bliana 1969: páipéar dar teideal ‘Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae’. Ach ar léigheas an t-alt ar dtús, rith sé liom dá mairfeadh an Cadhnach, go bhféadfadh sé an óráid cheannann chéanna a scríobh i mbliana, ó tá sé chomh hábhartha, chomh dúshlánach, is a bhí ag deireadh na seascaidí. Tá teideal na cainte féin ábhartha. Is ábhartha fós é an tseachtain seo, i bhfianaise sár-alt Mháire Ní Fhinneadha ar Bhliain na Gaeilge, a foilsíodh an tseachtain seo caite ar Tuairisc.ie, agus a spreag an-allagar agus plé. Cheapas nach mbeadh sé de mhisneach ag éinne ar na saolta seo alt chomh dúshlánach le ceann an Chadhnaigh a chur amach, ach féach go raibh dearúd trom orm.

‘Sé dualgas lucht na Gaeilge,’ a deir An Cadhnach, ‘a bheith ina sóisialaigh. Siad lucht labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht an aicme is direoile agus is buailte den mhuintir seo againn in Éirinn. Is mar a chéile agamsa, an aicme sin pobal na Gaeilge, a shlánú, agus an Ghaeilge a shlánú.’

Sin atá ina sheanphort agamsa le fada – gan pobail bhuana theaspúla sa Ghaeltacht, níl faic ach bás i ndán don dteanga. Agus féach go bhfuil fianaise i mapaí na heagraíochta Pobal, a foilsíodh le déanaí, ar mhaíomh Uí Chadhain go raibh, agus go bhfuil fós, muintir na Gaeltachta (nó cuid acu ach go háirithe) ar an aicme is dearóile in Éirinn. Tá, mar shampla, geall le leath d’fhearaibh i dtoghroinn Ghaeltachta amháin i dTír Chonaill, dífhostaithe. Plus ça change …

Ag trácht dó ar shaol na Gaeltachta, bhí a léamh Marcsach féin ag an gCadhnach ar shochaí Chonamara: ‘Mar thar áit ar bhith eile in Éirinn tá an t-idirdhealú aicmeach, an class distinction, suntasach sa nGaeltacht. Gheobhadh Marx, Engels, agus Lenin cruthú breá ann ar a ndeimhne gurb iad an ardaicmne agus lucht an rachmais, na capitalists, is túisce a thréigeas saíúlacht nó cultúr na muintire. B’ionann na boicht agus lucht na Gaeilge.’

D’fhéadfaí a rá go bhfuil an éagothromaíocht seo dulta in olcas ón am a deinadh páirc saoire do lucht rachmais na gcathracha as cuid den nGaeltacht, an chuid di a bhí beo bocht tamall ach ag a bhfuil áilleacht nádúrtha gan sárú inti. Cén tuiscint atá ag a bhformhór ar ‘saíúlacht nó cultúr na muintire’?

Díríonn An Cadhnach formhór a rachta feirge ar na heagraíochtaí Gaelainne a bhí suas lena linn. ‘Ní féidir an geáitse meath-réabhlóideach féin a shamhlú leis an gConra anois,’ a deir sé, agus dá mairfeadh sé, agus dá gcloisfeadh sé Conraitheoirí na linne seo agus iad ag damhsa as a gcoirp le háthas agus le sceitimíní fé Bhliain na Gaeilge, b’fhéidir go ndéarfadh sé gur tháinig tuar féna thairngreacht. Ach i gcead don gConradh, is deacair dóibh bheith réabhlóideach, nuair atáid ag maireachtaint ar mhaoiniú stáit. Ina theannta san, ní ar mhaithe le muintir na Gaeltachta atá Conradh na Gaeilge ann, agus níorbh iad muintir na Gaeltachta a bhí ag déanamh tinnis dóibh riamh. 

Cuirtear inár leith mar Ghaeil, pé acu fíor nó bréagach é, nach mbíonn aon faic ar siúl againn ach ag labhairt as Gaelainn, le Gaeil, fén nGaelainn. (Nach maith gur Bliain na Gaeilge seachas Bliain na Gaeltachta atá beartaithe?). Thuig Máirtín Ó Cadhain an méid sin. Deir sé ‘má tá lucht na Gaeilge in ann borra le gearáin seachas rudaí faoi Ghaeilge féin agus fiú cúpla míle vóta a fháil i roinnt Dáilcheantair, beidh sin i n-ann cónardaíocht na gconlán a chur droim ar ais’. Tá sé thar am díriú ar na deacrachtaí atá ag pobal na Gaeltachta, an méid dóibh atá fágtha, agus todhchaí fónta éigin a chinntiú dóibh, seachas bheith, fé mar a deir Máire, ‘ag ceiliúradh éachtaí na hathbheochana (an cúpla focal atá ag gach Éireannach)’.

Má dheintear san, mairfidh an teanga.

Fág freagra ar 'Gluaiseacht na Gaeilge, gluaiseacht ar strae? Caint a bhfuil lorg na fírinne fós uirthi'

  • Ruairí

    “Bliain na Gaeltachta” le heagrú againn fhéin savnGaeltacht i 2019 chun an ghéarchéim teanga a craobhscaoileadh agus dúshlán an Establishment inmBAC a thabhairt. Ná bíodh sé le rá gur lig muide muintir na Gaeltachta a dteanga dúchais le sruth mar atá déanta ag an Státchóras. Boycott ar Bhliain Bhréagach na Gaeilge againn sa nGaeltacht a theastaíonn. Nach suarach gur i nDaingean Uí Chúis a thosós an “ ceiliúradh” ar teip 125 bhliain Cónra na Gaeilge. Tionscal na Gaeilge ag baint mí-úsáid as an nGaeltacht is ea an Daingean a roghnú agus éigeandáil teanga i gCorca Dhubhne.

  • Joe

    Ó caithfidh mé a rá gur breá liom an cíoradh seo atá ar siúl. Tá na nithe sin i m’intinn le fada anois: na struchtúir níos bunúsaí a bhaineann le meath na teanga agus na Gaeltachta. Bíonn fadhbanna ann le leithéidí CNG i réimsí eile ó thaobh gníomhaíochais de. Déanann an sórt maorlathais atá ag teastáil sa chóras capitlíoch dochar ar fhíorghánna an phobail san fhadtéarma. Chonaic mé é sin an iomad uair.

  • Seán Mag Leannáin

    Glacaim leis go bhfuil tábhacht lárnach leis an nGaeltacht ach ní leis an nGaeltacht amháin an Ghaeilge. Bhí go leor airgead poiblí caite i nGaeltacht Chonamara leis na blianta fada agus tá an Ghaeltacht sin gar do chathair na Gaillimhe agus na postanna atá le fáil ansin ach an féidir linn a rá go bhfuil an Ghaeilge níos láidre anois de bharr na mbuntáistí sin? Ní dóigh liom é cé gurb í Gaeltacht Chonamara an Ghaeltacht is treise sa tír i gcónaí. Má tá beatha i ndán don Ghaeilge tá mé ag ceapadh nach sa Ghaeltacht amháin (mar a thuig muid an Ghaeltacht go dtí seo) a chinnteofar é. Ní ghlacaim leis ach an oiread go raibh an Cadhnach do-earráideach, mar a déarfá. Ní bhíonn saoi gan locht.

  • Ruairí

    Ní thuigeann Seán Mac Leannáin comh lag brúite síos is atá an Ghaeltacht. Níl sí “lárnach” i nDáil Éireann agus is cuma leis an Establishment polaitiúil go bhfuil ráta ard dífhostaíocht, imirce go forleathan agus éigeandáil teanga sna Gaeltachtaí; go háirid sna ceantracha is láidre óbthaobh na Gaeilge de. Sin iad na fáthanna gur masla dúinne sa nGaeltacht Bliain Bhréagach na Gaeilge. Níl aon ábhar ceiliúrtha agann mar léiríonn an daonáireamh nach fada a bheidh Gaeltacht cheart fágtha sa tír. Tá Conradh na Gaeilge agus Joe Mac Hugh ag brú ceiliúradh bréagach maslach orainn.

  • Maidhc

    Ní fiú an Ghaelainn faic murab ann don nGaeltacht. Laidean abú!

  • Jamie Ó Tuama

    Caitear ceist pholaitiúil a dhéanamh de staid reatha na Gaeltachta is den Ghaeilge i measc na bpáirithe polaitiúla (ar nós mar atá á dhéanamh leis an nGaeilge ó thuaidh faoi láthair). Bheadh áit tosaigh againn dá ndéanfaí an méid sin féin. Deireann ár gcuid polaiteoirí linn nár cheart ceist pholaitiúil a dhéanamh den Ghaeilge, ach go háirithe, ach is a mhalairt atá ag teastáil má tá muid ag iarraidh an Ghaeltacht is an Ghaeilge a thabhairt slán. Cuimhnímis air seo agus olltoghchán ar na bacáin.

    Níl an toil (gan a bheith ag caint ar thuiscint) ag formhór mór na dTeachtaí Dála ná ag lucht na meán aon rud a dhéanamh maidir le ceist na Gaeltachta is na Gaeilge agus caithfidh sé seo a athrú. Ta ról ag an bpobal oiliúint a chur orthu.

    Am na cinniúna…