Gléas úr atá saor le húsáid chun an víreas Zika a aithint

Táthar ag súil go mbeifear in ann tuar níos cruinne a dhéanamh ar dháileadh an víris Zika sna tíortha sa teochrios ina bhfuil an víreas coitianta le teicneolaíocht úr

Gléas úr atá saor le húsáid chun an víreas Zika a aithint

Tá an víreas Zika á scaipeadh ag muiscítí ó dhuine go duine. Tá an víreas taobh thiar de go leor galar tuaisteach néareolaíoch. Chualathas in 2015-2016 faoi na páistí sa Brasaíl a rugadh le cloigne an-bheag ionas nár fhorbair inchinn s’acu agus iad sa bhroinn. Chun dul i ngleic leis an fhadhb seo, táthar ag iarraidh go mbeifí ábalta a thuar an mbeidh an mhuiscít ar a bhfuil an víreas thart i gceantar. Tá sé seo deacair toisc go bhfuil an teicneolaíocht mall agus costasach faoi láthair.  De réir tuairisce úire a foilsíodh san iris Science Advances, tá gléas ann a bheas 18 n-uaire níos gaiste ag tástáil cibé an bhfuil an víreas Zika ar mhuiscít nó nach bhfuil.

Tá sé tábhachtach a bheith ábalta a thuar an bhfuil muiscít ar a bhfuil an víreas Zika thart chun daoine a chosaint ón ghalar.  Má bhíonn an víreas thart, bheifí ag iarraidh feithidicídí a spraeáil ar na ceantair ina bhfuil an líon is mó den víreas chun an ruaig a chur ar na muiscítí.  Mura mbíonn an víreas ann is cur amú airgid a bheadh ann a bheith ag spraeáil feithidicíde in áit ar bith. 

Go dtí seo, chun an víreas a aithint is amhlaidh a bhaintear úsáid as teicneolaíocht a dhéanann cóipeanna den RNA ón víreas.  Tá RNA cosúil le DNA agus tá géinte an víris sa tsreang RNA. Imoibriú Slabhraí Polaiméaráise (ISP) a chuirtear ar an teicneolaíocht chun na cóipeanna a thairgeadh.

Súitear RNA amach as na muiscít agus déantar tástáil ISP air.  Déantar cóipeanna den RNA má bhíonn an víreas ann. Ní dhéantar cóipeanna den RNA mura mbíonn an víreas sa mhuiscít.

Tá an teicneolaíocht mall mar glacann sé thart ar dhá lá chun an RNA a fháil as na muiscítí agus an tástáil ISP a dhéanamh.  Anuas air sin, tá an tástáil seo costasach.  Cosnaíonn sé thart ar $10 an mhuiscít agus tá na mílte muiscít de dhíth chun tuar cruinn a dhéanamh in aon ceantar amháin.

Toisc an tástáil a bheith chomh mall agus chomh costasach sin ní dhéantar é chomh minic agus ba cheart.  Táthar ag súil go mbeidh tástáil níos gaiste agus níos saoire ar fáil go luath.

Rinne foireann taighdeoirí a tháinig le chéile ón Astráil, ón Bhrasaíl agus ó na Stáit Aontaithe céim chun cinn shuntasach nuair a bhain siad feidhm as speictreascópacht chun muiscítí ar a bhfuil an víreas Zika a aithint.

Nuair a scairtear solas ar cheimiceán ionsúitear é agus astaítear solas le tonnfhaid éagsúla. Tá an solas a astaítear cosúil le méarlorg an duine; tá a thonnfhad féin ag gach ceimiceán.

Fuair na taighdeoirí amach go dtig leo ceimiceán, a fhorbraíonn i muiscít ar a bhfuil an víreas Zika, a aithint le speictreascópacht. 

Ní hamháin go raibh siad in innimh a bheith ceart i 98.7% de na trialacha, ach tá na tástálacha i bhfad níos gaiste agus níos saoire ná an teicneolaíocht ISP a úsáidtear go dtí seo. Tá an speactreascópacht 18 uair níos gaiste agus 110 uair níos saoire ná ISP.

Leis an teicneolaíocht úr táthar ag súil go mbeifear in innimh tuar níos cruinne a fhorbairt ar dháileadh an Zika sna tíortha sa teochrios ina bhfuil an víreas le fáil coitianta.  Leis an eolas sin beidh daoine sna háiteanna sin in innimh iad féin a chosaint ar an víreas.

Fág freagra ar 'Gléas úr atá saor le húsáid chun an víreas Zika a aithint'