“Deargamaidí” an maíomh gur aistriúchán cruinn fileata den amhrán ‘Galway Bay’ atá ar leacht conspóideach a baineadh anuas ar Bhóthar na Trá.
Maíodh i dtuairisc ó RTÉ News aréir gur “geall le háiféis” é an scéal gur bhain Comhairle Cathrach na Gaillimhe an leacht anuas nuair a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga ar a súile dóibh go raibh an leagan Gaeilge den amhrán ar an leacht breac le botúin.
Thug an staraí áitiúil Tom Kenny le fios sa tuairisc sin gur i measc pháipéir an tsiopadóra aitheanta Sonny Molloy a tháinig sé ar an leagan Gaeilge den amhrán a úsáideadh ar an leacht. Dúirt Kenny nach raibh aon “bhotúin fhollasacha” san aistriúchán, nach mbíonn aon aontas riamh faoi céard is aistriúchán “foirfe ar phíosa litríochta nó filíochta” agus nach raibh aon chiall leis an gcinneadh an leacht a bhaint anuas ná le haistriúchán nua Gaeilge a lorg.
Luaigh sé an dá aistriúchán Bhéarla ar Cré na Cille a foilsíodh anuraidh mar shampla de shaoirse fhileata an aistritheora.
Dar le haistritheoirí gairmiúla, ar iarr Tuairisc.ie orthu Béarla a chur ar an leagan Gaeilge den amhrán atá ar an leacht, “go gceileann an míchruinneas sa leagan Gaeilge ciall na bhfocal” agus go ndéanann an míchruinneas sin “gibiris d’aisling an fhile seachas a cheart a thabhairt dó”.
Tá an leagan Béarla a rinne aistritheoirí gairmiúla den aistriúchán lochtach Gaeilge do Tuairisc.le le léamh thíos. Sa chás go raibh botún litrithe i gceist sa bhunleagan Gaeilge, cuirtear é sin in iúl le botúin litrithe sa Bhéarla.
Ba ar an suíomh seo a tháinig sé chun solais ar dtús go raibh an leagan Gaeilge den amhrán ar an leacht a cuireadh suas ar an ‘Prom’ ar Bhóthar na Trá foirgthe le dearmaid.
Chosain an leacht a chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe suas €3,000.
Cuireadh an leacht, ar a bhfuil liricí an amhráin cháiliúil Galway Bay greanta i gcloch i gceithre theanga suas anuraidh mar chuid de thogra idir an Chomhairle, an fhéile ‘Cúirt’ agus Kenny’s Gallery.
Tá an leacht anois bainte anuas ag an gComhairle ionas go gcuirfear na botúin ina gceart. Tá bunleagan Béarla an amhráin a scríobh Arthur Colahan greanta ar an gcloch, atá anois i stóras, chomh maith le haistriúcháin go Gaeilge, go Fraincis agus go Laidin.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh deireadh leis an scéal fad is a bhain sé lena Oifig, toisc go raibh Comhairle na Cathrach ag déileáil leis.
Seán
Gibirís atá sa leagan Béarla anseo freisin,
Micheal
Díreach é. Agus cé dhéanfaidh scrúdú ar na leaganacha Fraincise agus Laidine?
Harriet P.
Ar léigh sibh an t-alt ar chor ar bith, a leaids? Ba í aidhm na n-aistritheoirí ná téacs Béarla a chum a thabharfadh na botúin atá le léamh insan aistriúchán Gaeilge chun solais: ‘Sa chás go raibh botún litrithe i gceist sa bhunleagan Gaeilge, cuirtear é sin in iúl le botúin litrithe sa Bhéarla.’
Ruairí Ó Bléine
Níl an leagan Béarla mí-cheart go leor le bheith i gcomórtas leis an céasadh a tugadh don Ghaeilge! Mar shampla, deirfinn go mbeadh “King of the Strangers” níos aiféisí ná “the strongers’ king”.
Niall na Naoi bPiontaí
Sílim féin – agus mé ag foghlaim na Gaeilge go fóill – gur chleacht duine éigin “spellcheck” nó b’fhéidir “gúgail” anseo agus gurbh é sin ábhar na mbotún. MS “réidh” seachas “ré” agus a leithéid.