Liricí lochtacha ‘Galway Bay’ le hathscrúdú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Aistriúchán Gaeilge ar amhrán cáiliúil Bing Crosby atá breac le botúin greanta i gcloch a nochtadh i nGaillimh le gairid

Cloch FP

Tá údaráis chathair na Gaillimhe le comhairle a ghlacadh faoi leacht  nua atá curtha in airde i mBóthar na Trá ar a bhfuil liricí an amhráin cháiliúil ‘Galway Bay’ greanta i gcloch i gceithre theanga ach a bhfuil an leagan Gaeilge breac le botúin.

Dúirt urlabhraí de chuid na Comhairle Cathrach, a raibh lámh acu i gcur in airde an leachta, le Tuairisc.ie go mbeidís sásta “breathnú air le botúin a aithint agus a cheartú dá mba ghá”.

Dheimhnigh an t-urlabhraí gur nochtadh an leacht ar an Prom, ar aghaidh an Seapoint, i mBóthar na Trá níos túisce i mbliana mar chuid de thogra idir an Chomhairle Cathrach, an fhéile ‘Cúirt’ agus Kenny’s Gallery.

Cloch 2Tá bunleagan amhrán Arthur Colahan i mBéarla, chomh maith le haistriúcháin go Gaeilge, go Fraincis agus go Laidin greanta ar an gcloch.

Luaitear ainm an údair leis an leagan Béarla, agus ainm na n-aistritheoirí leis an leagan Fraincise, Gilles Martin, agus leis an leagan Laidine, Brian Arkins. Ní luaitear ainm ar bith, áfach, leis an leagan Gaeilge.

Dúirt an t-aisteoir aitheanta Diarmuid de Faoite, a thug suntas don leacht, nach bhféadfadh an locht a bheith ach ar “dhuine de bheirt”, an t-aistritheoir nó an saor cloiche. Dúirt sé go bhfuil obair le déanamh leis an saothar a chríochnú mar is ceart agus go mba cheart go dtitfeadh an costas ar cibé duine a bhí freagrach as na botúin.

Cloch

Cumadh an bunleagan den amhrán i 1947 agus bhain leagan a chan Bing Crosby cáil amach i measc imircigh na hÉireann ar fud an domhain. Bhí sé le cloisteáil freisin sa scannán cáiliúil The Quiet Man.

Tá an oiread botún sa leagan Gaeilge go mbeadh sé ionann is dodhéanta iad a áireamh. Níl an leagan Béarla saor ó bhotúin ach an oiread; tá ‘stragers’ greanta i gcloch san áit ar cheart go mbeadh ‘strangers’.

Mar shampla amháin den aistriúchán lochtach Gaeilge, aistrítear na línte:

“The winds that blow across the bogs of Ireland

Get perfumes from the heather as they go”

go Gaeilge mar seo:

“Beireann gaoth a shéideann trasna móna Eirinn

Boladh bin an fhraoich nuair a théann sí leo”

Dúirt aistritheoir gairmiúil amháin a léigh an téacs Gaeilge nach “molfaí don aistritheoir cur isteach ar aon cheann de na poist nua a fógraíodh san Aontas Eorpach le deireanas”.

I mí Mhárta na bliana seo thug an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn aitheantas do ‘stádas dátheangach’ Chathair na Gaillimhe nuair a d’fhreastail sé ar chruinniú speisialta de chuid na Comhairle Cathrach.

Fág freagra ar 'Liricí lochtacha ‘Galway Bay’ le hathscrúdú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe'

  • Liam Mac Lochlainn

    Cúis náire. Ach is breá liom an t-aistriúchán Fraincise. Félicitations! Ach cad faoin Laidin? Mar a dúirt mo mhúinteoir Laidine le dalta i mo rangsa uair amháin: ‘That translation would make Virgil turn in his urn.’

  • Cillian

    Tá caighdeán na n-aistritheoirí Gaeilge ann-lag. Tá sé feicfidh agam go minic go dtugann eagraíocht poiblí jab do aistritheoir, agus glactar leis go mbeidh sé cruinn. Faraor go hiondúil ní bhíonn, fiú go bhfuil na daoine seo ‘cáillithe’ agus ‘cláraithe’ le na h-údaráis cuí. É sin ráite, tá aistritheoirí maith amuigh ansin.

  • Máire Ní Chualáin

    Ó tá a láimh ann anois agus iad ag plé le ‘Galway Bay’, b’fhéidir go bhféadfaí breathnú ar an aistriúchán atá déanta ar ‘Galway Girl’ chomh maith!

  • padraig

    daoine á cheapadh go bhfuil ‘Gaeilge’ acu nuair nach bhfuil agus daoine ag glacadh lena gcuid ‘oibre’ atá chomh dall céanna leo…..nó ..rud is dóichíde…is cuma sa tsioc diabhail leo…ná fuil airgead á fháil acu ar an loitiméireacht seo!