Géarchuntas Máiría Cahill ar an bhfeall fuarchroíoch a rinneadh uirthi

Tá cuntas misniúil tugtha ag Máiría Cahill ar an bhfeall fada fuarchroíoch a rinne comhaltaí an IRA agus Shinn Féin uirthi

Géarchuntas Máiría Cahill ar an bhfeall fuarchroíoch a rinneadh uirthi

B’fhéidir nach mbeadh leabhar ar bith scríofa ag Máiriá Cahill murach gach éagóir a rinne lucht ceannais an IRA agus Shinn Féin, an PSNI agus córas dlí Thuaisceart Éireann uirthi in imeacht 21 bliain.

Tá a scéal truamhéalach, a thosaigh nuair a d’éignigh comhalta den IRA í nuair a bhí sí 16 bliain d’aois, inste aici i Rough Beast – my Story and the Rreality of Sinn Féin. Is míniú cuimsitheach a leabhar ar an bhfáth go bhfuil a scéal á inseacht fós aici agus ar an bhfáth go bhfuil go leor daoine – lucht ceannais an IRA agus Shinn Féin go háirithe – á gcáineadh go láidir aici.

Mar is léir ón gcur síos ar phríomh-eachtraí a scéil (thíos) níor ciontaíodh duine ar bith maidir lena cás, cé gur admhaigh an PSNI agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa tuaisceart nár láimhseáladh a cás mar ba chóir.

Gan dabht baineann cuid den leabhar lena heasaontas polaitiúil le Sinn Féin, ach baineann an chuid is láidre de Rough Beast leis an bhfeall anuas ar an bhfeall a rinneadh uirthi in imeacht scór bliain – tréimhse a ghéaraigh go mór ar a fulaingt anama agus chorpartha.

Ní hionann agus fiosrú a dhéanfadh an PSNI nó na Gardaí tar éis do bhean a rá leo gur éigníodh í, ní raibh smacht ag Máiría Cahill ar fhiosrúchán an IRA. Chuir comhaltaí na heagraíochta iachall uirthi dul chun cainte leo (‘we need to see you’) arís agus arís eile. Bhí uirthi aghaidh a thabhairt ar an bhfear a d’ionsaigh í in aghaidh a tola agus phléigh comhaltaí den eagraíocht an “fiosrúchán” a bhí ar bun acu lena tuismitheoirí, arís in aghaidh a tola.

Léiríonn Rough Beast cumhacht láidir áitiúil an IRA in iarthar Bhéal Feirste (cuimhnigh go raibh daoine ar cuireadh brathadóireacht ina leith fós á marú acu tar éis síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1999). Ní raibh aon dul as aici ach comhoibriú lena bhfiosrúchán.

Léiríonn an leabhar freisin an tslí inar thug an eagraíocht tosaíocht i gcónaí do leas agus do rúndacht an IRA. Tá mionchur síos tugtha ag Máiría Cahill ar an bhfaitíos a chuir an ‘fiosrúchán’ uirthi agus ar an dochar a rinne na hionsaithe agus an drochíde fhada a tugadh di ina dhiaidh ar a sláinte chorpartha agus mheabhrach – drochíde a thug uirthi dochar a dhéanamh di féin agus drugaí a thógáil chun imní agus ísle brí a cheansú.

Is é bun agus barr a gearáin in aghaidh Shinn Féin nach bhfuil Mary Lou McDonald ná lucht ceannais an pháirtí toilteanach a admháil go hiomlán gur inis sí an fhírinne, go raibh uirthi comhoibriú le ‘fiosrúchán’ an IRA, agus gur cheil na paraimíleataigh agus Sinn Féin an fhírinne.

Is dócha nach n-athróidh an leabhar atá scríofa ag Máiría Cahill an dearcadh atá ag mórán daoine atá ag beartú vótáil do Shinn Féin. Is leabhar tábhachtach é mar sin féin, mar léiriú ar thaobh amháin den chogadh suarach salach a bhí ar bun ar chaon taobh le linn na dTrioblóidí.

Tá fianaise láidir ann freisin faoin omerta a thugann ar chomhaltaí sinsearacha an pháirtí nasc ar bith leis an IRA a shéanadh. Mar atá scríofa aici sa leabhar faoi bhean a dúirt ‘we need to see you’ léi, nuair a bhí sí fostaithe ag Sinn Féin, bhí a fhios aici láithreach cé a bhí ag iarraidh labhairt léi.

Tá leabhar misniúil scríofa ag Máiría Cahill a thugann sárléargas ar smacht agus ansmacht an IRA ar a ceantar dúchais i mBéal Feirste le linn ré na dTrioblóidí. Tá go leor fianaise ann freisin faoi neamhthoil ghluaiseacht na poblachta aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne nach n-oireann dá leagan claonta den stair. 

Príomh-Eachtraí agus Dátaí

1997 Bhí Máiría Cahill sé bliana déag nuair a rinne comhalta den IRA éigniú agus mí-úsáid ghnéis uirthi arís agus arís eile ar feadh bliana i dteach a haintín in iarthar Bhéal Feirste.

1999 Dúirt bean ar inis sí a scéal di leis an IRA go raibh éigniú á chur i leith chomhalta den eagraíocht aici. Cuireadh iachall uirthi ceisteanna ó chomhaltaí den IRA a fhreagairt ag ‘fiosrúchán’ ar leanadh leis

2000 Chuir an lucht fiosraithe iachall uirthi suí sa seomra céanna leis an bhfear a bhí freagrach as na hionsaithe a thug íde béil di agus a cuid líomhaintí á séanadh aige.

2000-06 Phléigh sí a cás cúpla uair le huachtarán Shinn Féin Gerry Adams.

2010 Thug sí ráiteas don PSNI faoi na hionsaithe agus faoi fhiosrúchán an IRA.

2014 I gcúirt i mBéal Feirste, fuarthas an fear ar chuir sí éigniú ina leith agus triúr ar cuireadh rannpháirtíocht i bhfiosrúchán an IRA ina leith neamhchiontach nuair a tarraingíodh siar na cúisimh ina leith cheal fianaise.

2015 Dúradh i dtuairisc ar fhiosrúchán neamhspleách a raibh an t-abhcóide Keir Starmer i gceannas air go raibh láimhseáil an cháis an-lochtach. Ghabh Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí sa tuaisceart leithscéal léi.

2018 D’fhoilsigh Ombudsman na bPóilíní i dTuaisceart Éireann tuairisc a dúirt gur chlis an PSNI uirthi. Ghabh an Príomh-Chonstábla George Hamilton leithscéal léi thar ceann an fhórsa.

IARFHOCAL. Is iarbhall an scríbhneoir de bhord an Lárionaid Éigeandála Éignithe i mBaile Átha Cliath. Neartaigh an tréimhse sin a thuiscint ar an raon díobhála a dhéanann éigniú agus ar bhunghné de gach téarnamh ina dhiaidh: ní féidir agus ní cóir a rá le duine a éignítear cén t-achar a theastaíonn sula dtiocfaidh maolú ar thionchar an fhill.

Fág freagra ar 'Géarchuntas Máiría Cahill ar an bhfeall fuarchroíoch a rinneadh uirthi'

  • Carraig53@protonmail.com

    Scéal uafáis amach is amach. Tá súil agam go bhfaighid sí gach cabhair is cúnamh agus go dtiocfaidh sí chuici féin. Ní bhfaighidh SF aon vóta ná tacaíocht uaimse a thuilleadh, sin cinnte.