Géarchéim gan réiteach, agus moladh d’Uisce Éireann

Riachtanas: uisce glan, i ngach áit. Costas: €2.3bn, ar a laghad. Toil an phobail: 60 faoin gcéad. Tairngreacht: breis aighnis.

22/11/2014. Anti Water Charges Campaigns
Pictiúr: Photocall Ireland

 

Tá Uisce Éireann agus an Rialtas ag teannadh le tréimhse chinniúnach eile. Ní foláir do gach “custaiméir” uisce (focal gránna; féach ‘Moladh d’Uisce Éireann’, thíos) clárú leis an gcomhlacht faoi 3 Feabhra ar a dheireanaí. Níl ach seasca faoin gcéad, nó thart ar 800,000 úsáideoir cláraithe agus an colún seo á scríobh.

Mura dtagann ardú suntasach ar an gcéatadán atá toilteanach íoc as a soláthar uisce, beidh Uisce Éireann agus an rialtas i dtrioblóid. Ní mar gheall ar an bhfeachtas agóide in aghaidh táillí uisce, cé gur cúis imní fós é, ach mar gheall ar easpa airgid.

Cibé locht atá ar Uisce Éireann, agus ní tearc na lochtanna, is ar chúis shímplí amháin a cuireadh ar bun é – ionas go mbreathnófaí air mar chomhlacht príobháideach, agus ionas go mbreathnódh an Coimisiún Eorpach ar a iasachtaí mar iasachtaí príobháideacha. An fáth? Conradh Liospóin, ar vótálamar ina fhabhar sa dara reifreann ina thaobh a reáchtaladh i 2009.

Deir Uisce Éireann go dteastaonn caiteachas €2.3bn, ar a laghad idir seo agus 2021 chun soláthar uisce an stáit a ghlanadh, a dhínimhiú agus a fheabhsú. Níl tuairim agam, ná ag duine ar bith taobh amuigh den chomhlacht, an bhfuil an meastachán seo cruinn. Dá mbeadh míniú a thabhairt ar an ábhar go trédhearcach, bheadh an chuid seo den scéal soiléir faoin am seo. Faraor, d’uireasa na trédhearcachta sin, caithfear glacadh leis an meastachán mar bhunfhigiúr.

Anois, ní bheidh an rialtas reatha, ná an chéad rialtas eile, ábalta €2.3bn ná baol air a chaitheamh ar fheabhsú an chórais, fiú dá n-athrófaí an struchtúr lena cheadú. Ceartú: d’fhéadfaidís €2.3bn a chaitheamh ar uisce, gan dabht, ach chuirfí bac dá thoradh ar chaitheamh airgid ar riachtanais thábhachtacha eile.

Má dhiúltaíonn suas le ceathrar as gach deichniúr duine fásta sa tír íoc as a sholáthar uisce, teipfidh ar an straitéis iomlán. Rialóidh an Coimisiún ina choinne, ní bheidh Uisce Éireann ábalta airgead a fháil ar iasacht, agus ní bheidh an rialtas ábalta íoc as obair a theastaíonn go géar. Deis iontach don fhreasúra, más féidir leo í a thapú le malairt réitigh atá inchreidte.

Moladh d’Uisce Éireann.

Ceannaíonn ‘custaiméirí’ earraí mar is mian leo i siopaí nó ar líne. Ní hionann agus ‘custaméirí’, dar lenár bhformhór, sílim, duine a ólann uisce, a réitíonn béile le huisce, agus a níonn a lámha le huisce. Níl aon rogha againn ach uisce a úsáid, agus níl aon rogha againn ach íoc as.

Ní thugann na Coimisneirí Ioncaim ‘custaiméirí’ ar cháiníocóirí, dream eile nach bhfuil aon rogha acu ach airgead a íoc de réir mar a iarrtar é. Dá n-éireodh urlabhraithe Uisce Éireann as a bheith ag tabhairt “custaiméirí” orainn, b’fhéidir go maolófaí ar an gcantal agus ar ár míshásamh.

D’fhéadfaí ‘áitreabhóirí’, nó ‘úsáideoirí’, nó ‘íocóirí’ a thabhairt orainn. Ar a laghad, ní dhéanfadh malairt teidil aon dochar.

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

 

Fág freagra ar 'Géarchéim gan réiteach, agus moladh d’Uisce Éireann'