Gearán Uí Chuív diúltaithe ag an gCeann Comhairle

Níor ghlac an Ceann Comhairle Seán Barrett le gearán Éamoin Uí Chuív TD (FF) faoin bhfreagra a thug an tAire Oideachais Jan O’Sullivan ar cheist a chuir sé sa Dáil an mhí seo caite

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes

Tá sé tugtha le fios ag an gCeann Comhairle do Éamonn Ó Cuív nár aontaigh sé lena thuairim nár freagraíodh na ceisteanna a chuir an Teachta Dála ar an Aire Jan O’ Sullivan le déanaí faoi na hacmhainní oideachais atá á gcur le chéile do Chomóradh 1916.

“Having considered the matter, I have to inform you that I do not agree with your opinion and therefore cannot take any further action,” a dúirt Seán Barrett leis an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar.

D’fhiafraigh Ó Cuív den Aire i mí Feabhra cé acu an raibh nó nach raibh sé i gceist ag an Roinn Oideachais na hacmhainní oideachais atá á gcur le chéile do Chomóradh 1916 a chur ar fáil i nGaeilge.

“An mbeidh [na hacmhainní] iomlán dátheangach agus an méid chéanna sa chló agus an stíl chéanna sna leaganacha Gaeilge agus Béarla araon; an mbeidh leagan Gaeilge ar leith agus leagan Béarla ar leith ar fáil nó an mbeidh siad ar fáil le chéile; agus an mbainfidh an cur chuige céanna le tionscadail eile atá beartaithe do 2016?” a d’fhiafraigh sé di.

Dúirt an tAire O’Sullivan nach bhfuil clár gníomhaíochtaí curtha le chéile ag a Roinn do chomóradh 1916 agus go bhfógrófar sonraí an chláir iomláin i dtreo dheireadh na míosa seo.

Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie go ndéanfar iarracht na hacmhainní ar fad a chuirfear ar fáil do Chomóradh an Chéid a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla.

“Beidh an Roinn ag déanamh a díchill chun a chinntiú go mbeidh gach acmhainn a fhorbhróidh sí do Éire 2016 ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Fág freagra ar 'Gearán Uí Chuív diúltaithe ag an gCeann Comhairle'