GAILEARAÍ/FÍSEÁN: ‘Murdair Mhám Trasna’ – léargas drámatúil ar léiriú an fhadscannáin faisnéise

I dTeach na Cúirte i mBéal Átha na Muice, Co Mhaigh Eo, cuireadh clabhsúr ar scannánú na míreanna drámaíochta don fhadscannán faisnéise ‘Murdair Mhám Trasna’, scannán atá á dhéanamh ag ROSG Teo do TG4 faoi na dúnmharuithe uafásacha a tharla ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo in 1882. Pictiúir: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

An scannánú faoi lán seoil

 

An tArd-Aighne William Moore Johnson (Michael Judd) agus an brathadóir Tomás Ó Cathasaigh á cheistiú aige

 

 

Fir ghustalacha as Baile Átha Cliath, a bhí ina mbaill den ghiúiré, ag éisteacht leis an bhfianaise

 

An brathadóir Antoine Mac Philibín ( Eoin Mac Diarmada)

 

Sos ón scannánú sa chúirt

 

An stiúrthóir Colm Bairéad ag caint le húdar an leabhair ‘Éagóir’, Seán Ó Cuirreáin. Tá ‘Murdair Mhám Trasna’  bunaithe ar ‘Éagóir’ (Cois Life)

 

Aisteoirí ag ligean a scíthe

 

An léiritheoir Ciarán Ó Cofaigh, ROSG, i mbun oibre

 

Rannóg na gcultacha i mbun gnó

 

Duine de mhuintir an bhaile ag déanamh iontais den scannán

 

Smideadh agus gruaig na n-aisteoirí á réiteach don chéad radharc eile

 

Soiléiriú á thabhairt maidir leis an gcéad radharc eile

 

Patsy Seoighe (Peadar Mac Donncha) á cheistiú ag an Ard-Aighne

 

An chliar agus an criú a bhí ar an láthair do scannánú na radharc deiridh

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ/FÍSEÁN: ‘Murdair Mhám Trasna’ – léargas drámatúil ar léiriú an fhadscannáin faisnéise'