Ba mhór i gceist an traein as an gClochán go Gaillimh (1895-1935) le daoine agus eallach a thabhairt chun bealaigh as Conamara. Tá iarsmaí an stáisiúin traenach ar an Teach Dóite go fóill agus tá sé i gceist ciliméadar den iarnród a oscailt roimh dheireadh na bliana agus turas traenach a chur ar fáil do thurasóirí. Thug Seán Ó Mainnín cuairt ar an obair
An Teachta Dála Éamonn Ó Cuív, atá ag tacú leis an togra, agus Jim Deegan, stiúrthóir Railtours Ireland First Class, ar láthair an iarnróid go dtí An Clochán
Stáisiún an Mháma. Ba é a bhí roghnaithe don ‘The Quiet Man‘ i 1951 ach ó bhí sé tréigthe stáisiún Bhéal Átha Glúinín a bhí sa scannán cáiliúil.
Ar dheis an t-iarnród leathan a d’úsáidtí fadó, agus ar chlé an ceann trí troithe a úsáidfidh an traein nua
An bóthar iarainn isteach go Stáisiún an Tí Dhóite
An carr a d’iompraíodh oibrithe agus amhábhar
An t-iarnród nua trí troithe á thógáil le ráillí ó Bhord na Móna
Na ráillí á n-aistriú
Beidh ciliméadar ráillí le leagan sula dtiocfaidh aon traein an bealach
Jim Deegan agus a chomhoibrithe – oibrithe lánaimseartha agus deonacha. Ní dhiúltaítear aon chúnamh!
Ardán na bpaisinéirí go Gaillimh
Sléibhte Leac Aimhréidh, ar dheis agus An Chorcóg, ar chlé
Túr agus dabhach mór an uisce.Deireadh an bhóthair go dtí an Clochán
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Des O Murchu
Ta obair athogail iarnroid traenach ar bun ag Cabhan Liatrom ag Dromaid chomh maith etc