Fuair os cionn 60,000 dalta torthaí an Teastais Shóisearaigh ar fud na tíre inniu, ina measc daltaí Choláiste Cholmcille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Dé Céadaoin, Meán Fómhair 13 2017 ag 8:39 pm
An trírín Clíona, Niamh agus Róísín Ní Dhúgáin, Na hAille, Indreabhán, tar éis dóibh a dtorthaí a fháil ag Coláiste Cholmcille, Indreabhán
Aoibh an gháire agus na sástachta ar Ghráinne Ní Ghaoithín, Tulach, agus í ag breathnú ar a cuid torthaí
Comhghairdeachas! Anna Nic Lochlainn lena múinteoir Béarla, Marita Ní Choisdealbha
Séamus de Búrca, Na Mine, agus a thorthaí á scrúdú aige
James Ó Ráinne, Leitir Calaidh, sásta lena chuid torthaí agus Séamus Ó Gallachóír, An Teach Mór, á mholadh
Fan go bhfeice mé!
Príomhoide Choláiste Cholmcille, Peadar Ó Sé ag tabhairt a chuid torthaí do Killian Smyth
Scoláirí an tríú bliain as Coláiste Cholmcille ag ceiliúradh torthaí an Teastais Shóisearaigh lena Leas-Phríomoide Pádraic Ó Lochlainn
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Trírín i measc na ndaltaí ag ceiliúradh thorthaí an Teastais Shóisearaigh i gColáiste Cholmcille in Indreabhán'