Bhronn Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh scoláireachtaí Gaeilge ar thart ar scór mac léinn as Ceanada ag searmanas in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara an tseachtain seo. Bronnadh dámhachtainí chomh maith ar theagascoirí Éireannacha chun an Ghaeilge a mhúineadh i gCeanada. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Mic léinn as ollscoileanna i gCeanada ar bhronn an tAire Joe McHugh scoláireachtaí Gaeilge orthu. Sa phictiúr chomh maith tá James Kelly, Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (FOEC) agus Treasa Uí Lorcáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Bunaitheoir Fhondúireacht Éireann Cheanada an tOllamh John J Kelly agus Treasa Uí Lorcáin, riarthóir an Acadaimh, ag bualadh leis an Aire Stáit Joe McHugh
Treasa Uí Lorcáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ag cur fáilte roimh chách
James Kelly, príomhfheidhmeannach Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada ag labhairt
Mic léinn ó Cheanada ag éisteacht
Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh
Becky Mullen, Ollscoil Oileán Prionsa Edward
Garrett Ryan, Ollscoil Ottawa
Christine Campbell, Ollscoil St Thomas
Chelsea Lacasse-Gobeille, Ollscoil Concordia
Kieran Walker, Ollscoil Naomh Mhuire, Halifax
Shannon Blacher, ar chlé, Ollscoil Toronto agus Haleigh Conway, Ollscoil Ottawa, lena scoláireachtaí
Triúr teagascóirí as Éirinn a bheidh ag múineadh teanga agus cultúr na Gaeilge in ollscoileanna Cheanada an bhliain seo chugainn. Ó chlé, Dean Farrell, Síle Concannon agus Rebecca Hayes
Rebecca Hayes, Loch Garman, lena tuismitheoirí Anne and Joe Hayes
Síle Concannon lena hathair, Ger, ar chlé agus Pádraig de Bhaldraithe, cathaoirleach an Bhoird Roghnúcháin
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Teastais sa Ghaeilge bronnta ar mhic léinn as Ceanada ar an gCeathrú Rua'