Is é Iarbhainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Gearóid Ó Brosnacháin, a chuir taispeántas bliantúil, Féile Ealaíne na Cásca i láthair slua breá, tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite, i halla scóipiúil geal sa Lárionad agus é lán de scoth an tsaothair le healaíontóirí na dúiche.
Mhínigh Gearóid Brosnacháin gur thosnaigh an taispeántas i Scoil Dhún Chaoin i 1973, gur thug sé tamall in dTigh Shiamsa ar an gCarraig agus tamall maith de bhlianta ar an Máimín agus go bhfuil sé ag dul ó neart go neart i gcónaí.
Measadh gur athrú mór chun feabhais ba ea beartas Oidhreacht Chorca Dhuibhne, anuraidh, an taispeántas bliantúil a aistriú ón tseanmhonarcha ar an Máimín, lastuas den mBuailtín go dtí an LarIonad Gaeilge agus Gaeltachta nua, laistiar den mBuailtín.
Go deimhin, táthar ar tí ainm an lárionaid seo a aistriú go hÁrus Bhréanainn, nó a leithéid, de réir mar atá ráite linn.
Tháinig bús agus borradh ceart leis an taispeántas nuair a thóg Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar lámha é agus mhínigh fear a’ tí, Pádraig Firtéar go bhfuil breis is 160 saothar ealaíne, idir phéintéireacht, ghloine agus chriadóireacht, i dtaispeántas na bliana seo agus 90 ealaíontóir rannpháirteach ann – ina measc an t-ealaíontóir iomráiteach, Maria Simonds-Gooding, a bhfuil cónaí uirthi le blianta fada i nDún Chaoin agus atá ina ball den Aosdána.
Bhí saothair léi siúd i ngach taispeántas ó 1973 i leith. Ar ndóigh, tá saothair leis na healaíontóirí Tomáisín Ó Cíobháin, ón nGráig agus Liam Ó Néill, ó Chathair Scoilbín, i dtaispeántas na bliana seo, mar a bhí le blianta fada.
Beidh an taispeántas taibhseach seo ar bun go dtí am lóin an Aoine seo chugainn.