Tháinig pobal Chois Fharraige go dtí Óstán Chois Fharraige sna Forbacha do sheoladh an tsuímh idirlín nua, www.taiscecf.ie. Cnuasach eolais é seo a bhailigh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige faoi fhonnadóirí, ceoltóirí, damhsóirí, scéalaithe agus scríbhneoirí an cheantair. Rinneadh an ócáid a cheiliúradh le ceolchoirm bhreá bhríomhar. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Dé Sathairn, Nollaig 24 2022 ag 5:10 am
Saibhreas ceoil agus cultúir Chois Fharraige le fonnadóirí, ceoltóirí, damhsóirí, scéalaithe agus scríbhneoirí an cheantair
Na sluaite ag an seoladh agus an cheolchoirm
Neirbhíseach? Ceoltóirí óga ag fanacht leis an nglaoch chun stáitse
Labhaoise Ní Bhéarra agus Domhnall Ó Braonáin, bean agus fear an tí. Scríobh Labhaoise alt faoina huncail, Feargal Ó Béarra agus scríobh Domhnall alt faoina dhaideo, Máirtín Pheaits Ó Cualáin
Glúin óg ceoltóirí
Cláirseoirí agus boscadóirí
Damhnait Ní Fhátharta
Ceol agus craic
Draoi na feadóige, Mary Bergin
Lucht na feadóige a theagasc Mary Bergin
Charlie Lennon ag tionlacan na gceoltóirí
Lógó Taiscecf.ie á thaispeáint
Dónall Ó Braonáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus suíomh taiscecf.ie á sheoladh aige
Daoine aitheanta Chois Fharraige ar shuíomh nua taiscecf.ie
Cór na nÓg Chois Fharraige
Bairbre Nic Con Iomaire, Máirín Uí Eidhin, Fionnuala Ní Eidhin agus Máirín Uí Neachtain
Ceoltóirí Chois Fharraige ar an stáitse: Brian Mac Donncha, Síle Denvir, Luisne Ní Neachtain, Neansaí Ní Choisdealbha, Nóirín Ní Ghrádaigh, Johnny Óg Connolly, Éilís Lennon, Seán Lennon, Becky Ní Éallaithe, Traolach Ó Conghaile, Erin Nic Eoghain, Mary Bergin, Fearghas Mac Lochlainn, Micheál Darby, Bridge Barker, Aisling Ní Neachtain, Toner Quinn agus Ruairí Mac Con Iomaire
Cormac, Ferdia, Séaghan agus Domhnall Ó Braonáin, in éineacht lena dtuismitheoirí, Greg Ó Braonáin agus Caitlín Ní Chualáin. Tá alt faoi Chaitlín ar an suíomh ag Sibéal Bhreathnach
An t-amhránaí Máire Pheitir Uí Dhroighneáin agus Siobhán Ní Mhárta. Scríobh iníon Shiobháin, Louise Seoighe alt faoi Mháire
Baba Uí Loingsigh agus a nia, an t-amhránaí, Pádraic Seoighe as Ros an Mhíl. Scríobh gariníon Bhaba, Abbie Ní Chadhain, alt faoi Phádraic
Frankie Mac Aodha in éineacht lena mháthair, Niamh Nic Cárthaigh le Dearbhail agus Dónal Standún. Scríobh Frankie ailt faoi Dhearbhail, Dónal agus a máthair, May Standún
Johnny Óg Connolly in éineacht le Ella agus Fiach Mac Domhnaill, beirt a scríobh alt faoi Johnny.
Ann Marie agus Colm Jimmy Ó Curraoin in éineacht lena gclann Jimmy agus Emma a scríobh alt faoina nDeaide
Ríona Howlin agus Gearóid Ó Murchú. Scríobh Ríona alt faoi Ghearóid
Máire, Síle agus Gearóid Denvir. Thaistil Síle anuas as Baile Átha Cliath don ócáid. Tá ailt faoi Shíle agus Gearóid sa chnuasach
Meaití Jó Shéamuis in éineacht le muintir Mhic Lochlainn, Anna, Fearghas agus Bríd. Scríobh Anna alt faoi Fhearghas
Éabha Ní Chonghaile in éineacht leis an amhránaí, Síle Tim Ní Fhlaithearta agus a hathair, Traolach Ó Conghaile. Scríobh Éabha alt faoi Shíle
Ger Uí Mhurchú in éineacht lena hochtar clainne: Aoibhínn, Caoimhe, Caoilfhionn, Cormac, Dylan, Fionn, Fiachra agus Cuán. Scríobh muintir Uí Mhurchú alt faoin gceoltóir Steve Sweeney
Aoibhínn Ní Neachtain in éineacht lena máthair Éilís Lennon agus a Daideo, Charlie Lennon. Scríobh Aoibhínn alt faoi Charlie
Dearbhail, Neasa agus Éadaoin Nic Dhonncha in éineacht lena n-athair Brian agus a n-aintín, Niamh. Scríobh na cailíní alt faoina nDeaideo, Antoine Pheaitín Terry as Ros an Mhíl
Donncha agus Ruadhán Ó Flatharta in éineacht lena dtuismitheoirí Marianne Ní Chinnéide agus Beartla Ó Flatharta
Domhnall Ó Braonáin, duine de láithreoirí na hoíche agus buaiteoir shean-nós na bhfear ag an Oireachtas, in éineacht le Dónall Ó Braonáin, ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Odí Ní Chéilleachair, a spreag Taisce Chois Fharraige, lena teaghlach, Damhnait, Déithín agus Micheál Darby
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Taisce luachmhar faoi cheoltóirí is ealaíontóirí Chois Fharraige seolta'