GAILEARAÍ: ‘Tá sméara is sú craobh ann is meas ar gach sórt’ – Féile na bPuiteachaí ar Inis Meáin

Bhí flúirse imeachtaí ag Féile na bPuiteachaí in Inis Meáin - comórtais filíochta, ceardlanna ealaíon, piocadh sméara dubha, déanamh suibhe agus deochanna. Ceolchoirm leis an gcláirseoir Úna Ní Fhlannagáin a chuir críoch cheolmhar leis an bhféile. Pictiúír: Seán Ó Mainnín

Aedín Ní Thiarnaigh, láithreoir na sraithe teilifíse ‘Faoi Bhláth’ agus iúr sléibhe aici. Thug Aedín ceardlann luibheolaíochta  ar Inis Meáin ag Féile na bPuiteachaí.

 

Na sméara dubha nó na puiteachaí mar is fearr aithne orthu ar Inis Meáin

 

Fearghas Mac Lochlainn, a fuair an chéad áit sa chomórtas filíochta, in éineacht le Aonghus Ó Curraoin (buaiteoir na naíonán) agus Michelle Ní Fhátharta (buaiteoir rang 3-6)

 

Antoine Ó Fátharta, rang 3, lena dhán féin

 

Aedín Ní Thiarnaigh agus a comhluadar réidh le ghabháil ag piocadh puiteachaí

 

Díocas ar na páistí ag piocadh na sméar

 

Tús maith! Ciara Ní Bheaglaoich, Baile Átha Cliath; Emmeline Ní Mháille, Contae na Mí, agus Deirdre Ní Mhuirthile, Sligeach ag piocadh puiteachaí

 

Is fánach an áit a bhfaighfeá torthaí!

 

Aedín agus a rang sásta leis an obair agus leis an gceardlann

 

Orlaith Breathnach ag taispeáint cad is féidir a phéinteáil le puiteachaí

 

An comórtas ealaíne faoi lánseol

 

Na healaíontóirí ag fanacht go dtriomóidh a saothar

 

Is féidir d’aghaidh a phéinteáil le puiteachaí chomh maith

 

Iontach agus Oíche Shamhna ag teacht! Maitiú Mac Donnacha

 

Amy Ní Bhraonáin, Amy Ní Chléirigh agus Saoirse Ní Chochláin, Coláiste Naomh Eoin,  lena n-ealaín aghaidhe 

 

Éanna Ó Fátharta

 

Is maith liom puiteachaí! Ruadhán Ó Donnaile (1) agus a mháthair Caitríona. Pic: Seán Ó Mainnín

 

Aonghus Ó Curraoin

 

Ailbhe de Blácam

 

‘Sin mo shaothar ealaíne féin’. Lucas Ó Curraoin

 

Subh á déanamh as puiteachaí

 

As Pensacola, Florida, a tháinig Mei Davis agus as Sasana a tháinig Gay Laycock, le subh puiteachaí a dhéanamh

 

Níl a sárú le fáil. Juda Uí Loingsigh agus an subh te bruite ar a cuid aráin aici

 

Subh na rannpháirtithe

 

Moltóir na gcácaí sa chomórtas bácála Meadhbh Ní Dhomhnaill, ar dheis, agus an chéad duais á bronnadh aici ar Karen Dunne

 

Pavlova puiteachaí le Karen Dunne: Buaiteoir an chomórtais bácála

 

An-mholadh á fháil ag Karen Dunne agus a pavlova puiteachaí

 

An chuid is fearr den fhéile. Cácaí an chomórtais á roinnt agus á bplacadh!

 

Is breá blasta an greim é an pavlova puiteachaí!

 

Cillín Ó Fhátharta ag cur suim sna cácaí

 

Pádraig Ó Fátharta agus ceardlann faoi dheochanna a dhéanamh as puiteachaí ar siúl aige

 

Lucht na ceardlainne an-sásta lena saothar

 

Úna Ní Fhlannagáin ag cur fáilte roimh an slua chuig a ceolchoirm

 

Grianghraf iontach d’Úna agus í ag seinm ar an stáitse. Ailbhe de Blácam [insuite] a thóg an pictiúr
An píobaire, Brian Leach

 

Ceol binn na cláirsí agus na píbe, sárchlabhsúr na Féile

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Tá sméara is sú craobh ann is meas ar gach sórt’ – Féile na bPuiteachaí ar Inis Meáin'