GAILEARAÍ: ‘Tá ré órga againn maidir le hiriseoireacht na Gaeilge agus CLG’ – seimineár faoin teanga i bPáirc an Chrócaigh

Bhí slua breá i láthair i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite do sheimineár faoin nGaeilge agus CLG. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Pádhraic Ó Ciardha in aice le Seán Bán Breathnach, RTÉ Raidió na Gaeltachta, an cathaoirleach

 

Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail ag labhairt ag an seimineár

 

Gráinne McElwain a bhí ina cathaoirleach ar sheisiúin na maidine

 

Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a thug léacht dar teideal ‘Conradh na Gaeilge agus an CLG – Ar Scáth a Chéile’

 

Paul Rouse, an staraí ó UCD, a labhair faoi ‘Scéal na hiomána tríd an lionsa’

 

An chéad phictiúr riamh den iomáint

 

Pádhraic Ó Ciardha, TG4 a labhair faoi ‘Iriseoireacht na Gaeilge agus CLG’ agus a mhaígh go bhfuil ré órga ann ó thaobh CLG sna meáin Ghaeilge

 

Mártan Ó Ciardha. Cathaoirleach Choiste na Gaeilge CLG, Mártan Ó Ciardha, a d’eagraigh an seimineár, agus é ina sheasamh in aice le fógra d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha

 

Micheál Ó Sé, craoltóir, a labhair faoi ‘Gaeilgheoirí Chiarraí agus an pheil”

 

Réalta iománaíochta na Gaillimhe Joe Connolly faoi agallamh ag Seán Bán Breathnach. Faoi agallamh chomh maith tá, ó chlé, Daithí de Buitléar, Na Gaeil Óga; Ríona Ní Bhuachalla, iarchaptaen fhoireann chamógaíochta Chorcaí; Aoife Ní Chasaide, captaen Shleacht Néill agus Dara Ó Cinnéide, craoltóir agus iarchaptaen Chiarraí

 

Dara Ó Cinnéide ag tabhairt léargas ar an óráid a thug sé nuair a bhuaigh Ciarraí craobh na hÉireann in 2004

 

Joe Connolly na Gaillimhe ag éisteacht le Ríona Ní Bhuachalla, a bhfuil 18 craobh na hÉireann buaite aici

 

Aoife Ní Chasaide, Sleacht Néill, Doire, ag caint faoi thábhacht na Gaeilge dá club is dá ceantar

 

An craoltóir cáiliúil Micheál Ó Muircheartaigh faoi agallamh ag Mártan Ó Ciardha

 

Cuisle Wilson, Naomh Gall, agus Paula Melvin, Tánaiste Chonradh na Gaeilge a d’fhreastail ar an ócáid

 

Stiofán Seoighe, Gaeil na Gaillimhe, agus Ciarán Ó Meachair, Na Gaeil Óga.

 

Lucht na peile as Ciarraí thiar. Ar chúl ó chlé: Eoghan Ó Muircheartaigh, Tomás Ó hAiniféin, Micheál Ó Muircheartaigh, Derry Ó Murchú, Criostóir Ó Cillín, Aoife Ní Mhuircheartaigh agus Dara Ó Cinnéide. Chun tosaigh tá Tarlach agus Ruairí Ó hAiniféin

 

Beirt ar bhain a n-óráidí Gaeilge cáil amach, Joe Connolly agus Dara Ó Cinnéide

 

Seán Ó Conchúir agus Ciarán Mac Uidhir, Cumann Bhaile Buadáin Naomh Éanna, BÁC, agus Tadhg Ó Conchubhair, Cumann Naomh Oilibhéar Pluincéad Eoghan Rua, BÁC

 

An t-iriseoir agus craoltóir teilifíse Bibi Baskin le Diarmaid Breathnach, Coiste Chontae Chorcaí

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Tá ré órga againn maidir le hiriseoireacht na Gaeilge agus CLG’ – seimineár faoin teanga i bPáirc an Chrócaigh'

  • Mánus

    Tá léithéid Na Gaeil Óga ag cothú pobal Ghaeilge in Áth Cliath. Tá tithíocht ag teastáil ó na daoine óga seo. Tá gréasáin de chuile cineál ag an GAA. Bheadh sé an-dearafah go deo na gréasáin sin a chur ag obair lc chéile chun cúpla eastát lánGhaeilge a thógáil. Caithfidh go bhfuil tógálaithe, ailtirí, comhairleoirí pleanála, baill de comharchumainn tithíochta, draíodóirí airgid srl sa GAA a bheadh báiúil don smaoineamh eastát lánGhaeilge a bhunú. Tá an cur chuige profisiúnta praiticiúil ag an GAA chun togra mar sin a chur i gcrích. Go dtí go bhfuil go bhfuil cúpla ceantair Gaeltachta i gcúpla baile mór sa tír ní bheidh an Ghaeilge pioc slán. In ainneoin iarrachtaí Joe Mac Donnacha agus an teideal “Gaelic”a bheith ag an GAA is beag fócas praiticiúil fadtéarmach ar an nGaeilge a bhí ag an eagraaícht go dtí seo. Ní leor Scór chun an teanga a chur chun chinn ar bhonn fadtéarmach.

  • Bart

    Síthléig agus faillí is mó a bhaineann le CLG ó thaobh na teanga. Bíonn lagiarracht ann ag cluichí an cúpla focal a rá os ard. Smaoineamh iontach é sin thuas ag Mánus. Bheinn féin lántsásta dul chun cónaithe in áit mar sin. Agus mo chlann a thógaint le Gaeilge ar scáth Ghaeilgeoirí eile.