Aodán Ó Ceallaigh i mbun amhrán ar an sean-nós i gcomórtas na bhfear. Aodán a bhuaigh an comórtas sin.
Ciara Nic Dhonnchadha agus Barra Ó Siochrú fógartha mar bhuaiteoirí Chomórtas Díospóireachta Gael Linn do na coláistí tríú leibhéal
Snas deiridh á chur ar Chorn Uí Riada roimh thús an chomórtais
Pádraig Ó Mianáin, eagarthóir focloir.ie ag caint faoi úsáid an fhoclóra sin agus teanglann.ie
Ciarán Ó Gealbháin as na Déise a fuair an tríú háit le Máire Ní Choilm agus Corn Uí Riada crochta léi aici
Muintir na Rinne abú!
Lucht tacaíochta agus gaolta Mháire Ní Choilm ag ceiliúradh a bua i gComórtas Chorn Uí Riada
An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh ag caint faoi thábhacht Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta uirthi
Gradam speisialta á bhronnadh ar an údar Criostóir Ó Floinn ag Uachtarán an Oireachtais, Micheál Mac Aogáin. Sa phictiúr chomh maith tá Ciarán Ó Coigligh agus Gearóid Denvir
Máirín Nic Dhonnchadha, leas-stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge a chuir na Gradaim Chumarsáide i láthair
Spraoi is ceiliúradh! Tomás Ó Mainnín, Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin agus Doireann Ní Ghlacáin
Ag cur barr feabhais ar an ardán roimh thús chomórtas STEIP
Ruadhán Ó Flatharta as an Trá Bháin i gConamara ag rith ar stáitse agus comórtas damhsa ar an sean-nós Steip buaite aige
Col ceathracha ag an Oireachtas. Ó chlé: Domhnall Ó Gealbháin, Ruadhán Ó hAilín (9), Déithín (8) agus Eilí (5) Ní Ghealbháin; Nóinín Ní Ailín (5), Aoibheann Ní Ghealbháin (3) agus Seán Ó Gealbháin (bliain go leith)
Is fánach an áit a ndéanfá néal!
Tús maith! Laisreán Mac Ludhaidh in ucht a máthar, Seáinín
Áine Ní Bhreisleáin agus Eoghan Ó Loideáin ar an gclár ‘Bladhaire’ RTÉ Raidió na Gaeltachta
Conall Ó hIarnáin, Inis Mór, Árainn ag an gComórtas Aithriseoireachta don aoisghrúpa 4-6
Comhghairdeachas! Caitríona Ní Cheannabháin agus Joe Ó Dónall ag na Lúibíní
Údar gáire ag na Lúibíní ó Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill
Micheál Mac Donnchadha lena bhuaic-ghradam cumarsáide as a shaothar craoltóireachta spóirt
Róísín Elsafty agus Gráinne Ní Fhátharta, a tháinig sa dara áit ag tréaslú a chéile
Hannah Nic Pháidín, An Bun Beag, Leitir Ceanainn agus comórtas amhránaíochta ar an sean-nós faoi 15 buaite aici
Laoise Ní Neachtain, An Spidéal a bhuaigh an comórtas aithriseoireachta don aoisghrúpa 4-6 leis an moltóir Éamon Ó Donnchadha
Art Hughes ag seoladh TG4 don chlár ‘Toraigh: Creag Bheag i lár na Farraige’
An chéad damhsóir ar an ardán ag STEIP: Shóna Ní Bhródaigh, Cill Fhionnúrach, Co an Chláir
Na páistí a ghlac páirt sa chomórtas aithriseoireachta d’iomaitheoirí 4-6 bliaina lena dteastais
Liam Ó Ceallaigh, Inis Meáin sa chomórtas amhránaíochta
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Críostóir
Muintir na Rinne abú? Is mó de mhuintir an tSeanphobal a bhí sa phictiúir céanna.
An tSúil Ghlas
Sraith iontach íomhánna – féarplé don Mhainníneach, níor chaill sé riamh é!
Niall na Naoi bPiontaí
Táimse an-sona ar fad Críostóir ó Floinn a fheiceáil anseo… ach nach duine an-dáiríre é! Níl sé go dona 7 an aois atá aige, áfach :-)